Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Ardteistiméireacht 2025: Tionscadal Taighde Eacnamaíochta

Topaic Thaighde 1

Tá ar na hiarrthóirí líne phearsanta fiosrúcháin a leanúint agus plé agus measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag athruithe pá i ngnóthas beag/meánmhéide (SME) amháin nó ar earnáil na SMEnna i ngeilleagar na hÉireann faoin dá cheannteideal seo a leanas:

  • Athruithe pá faoi thionchar an mhargaidh san earnáil seo NÓ athruithe pá faoi thionchar an rialtais san earnáil seo
  • Éagrothomaíochtaí pá san earnáil seo

Topaic Thaighde 2

Tá ar na hiarrthóirí líne phearsanta fiosrúcháin a leanúint agus plé agus measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag athruithe pá i ngnóthas beag/meánmhéide (SME) amháin nó ar earnáil na SMEnna i do gheilleagar áitiúil faoin dá cheannteideal seo a leanas:

  • Athruithe pá faoi thionchar an mhargaidh san earnáil seo NÓ athruithe pá faoi thionchar an rialtais san earnáil seo
  • Éagrothomaíochtaí pá san earnáil seo

Tá liosta d’acmhainní na Príomh-Oifige Staidrimh a bhaineann le hachoimrí tionscadail foilsithe anseo.

 

  • Tugtar breac-chuntas ar mheastacháin fostaíochta sa Suirbhé ar an Lucht Saothair (SLS) ar bhonn ráithiúil. Suirbhé leanúnach náisiúnta de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh ar líonta tí in Éirinn is ea an SLS, a ceapadh go príomha chun meastacháin ráithiúla ar an bhfórsa saothair a chur ar fáil lena n-áirítear na tomhais oifigiúla fostaíochta agus dífhostaíochta sa stát de réir choincheapa agus shainmhínithe na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair. Táthar ag súil go bhfoilseofar na torthaí do Ráithe 3 (R3) 2024 den SFS an 20 Samhain 2024.
  • Is í an eisiúint Tuillimh agus Costais Saothair (TCS) an fhoinse oifigiúil staidrimh ghearrthéarmaigh maidir le pá agus costais saothair. Tá sí bunaithe ar fhaisnéis a bhailítear faoin Suirbhé ar Thuillimh, Uaireanta agus Costais Fostaíochta (EHECS). Comhlíonann an suirbhé na ceanglais maidir le staidreamh ar thuilleamh agus ar chostais saothair a leagtar amach i Rialachán (CE) 530/1999 ón gComhairle.  Foilsítear eisiúint TCS gach ráithe.  Foilsítear na torthaí don ráithe is déanaí mar “Réamh-mheastacháin” ar dtús agus déantar iad a athbhreithniú agus a fhoilsiú arís mar thorthaí ‘Críochnúla’ nuair a fhoilsítear an chéad eisiúint ráithiúil eile trí mhí ina dhiaidh sin.   Meastar go bhfoilseofar réamh-mheastacháin le haghaidh R3 2024, mar aon leis na meastacháin deiridh le haghaidh R2 2024, an 26 Samhain 2024.
  •  Tá meastacháin san eisiúint TCS i ndáil le tuilleamh agus costais saothair de réir na hearnála eacnamaíche NACE, stádas na hearnála Poiblí/Príobháidí, agus de réir mhéid an fhiontair de réir fostaithe, chomh maith le meastacháin i ndáil le folúntais. Níl aon mheastacháin ag TCS maidir le saintréithe fostaithe. Tá táblaí sonraí oscailte na Príomh-Oifige Staidrimh (táblaí PxStat), atá ar fáil ar data.cso.ie, a bhaineann leis an eisiúint, ar fáil ar bhonn ráithiúil agus bliantúil. Is iad na sonraí a bhailíonn EHECS is bonn le hInnéacs na gCostas Saothair, lena soláthraítear sonraí inchomparáide maidir le costais saothair de réir tíre.

  • Is foinse riaracháin de mheastacháin tuillimh is ea Anailís Tuillimh ag úsáid Foinsí Sonraí Riaracháin (EAADS). Is ionann sonraí riaracháin agus sonraí a bhailíonn comhlachtaí na Státseirbhíse agus na Seirbhíse Poiblí chun staidrimh oifigiúla a sholáthar.  Tá meastacháin ar thuillimh bhliantúla agus sheachtainiúla le haghaidh roinnt athróg in EAADS, lena n-áirítear inscne, aoisghrúpa, réigiún cónaithe, earnáil eacnamaíoch, agus méid gnólachta.  Tá na cineálacha post atá san áireamh i ngach earnáil eacnamaíoch mionsonraithe sna haicmiúcháin eacnamaíocha (NACE Rev2) arna bhfoilsiú ag EuroStat. Is tuillimh ainmniúla iad na meastacháin a chuirtear i láthair in EAADS agus ní dhéantar iad a choigeartú don bhoilsciú. Tabhair faoi deara nach dtugann na meastacháin tuillimh a chuirtear i láthair in EAADS cuntas ar uaireanta a oibríodh, ná cibé an fhostaíocht lánaimseartha nó pháirtaimseartha a bhí i gceist. Is féidir faisnéis maidir le huaireanta an chloig a oibríodh a fháil sa Suirbhé ar an Lucht Saothair.
  • Is éard atá sa Bhearna Phá idir na hInscní an meastachán oifigiúil a thagraíonn don difríocht sa mheánphá in aghaidh na huaire idir fir agus mná. Ríomhtar Bearna Phá idir na hInscní de réir an tsainmhínithe seo a leanas:   Bearna Phá idir na hInscní = [(meán-olltuilleamh fostaithe íoctha fir in aghaidh na huaire - meán-olltuilleamh fostaithe íoctha mná in aghaidh na huaire) / meán-olltuilleamh fostaithe íoctha fir in aghaidh na huaire] arna chur i láthair in %.
  • Tá na meastacháin ar an bPá Íosta Náisiúnta bunaithe ar cheisteanna féinmheasúnaithe sa SLS. Fiafraítear de fhreagróirí an raibh a n-olltuilleamh agus a liúntais os cionn, ag nó faoi bhun an Pá Íosta Náisiúnta.  Tabhair faoi deara go bhfuil na staitisticí a fhoilsítear ar an bPá Íosta Náisiúnta bunaithe ar mheastacháin daonra nach bhfuil nuashonraithe i ndiaidh Dhaonáireamh 2022, féach Nótaí Cúlra an SLS.  Tabharfar meastacháin SLS ar Phá Íosta Náisiúnta cothrom le dáta sna laethanta amach romhainn.
  • Is féidir teacht ar fhaisnéis faoi Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (SMEanna) san fhoilseachán Gnó in Éirinn: Torthaí Mionsonraithe. Áirítear leis sin sciar céatadáin na fostaíochta, an láimhdeachais agus príomhathróga eile atá comhdhéanta de SMEanna. Baineann an eisiúint is déanaí leis an mbliain 2021 agus tá na sonraí le haghaidh 2022 le foilsiú i mí na Samhna 2024.

Is féidir tuilleadh sonraí, lena n-áirítear foinsí sonraí agus modheolaíocht, a fháil sna Nótaí Cúlra a bhíonn le gach eisiúint.

Stórtha Sonraí

Is féidir teacht ar táblaí PxStat sa chaibidil sonraí de gach eisiúint nó ar an ardán Oscailte PxStat táblaí i mBéarla. Beidh táblaí i nGaeilge ar fáil go luath.

 

Liosta d’Acmhainní Tionscadail de réir téama

Chun liosta coimrithe de na hacmhainní ar fad de réir téama tionscadail a fháil, féach ar an tábla thíos.

Acmhainní ón CSO
GnéitheNaisc
Margadh Saothair Suirbhé ar an Lucht Saothair
Staitisticí Folúntais
Íosphá Náisiúnta
Tuilleamh agus Costais Saothair Tuillimh agus Costais Saothair
Innéacs na gCostas Saothair
Anailís Tuillimh ag úsáid Foinsí Sonraí Riaracháin
Struchtúr Tuillimh
Bearna Phá idir na hInscní
Dáileadh Tuillimh de réir Inscne agus Contae
Uaireanta Suirbhé ar an Lucht Saothair
Tuillimh agus Costais Saothair
FBManna Gnó in Éirinn: Torthaí Mionsonraithe
 

Acmhainní Breise a d’fheadfadh a bheith ábhartha: