Skip navigation

23 Meitheamh 2022

Réamhthorthaí an Daonáirimh 2022

An daonra is airde in Éirinn léirithe ag an Daonáireamh ón mbliain 1841
  • Daonra 5.1 milliún ar 03 Aibreán 2022 – méadú 7.6% ar an mbliain 2016
  • Mhéadaigh an daonra i ngach contae ón mbliain 2016 i leith
  • Tháinig an méadú céatadáin ba mhó ar Longfort (+14.1%), agus ar Mhí ina dhiaidh sin (+12.9%)
  • Sa sé bhliain idir Daonáireamh 2016 agus Daonáireamh 2022, bhí glanmhéid an imirce isteach os cionn 190,000 duine
  • Mhéadaígh stoc na tithíochta suas go dtí 2.1m (+6%)
  • Laghdaigh líon na n-áitreabh folamh (gan tithe saoire san áireamh) síos go dtí 166,752 (-9%)

Breathnaigh ar an eisiúint: Réamhthorthaí an Daonáirimh 2022 [en]

D’eisigh an Phríomh-Oifig Staidrimh (POS) inniu (an 23 Meitheamh 2022) Réamhthorthaí an Daonáirimh 2022.

Tá na réamhthorthaí seo, arna bhfoilsiú 12 sheachtain tar éis Oíche an Daonáirimh (Dé Domhnaigh, an 03 Aibreán 2022), bunaithe ar an gcomhaireamh tosaigh ó níos mó ná 5,000 limistéar an áirimh.

Daonra

Agus trácht á dhéanamh aige ar an ráiteas, dúirt Cormac Halpin, Staitisteoir Sinsearach i Rannóg an Daonáirimh: “Léiríonn na Réamhthorthaí daonra 5,123,536 ar oíche an Daonáirimh. Is méadú 7.6% é seo ón mbliain 2016. Sé an daonra is airde a taifeadadh i ndaonáireamh ón mbliain 1841 chomh maith.

Taifeadadh 2,593,600 baininneach agus 2,529,936 fireannach, sin méadú 7.7% agus 7.5% sin faoi seach. B'iad an méadú 361,671 nádurtha (breitheanna lúide básanna) agus an glanimirce measta 190,333 isteach (athrú daonra lúide méadú nádúrtha) ba chúis le méadú 171,338 iomlan an daonra.

Ba i gCúige Laighin iad na contaetha inar tháinig an fás ab airde ar an daonra, os cionn 14% sa Longfort agus méadú láidir freisin sa Mhí, i gCill Dara agus i bhFine Gall. I gcodarsnacht le Daonáireamh 2016, nuair a laghdaigh an daonra i dtrí chontae (Maigh Eo, Sligeach, agus Dún na nGall), léiríonn na Réamhthorthaí gur méadaigh daonra gach contae ón mbliain 2016. I gCúige Laighin, léirigh deich  as 12 chontae go raibh an méadú céatadánach níos airde ná an meán náisiúnta, agus gan ach Uíbh Fháili (+6%), agus Cill Chainnigh (+4.5%) níos ísle ná an meán. I gCúige Mumhan, bhí an méadú céatadáin níos airde ach i bPort Láirge  (+9.5%) amháin ná mar a bhí sa Stát i gcoitinne. Léirigh Liatrom  (+9.5%) agus Ros Comáin  (+8.4%) méadú céatadáin níos airde ná an leibhéal náisiúnta, ach níor léirigh An Cabhán, Dún na nGall ná Muineachán a leithéid.”

Tithíocht

Dúirt an tUasal Halpin go gcuireann na Réamhthorthaí an líon tosaigh ar fáil ar stoc tithíochta na tíre freisin. “Léiríonn na Réamhthorthaí gurbh é 2,124,590 stoc iomlán na tithíochta ar an 3 Aibreán 2022, méadú 6.0% ar líon na bliana 2016. Tháinig laghdú 16,560 ar líon na n-áiteanna cónaithe folmha (-9.0%) sa bhliain 2022 i gcomparáid leis an mbliain 2016. Níl  tithe saoire, a raibh 66,135 acu ann i gcomparáid le 62,148 in 2016, san áireamh anseo.

"Ní chiallaíonn áit chónaithe atá rangnaithe mar fholamh chun críocha an daonáirimh i gcónaí go bhfuil sé ar fáil le haghaidh athúsáide. Séard atá i bhfolúntas ó thaobh an daonáirimh de ná an stádas ar leith ag am ar leith agus d'fhéadfadh an chiall a baineann léi a bheith difriúil le tomhais eile na bhfolúntas a tuairiscítear atá dírithe níos mó ar fholúntais níos fadtéarmaí. Rangaíonn áiritheoirí an daonáirimh áit chónaithe mar áit fholamh má thá sí folamh ar oíche an Daonáirimh, is cuma cibé ar feadh tréimhse ghearr nó tréimhse fhada atá i gceist. Mar shampla, d’fhéadfadh an áit chónaithe a bheith folamh toisc go bhfuil sé ar díol nó ar cíos, nó faoi athchóiriú, nó má tá an t-úinéir tar éis bás, nó má tá an t-úinéar i dteach altranais. Ní rangnaítear áiteanna cónaithe atá á dtógáil nó átá tréigthe mar áiteanna folmha sa Daonáirimh.” [Tá tuilleadh eolais ina leith ar fáil i Nóta don Eagarthóir thíos]

Dúirt an tUasal Halpin chomh maith: “Ní féidir na Réamhthorthaí seo a fhoilsiú laistigh de 12 sheachtain ó oíche an Daonáirimh ach amháin mar thoradh ar dhúthracht foireann allamuigh agus bhuanfhoireann an daonáirimh i Sord, chomh maith leis an tacaíocht leanúnach a fhaigheann an daonáirimh ón bpobal. Ba mhaith leis an bPríomh-Oifig Staidrimh buíochas a ghabháil leis an bhfoireann a bhí páirteach sa daonáireamh as a gcuid dianoibre, agus leis an bpobal as an bhfreagra dearfach a thug siad ar ár ndaonáireamh náisiúnta agus as an gcaoi a ghlac siad páirt ann. Cuireann na torthaí léargais tosaigh luachmhara ar fáil dúinn ar an gcaoi a bhfuil ár ndaonra agus staid ár gcuid tithíochta ag athrú agus ag forbairt ó Dhaonáireamh 2016. Táimid ag obair go dian anois ar fhoirmeacha iomlána an daonáirimh agus táimid ag tnúth go tosóidh eisiúnt sraith iomlán na mionsonraí ó mhí Aibreán na bliana seo chugainn.”

Nótaí d'Eagarthóirí:
  • Baineann figiúirí an Daonáirimh leis an daonra de facto a chiallaíonn go n-áirítear ann gach duine a bhí i láthair sa Stát oíche Dé Domhnaigh, 03 Aibreán 2022. Áirítear leis an daonra de facto iad siúd nach gcónaíonn sa Stát de ghnáth ach a bhí sa Stát oíche an Daonáirimh. Ní áirítear ann iad siúd a bhfuil cónaí orthu sa Stát de ghnáth ach a bhí as láthair go sealadach lasmuigh den Stát oíche an Daonáirimh. Áiríodh daoine a bhí i láthair sa Stát agus tuairiscítear iad ag an áit a chaith siad oíche an Daonáirimh. Tá seans ann nárbh í seo an áit ina gcónaíonn siad de ghnáth.
  • Sainmhíniú an daonáirimh maidir le áit chónaithe fholamh: Rangaíonn áiritheoirí an daonáirimh áit chónaithe mar áit chónaithe fholamh má thá sí folamh ar oíche an Daonáirimh, muna n-úsáidtear í mar theach saoire agus muna bhfuil áitritheoirí ina gcónaí inti as láthair go sealadach ag am an daonáirimh. Ní chiallaíonn áit chónaithe atá rangnaithe mar fholamh chun críocha an daonáirimh i gcónaí go bhfuil sí ar fáil le haghaidh athúsáide.
  • Séard atá i sainmhíniú áit chónaithe fholaimh ó thaobh an Daonáirimh de ná táscaire ama ar leith a tógadh oíche an Daonáirimh maidir le héinne a bheith ina chónaí san áit ar an Domhnach, an 03 Aibreán 2022. Ni cheart Folúntas Daonáirimh a úsáid mar tháscaire an fholúntais fhadthéarma nó a úsáid i gcomparáid le tomhais arna dtáirgeadh ag foinsí eile atá bunaithe ar shainmhínithe nó ar mhodheolaíocht eile. D’fhéadfaí áit chónaithe a rangú mar fholamh muna bhfuil éinne ina chónaí inti toisc go bhfuil sí ar díol, á hathchóiriú, nó ar cíos ach gan éinne fós ina chónaí inti. Baintear úsáid as sainmhíniú Folúntas Daonáirimh thar roinnt daonáirimh ionas comparáidí a dhéanamh thar thréimhsi ama.
  • Ní áirítear tithe saoire mar chuid de chomhaireamh na n-áiteanna cónaithe folmha..
  •  Níl áiteanna chónaithe atá á dtógáil agus áiteanna chónaithe tréigthe mar chuid de chomhaireamh na n-áiteanna cónaithe folmha ach an oiread. Rangnaítear áit chónaithe mar áit faoi thógail ag an daonáireamh nuair a bhíonn ceann amháin ar a laghad de mhíreanna amhail díon, fuinneoga nó doirse in easnamh uirthi. Rangnaítear áit chónaithe mar áit thréigthe nuair nach féidir cónaí inti toisc go bhfuil drochbhail uirthi, nó go bhfuil sí bordáilte suas nó i ndrochchaoi ghinireálta.. Tá liosta na gCeisteanna Coitianta maidir le Áiteanna Cónaithe Folmha ar fáil ag NASC ANSEO.
  • Foilseoidh an Phríomh-Oifig Staidrimh sraith iomlán thorthaí an Dhaonáirimh 2022 idir mí Aibreán agus mí Nollaig na bliana 2023. Ina measc, beidh foilseacháin le téamaí ar ábhair ar nós tithíochta agus comaitéireachta. Beidh eolas breise maidir le foilsiú na n-eagrán éagsúil le feiceáil ar shuíomh Gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh níos déanaí i mbliana.
  •  Tá tús curtha leis na hullmhúcháin dár gcéad daonáireamh eile, a reáchtálfar sa bhliain 2027. Beidh rogha freagartha ar líne ar fáil aige don chéad uair riamh. Déanfar a leithéid a mhaoiniú i bpáirt ag Plean Náisiúnta an Téarnaimh agus na hAthléimneachta de chuid an Aontais Eorpaigh (#PNTA).
I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413 nó Tony Downes (+353) 1 895 1319

nó seol ríomhphost chuig censuspublicity@cso.ie

-- CRÍOCH --