Skip navigation

Nuashonraithe den uair dheiridh: 05 Deireadh Fómhair 2020

Ráiteas Ginearálta

Baineann an ráiteas seo le cleachtais phríobháideachais na Príomh-Oifige Staidrimh (CSO) i dtaca lena suíomh gréasáin. Le tuilleadh eolais a fháil faoi chúrsaí cosanta sonraí sa Phríomh-Oifig Staidrimh, léigh ár bhFógra um Chosaint Sonraí agus Trédhearcacht [en], a bhaineann leis an bPríomh-Oifig Staidrimh mar eagraíocht, chomh maith le Beartas Príobháideachais Teileachumarsáide na Príomh-Oifige Staidrimh [en].

Urramaíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh go hiomlán do chearta príobháideachais pearsanta agus ní bhailíonn, mar riail ghinearálta, faisnéis phearsanta de chineál ar bith gan cead soiléir a fháil uait ar dtús. Déileálfar le haon fhaisnéis phearsanta a bhaileoimid de réir na gcaighdeán slándála agus rúndachta is airde dá bhfuil ann agus de réir phrionsabail an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR)

Tá naisc chuig suíomhanna eile ar ár suíomh gréasáin. Ní bheidh an Phríomh-Oifig Staidrimh freagrach as cleachtais phríobháideachais aon cheann de na suíomhanna eile sin. Molaimid duit an méid sin a choinneáil i gcuimhne nuair a imíonn tú ónár suíomh agus molaimid duit freisin na ráitis phríobháideachais a léamh ar suíomhanna gréasáin eile a rachaidh tú chucu óir go bhféadfaidís faisnéis a bhailiú a bhféadfaí úsáid a bhaint aisti chun tú a aithint go pearsanta. Ní bhaineann an ráiteas príobháideachais seo ach le faisnéis a bhailítear ar ár suíomh gréasáin féin.

 

Do chuid sonraí pearsanta

Nuair a bhaineann tú úsáid as ár n-uirlisí léirmhínithe, fiú má chuireann tú isteach d’ainm, do dháta breithe nó faisnéis eile a bhféadfaí úsáid a bhaint aisti chun tú a aithint go pearsanta, ní tharchuirfear aon sonraí pearsanta chuig ár bhfreastalaithe. Is é nádúr ár n-uirlisí léirmhínithe go ndéantar na sonraí foirme a chuireann tú isteach a phróiseáil i do bhrabhsálaí féin agus nach gcoinnímid iad.

Má sheolann tú ríomhphost chugainn nó má ghlaonn tú orainn ag na sonraí teagmhála a thugtar ar an suíomh seo, déanfar na sonraí pearsanta a chuirfidh tú ar fáil a phróiseáil de réir ár mBeartais Príobháideachais Teileachumarsáide [en]. Coinneoimid na sonraí sin go ceann na tréimhse is gá chun iad a phróiseáil agus ní bhainfimid úsáid astu ach amháin chun na críche ar bailíodh iad ina leith.

 

Sonraí fianáin

Baintear úsáid as fianáin riachtanacha ar an suíomh gréasáin seo chun tacú le cuid dá chroífheidhmeanna.

Seo a leanas na fianáin riachtanacha a mbainimid úsáid astu

  • Highcharts - (__cfduid) Is é CloudFare a shocraíonn an fianán seo chun cosc a chur ar ionsaithe dinimiciúla diúltaithe seirbhíse (DDoS).  Féach Highcharts [en] le tuilleadh eolais a fháil.
  • Stádas toilithe maidir le fianáin - (cookieconsent_status) Ligeann sé seo dúinn cuimhneamh ar do roghanna maidir le fianáin.  Beidh feidhm ag an rogha sin gach uair a thabharfaidh tú cuairt ar ár láithreán gréasáin go ceann bliana.

Ní bhainimid úsáid as fianáin neamhriachtanacha ach amháin i gcás Google Analytics. Is féidir leat glacadh leis an bhfianán neamhriachtanach seo nó diúltú dó. Is féidir leat déanamh amhlaidh ag am ar bith tríd an mbratach fianán inleacaithe nó trí na socruithe cuí a roghnú ar do bhrabhsálaí. Bainimid úsáid as Google Analytics chun monatóireacht a dhéanamh ar thrácht ar an láithreán.  Féach Beartas Príobháideachais Google [en] chun tuilleadh eolais a fháil.

Tabhair faoi deara nach socraítear aon fhianáin chun úsáideoirí a aithint go pearsanta.

Diúltaítear do na fianáin seo go huathoibríoch de réir réamhshocraithe.  Cliceáil ar an gcnaipe scoráin chun do rogha maidir le fianáin a bhainistiú.

Fianáin neamhriachtanacha - Diúltaithe 

 

 

Sainmhínithe

Brabhsálaí gréasáin

Is éard atá i mbrabhsálaí gréasáin ná bogearraí a ligeann d’úsáideoir rochtain ar leathanaigh ghréasáin agus iad a fheiceáil. Mar shampla, Microsoft Internet Explorer, Netscape Navigator agus Opera.

Ainm fearainn

Is éard is ainm fearainn ann ná an t-ainm téacs a bhaineann le seoladh IP uimhriúil atá ag ríomhaire áirithe ar an Idirlíon. Mar shampla, is ainm fearainn é www.cso.ie. Tá gach ainm fearainn uathúil.

Seoladh IP

Seasann Seoladh IP do Sheoladh Prótacail Idirlín (Internet Protocol i mBéarla). Tá seoladh uathúil ag gach uile mheaisín atá ceangailte leis an Idirlíon. Is éard atá ann ná sraith ceithre uimhir, iad idir aon digit amháin agus trí dhigit ar fad agus deighilte ag poncanna. Mar shampla, tá 212.6.125.76 ina sheoladh IP.

Fianáin

Píosaí beaga faisnéise iad fianáin, a stóráiltear i gcomhaid ghnáth-théacs agus a gcuireann suíomh gréasáin i do bhrabhsálaí iad. Baineann dáta éaga le gach fianán agus is féidir leis an suíomh gréasáin fianáin bhuanseasmhacha a léamh gach uair a thugann tú cuairt ar an suíomh tar éis a chéadsocraithe. Iarrann ár suíomh gréasáin ort toiliú le fianáin nuair a thagann tú chun an suíomh den chéad uair agus ní bhainimid úsáid as fianáin chun faisnéis a stóráil a bhféadfaí úsáid a bhaint aisti chun tú a aithint go pearsanta.

 

Déanfar athbhreithniú ar an mbeartas seo ar bhonn leanúnach agus féadfar é a nuashonrú ó am go chéile.