Skip navigation

09 Feabhra 2022

Praghsanna Talún Talmhaíochta 2020

In 2020, díoladh 29,031 acra talún talmhaíochta ar fud an stáit, ar phraghas airmheánach €6,992 an acra
  • Meath suntasach ar an méid talún a díoladh in 2020 le hais 2019
  • Praghas ab airde talún i réigiún an Oirdheiscirt, áit ar díoladh 2,093 acra ar phraghas airmheánach €10,645 an acra
  • Praghas ab ísle talún i réigiún an Iarthair, áit ar díoladh 6,412 acra ar phraghas airmheánach €4,625 an acra
  • San Iarthar a díoladh an méid ba mhó talún, sin 6,412 acra, agus i réigiún an Iardheiscirt a díoladh an méid ba lú, 605 acra

Breathnaigh ar an eisiúint: Praghsanna Talún Talmhaíochta 2020 [en]

Nótaí d'Eagarthóirí:

Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) tuarascáil inniu (10 Feabhra 2020) maidir le Praghsanna Talún Talmhaíochta na bliana 2020.

Déanann Anthony Dawson, Staitisteoir, trácht ar thuarascáil an lae inniu: "Léirítear dúinn go raibh meath suntasach ar an oiread talún a díoladh sa stát sa bhliain 2020, tráth ar díoladh 29,031 acra ar phraghas airmheánach €6,992 an acra, i gcomparáid leis an 61,997 acra a díoladh in 2019.

Ba é réigiún an Oirdheiscirt (Ceatharlach, Cill Chainnigh, Loch Garman, Port Láirge) an áit ba chostasaí do thalamh talmhaíochta in 2020, inar díoladh 2,093 acra ar phraghas airmheánach €10,645 an acra. Bhí talamh i réigiún an Iarthair (Gaillimh, Maigh Eo, Ros Comáin) ar an bpraghas ba shaoire an bhliain sin, le 6,412 acra díolta ar phraghas airmheánach €4,625 an acra.

In 2020, díoladh an méid ba lú talún talmhaíochta san Iardheisceart (Ciarraí, Corcaigh) as aon áit sa tír, gan ach 605 acra."

Ar deireadh, deir Anthony Dawson: "Úsáideadh modheolaíocht nua chun Praghsanna Talún Talmhaíochta na bliana 2020 a chur i dtoll a chéile. ‘Séard atá i gceist ná gur úsáideadh níos mó idirbhearta chun sonraí a ríomh, agus tá tuairisciú níos cuimsithí agus ar chaighdeán níos airde againn dá bharr. Tá leasú déanta ar shonraí blianta roimhe seo chun luí isteach leis an modheolaíocht feabhsaithe seo chomh maith.”

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Anthony Dawson (+353) 21 453 5521 nó Anne Mahony (+353) 21 453 5033

nó seol ríomhphost chuig AgPrices@cso.ie

-- CRÍOCH --