Skip navigation

20 Deireadh Fómhair 2021

Bliainiris Staidrimh na hÉireann 2021: Cuid 1 - Daoine agus an tSochaí

Léargas ar mhuintir na hÉireann agus an tsochaí ina mhairimid ó staitisticí réitithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh
  • Meastar gur ardú ionann le 34,000 duine a tháinig ar an daonra sa 12 mhí go hAibreán 2021, an méadú bliantúil ba lú ó 2014
  • Tá caitheamh tobac níos coitianta i measc náisiúnaigh choigríche (19%) a bhfuil cónaí orthu in Éirinn le hais náisiúnaigh Éireannacha (13%)
  • Deir triúr as gach ceathrar (75%) in aois 15+ bliana go bhfuil sé 'Éasca' nó 'An-éasca' orthu cabhair phraiticiúil a fháil ó chomharsana agus b’amhlaidh an fhigiúr seo i measc daoine le míchumas
  • Taifeadadh 1,101 cás inar sáraíodh srianta COVID-19 agus gur thug an Gharda Síochána coireanna orthu in 2020, ar a n-áirítear rialacha ar thaisteal intíre, áitreabh ceadúnaithe, caitheamh clúdach aghaidh agus taisteal idirnáisiúnta
  • Thug níos mó de líonta tí faoin tuath le fios go raibh sé 'Deacair' nó 'An-deacair' orthu teacht ar bhanc (44.2%) nó oifig an phoist (33.1%) le hais líonta tí uirbeacha (17% agus 9% faoi seach)
  • I measc daoine fásta a bhog isteach lena dtuismitheoirí ó thús na paindéime agus a d’fhreagair Suirbhé Sciobtha CSO i mbliana, chonaic 22% feabhas ar an gcaidreamh lena n-athair agus 31% feabhas ar an gcaidreamh lena máthair

Breathnaigh ar an eisiúint: Bliainiris Staidrimh na hÉireann 2021, Cuid 1 - Daoine agus an tSochaí [en]

Mar gheall ar earráid ríomhaireachtúil, leasaíodh tagairtí do leibhéil ólacháin agus caitheamh tobac sa phreasráiteas seo an 03 Samhain 2021. Roimhe seo sa dara phointe urchair (thuas), luadh sciar 17% de náisiúnaigh choigríche agus 9% d'Éireannaigh a bheith ag caitheamh tobac.

Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) an tuarascáil Bliainiris Staidrimh na hÉireann 2021: Cuid 1 Daoine agus an tSochaí inniu (20 Deireadh Fómhair 2021) agus í ag déanamh ceiliúrtha ar Lá Staidrimh na hEorpa.

I mbliana, tá an Oifig ag foilsiú na Bliainirise ina trí chuid ionas go mbeidh sé níos éasca ar léitheoirí teacht ar an eolas atá uathu. Is iad na trí tuarascálacha sin: Cuid 1 – Daoine agus an tSochaí á fhoilsiú inniu; Cuid 2 – Gnó agus Geilleagar (21 D. Fómhair); agus Cuid 3 – Taisteal, Talmhaíocht, COVID-19 agus Tuaisceart Éireann (22 D. Fómhair).

Sa chéad tuarascáil seo, Cuid 1, tugtar léargas cuimsitheach ar an saol in Éirinn bunaithe ar staitisticí atá foilsithe ag an Oifig le bliain anuas. Tá go leor de na staitisticí seo tógtha ó shuirbhéanna a raibh na mílte daoine mórthimpeall an Stáit páirteach iontu agus gabhaimid buíochas ó chroí leo as an t-am agus tacaíocht a thug siad le linn na suirbhéanna sin. Tá súil ag foireann na hOifige go dtacófar chomh maith céanna lenár suirbhéanna ar líonta tí agus ar ghnólachtaí sa todhchaí freisin. Ní bheadh sé de chumas againn anailís a dhéanamh ná tuarascálacha a réiteach gan rannpháirtíocht na bhfreagróirí. Is Mór Againn Bhur Scéalta.

 

Buaicphointí

A bhuíochas do shuirbhéanna CSO agus anailís, meastar Daonra an Stáit a bheith ag 5.01 milliún in Aibreán 2021. Is é seo an chéad uair a raibh an daonra sna sé chontae is fiche os cionn cúig milliún ó 1851, tráth a raibh 5.11 milliún ag maireachtáil sa chuid sin den tír. Ag an am sin in 1851, b’é daonra iomlán oileán na hÉireann ná 6.55 milliún.

Sa bhliain go hAibreán 2021, bhí mionmhéadú 8,300 ar dhaonra Bhaile Átha Cliath (achar an ceithre chomhairlí) go díreach faoi bhun 1.43 milliún. Is ionann daonra na hardchathrach agus 28.5% de dhaonra iomlán an Stáit. Lena hais sin, tá Lár na Tíre ar an réigiún is lú daonra le 307,000 daoine (6.1% de dhaonra an Stáit).

Maidir le hImeachtaí Saoil tá líon na mbreitheanna do mháithreacha sna déaga fós ag titim; in 2020 taifeadadh 830 breith ag máithreacha faoi 20 bliain d’aois, sin i gcomparáid le 1,199 breith in 2015. Bhí Grace ar an ainm cailín ba choitianta a tugadh ar leanaí nua in 2020 agus Fiadh sna sála uirthi. In 2020 freisin, d’fhan Jack i mbarr réime ó thaobh ainmneacha buachalla agus ar na sloinnte ba choitianta do leanaí nua bhí Murphy (602 nó 1.1% den iomlán), Kelly (523 nó 0.9%) agus O’Brien (467 nó 0.8%)

Cláraíodh 1,672 bás in 2020 ar aithníodh COVID-19 mar bhunchúis báis. I gcás 167 bás eile, luadh an víreas ar an teastas báis, cé go raibh bunchúis eile báis cláraithe.

Ní raibh póstaí in 2020 fiú a leath chomh mór leis an mbliain roimhe, a bhuíochas do dhianghlasáil agus srianta sláinte poiblí. Agus maolú ag teacht ar srianta, taifeadadh an líon ba mhó póstaí heitreaghnéasacha i mí Nollag. Lena ais sin, ba siar i mí Feabhra 2020 roimh na paindéime a raibh a líon ba mhó póstaí comhghnéis.

Ba ríshoiléir tionchar COVID-19 ar an Margadh Saothair le breis is bliain anuas agus 184,100 daoine rangaithe mar dífhostaithe i Ráithe 2 2021. Ba mhéadú 53,200 nó 40.6% é sin ón bhfigiúr comhionann don dara ráithe in 2019. Tháinig méadú ar an ráta dífhostaíochta oifigiúil ó 5.4% go 7.3% sa tréimhse chéanna.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Preasoifig (+353) 21 453 5028

nó seol ríomhphost chuig eolas@cso.ie

-- CRÍOCH --