26 Aibreán 2019
Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé ar an Lucht Saothair - Meastacháin Phá Íosta Náisiúnta Ráithe 4 2018
Tá Meastacháin Phá Íosta Náisiúnta eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (26 Aibreán 2019), bunaithe ar eolas a bailíodh mar chuid den Suirbhé ar an Lucht Saothair (SLS) i Ráithe 4 2018.
Agus é ag tagairt d’eisiúint an lae inniu, dúirt Jim Dalton, Staitisteoir: “Cuirtear ceisteanna maidir le stádas Phá Íosta Náisiúnta ar fhostaithe mar chuid den SLS, rud a tosaíodh i Ráithe 2 2016. I dtuairisc an lae inniu, tugtar meastacháin bunaithe ar na sonraí is déanaí ó Ráithe 4 2018.
I measc na torthaí is suntasaí, léirítear dúinn go raibh 137,200 fostaí ann ag saothrú an Phá Íosta Náisiúnta nó níos lú ná sin i Ráithe 4 2018, laghdú 9.0% nó 13,500 ón tréimhse chéanna i 2017. As an dream seo, bhí 24,500 ag saothrú níos lú ná an Pá Íosta Náisiúnta.
I Ráithe 4 2018, b’ionann an 137,200 fostaí agus 7.6% d’fhostaithe go léir, tite ón sciar 8.6% a tuairiscíodh i Ráithe 4 2017.
B’ionann an líon fostaithe a thuill níos mó ná an Pá Íosta Náisiúnta agus 1,679,600 i Ráithe 4 2018, laghdú 5.2% nó 83,400 duine ón mbliain roimhe.”
Eisiúint is déanaí den tsraith príomha Suirbhé ar an Lucht Saothair
https://www.cso.ie/en/releasesandpublications/er/lfs/labourforcesurveyquarter42018/ [EN]
Jim Dalton (+353) 21 453 5623 nó Martina O' Callaghan (+353) 21 453 5491
nó seol ríomhphost chuig labour@cso.ie
-- CRÍOCH --