Tá cumas labhartha Gaeilge ag 1.57 milliún duine
Bhí cumas labhartha Gaeilge ag beagán ós cionn 1.57 milliún duine a bhí trí bliana d’aois agus ós a chionn sa bhliain 2002 i gcomparáid le 1.43 milliún sa bhliain 1996. Ach, i gcéatadáin bhí laghdú beag ann ó 43.5% sa bhliain 1996 go 42.8% sa bhliain 2002. Bhí níos mó ban in ann na Gaeilge a labhairt (45.9%) ná fir (39.7%).
Tá an t-eolas seo ar fáil in Imleabhar 11 de Dhaonáireamh 2002 – An Ghaeilge, a thugann tuilleadh miontorthaí a bhaineann leis an daonáireamh a tógadh ar an 28 Aibreán 2002. Tá na figiúirí deireanacha daonra ar fáil sa tuairisc seo rangaithe de réir cumas na Gaeilge a labhairt agus cé chomh minic a labhraíonn daoine í i gceantair-ranna na tíre (féach nóta an Eagarthóra).
Athraíonn cumas le haois
Bhí cumas na Gaeilge a labhairt ag an leibhéal b’airde i measc an daonra a bhí ag freastal ar an scoil le ós cionn dhá thrian de na daoine san aoisghrúpa 10-19 bliana curtha san áireamh mar dhaoine a bhfuil sé ar a gcumas An Ghaeilge a labhairt.
Titeann cumas sna haoisghrúpaí díreach iar-oideachais ach ardaíonn sé arís i measc na ndaoine san aoisghrúpa 45-54 bliana.
Bhí níos mó ban i ngach aoisghrúpa sa bhliain 2002 ná fir in ann Gaeilge a labhairt – agus b’é san aoisghrúpa 15-19 bliana ba mhó a bhí an difríocht.
Seasann An Daingean leis féin
De na bailte ar fad le daonra de 1,500 nó níos mó sa bhliain 2002, b’é an Daingean in Iarthar Chiarraí an baile leis an gcéatadán ba mhó cainteoirí Gaeilge (62.4%). Bhí níos lú cainteoirí Gaeilge i gcomhréir sna ceantair uirbeacha (40.8%) i gcomparáid leis na ceantair tuaithe (45.7%).
Labhraíonn triúr as gach ceathrar a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht an Ghaeilge
Cainteoirí Gaeilge a bhí i 73% den daonra trí bliana d’aois agus ós a chionn sa Ghaeltacht sa bhliain 2002 – síos ó 76% sa bhliain 1996. Ní raibh céatadán na gcainteoirí Gaeilge mar an gcéanna sna ceantair Ghaeltachta ar fad. Bhí an céatadán b’airde i gContae Chorcaí (83.1%) agus an céatadán b’ísle sa chuid sin de Ghaeltacht na Gaillimhe atá lonnaithe i
gCathair na Gaillimhe (54.2%). Thit líon na gcainteoirí Gaeilge i ngach ceantar Gaeltachta, seachas sa Mhí, idir na blianta 1996 agus 2002.
Ardmharcanna do na múinteoirí
B’iad múinteoirí an grúpaí gairme ba mhó a raibh ar a gcumas an Ghaeilge a labhairt (79.3%), le Gardaí (76.6%) agus na hOrd Chreidimh (65%) ina dhiaidh sin.
B’airde an leibhéal oideachais bainte amach ba mhó seans go raibh sé ar chumas an duine an Ghaeilge a labhairt. Bhí éagsúlacht sna céatadáin chuí don daonra a bhí 5 bliana déag d’aois agus ós a chionn ó 18% i gcás daoine a d’fhág an córas oideachais le hoideachas bunscoile amháin, go dtí 58% do na daoine a raibh céim bainte amach acu.
Cainteoir Gaeilge i bhformhór na dteaghlach
Bhí ar a laghad cainteoir amháin Gaeilge i 55% de na teaghlaigh phríobháideacha sa bhliain 2002. 83% an céatadán cuí do theaghlaigh sa Ghaeltacht.
Ba cainteoir Gaeilge a bhí sa duine a bhí ainmnithe mar dhuine tagartha don teaghlach i gcás beagnach dhá thrian de na teaghlaigh ina labhraítear an Ghaeilge sa Stát.
Úsáid na Gaeilge
Dúirt beagnach an cheathrú chuid de na daoine a dúirt go raibh sé ar a gcumas an Ghaeilge a labhairt go labhraíonn siad í go laethúil. Bhí a bhformhór siúd sna haoisghrúpaí a bhí ag freastal ar an scoil (76.8%).
Dúirt ós cionn dhá thrian de na daoine a dúirt go raibh sé ar a gcumas an Ghaeilge a labhairt nach labhraíonn siad í riamh nó go labhraíonn siad í níos lú ná go seachtainiúil. D’árdaigh an céatadán seo go dtí 87.2% i gcás na ndaoine a bhí 20 bliain d’aois agus ós a chionn.
Bhí ós cionn 55% de na cainteoirí Gaeilge a bhí lonnaithe sa Ghaeltacht ag labhairt na Gaeilge go laethúil sa bhliain 2002 – síos ó 60% sé bliana roimhe sin. Labhair 11% eile an Ghaeilge go seachtainiúil. Tuairim is an cheathrú chuid den daonra a raibh ar a gcumas an Ghaeilge a labhairt sa Ghaeltacht a dúirt sa bhliain 2002 go labhraíonn siad í níos lú ná go
seachtainiúil agus dúirt 7.4% nach labhraíonn siad riamh í.
Nóta an Eagarthóra
Tá achoimre ar fáil san fhoilseachán Daonáireamh 2002 – Príomhthorthaí Déimeagrafacha, a foilsíodh ar an 19 Meitheamh 2003, ag leibhéal Stáit de na sonraí atá ar fáil in Imleabhair 1 - 4, 8, 11 agus 12 de na mion-thuairiscí
daonáirimh. Tá figiúirí ar fáil san fhoilseachán atá curtha ar fáil inniu, Imleabhar 11, a bhaineann leis an nGaeilge ag leibhéal níos sonraithe geografaíochta.
Tá gach tábla foilsithe ó Dhaonáireamh 2002 ar fáil ar shuíomh idirlín na POS (www.cso.ie).
Tá cóipeanna den fhoilseachán ar fáil ó:
An Phríomh-Oifig Staidrimh, An Rannóg Faisnéise, Bóthar na Sceiche Airde, Corcaigh
nó
An Oifig Dhíolta Foilseachán Rialtais, Teach Sun Alliance, Sráid Theach Laighean, Baile Átha Cliath 2
Praghas: € 15.00
Is féidir cóipeanna a íoschóipeáil ó shuíomh idirlín na POS (féach thíos).
Déan teagmháil leo seo a leanas le tuilleadh eolais a fháil :
An Phríomh-Oifig Staidrimh, Bóthar Átha Fhirdhia, Ráth Maonais, Baile Átha Cliath 6.
Fiosrúcháin daonáirimh: (01) 498 4000 fo-líne 4284-4288.
Facs: (01) 498 4268
Ríomh-phost: census@cso.ie
Idirlíon: pr_gaelcen_02v11.htm
25 Márta 2004
- CR�?OCH -