Bealach nua iad Suirbhéanna Sciobtha CSO lena chinntiú go mbeidh do scéalsa ina chuid de scéal na hÉireann.
Ba mhaith linn do thuairimí ar shaincheisteanna na huaire a chloisteáil #GlacPáirtCSO
Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh ag tomhas éifeachtaí fadtéarmacha COVID-19 ar ghairmeacha beatha, ar chaidrimh, ar ár bhfolláine iomlán agus a thuilleadh – cén tionchar a bhí ag an bpaindéim ar do shaol?
Inis dúinn trí pháirt a ghlacadh sa Suirbhé Sciobtha is déanaí.
Glac páirt sa Suirbhé Sciobtha CSO is déanaí: Covid – Ár Saol 5 Bliana Ar Aghaidh
Tá Feachtas ‘Glac Páirt’ ar bun ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) chun cuireadh a thabhairt do mhuintir na hÉireann páirt a ghlacadh i suirbhéanna ar líne a bhíonn idir thapa agus éasca le comhlánú. Tugann na suirbhéanna seo léargas ar mheon na tíre maidir le hábhair áirithe ag am ar leith. Is iondúil go n-iarrtar ar an bhfreagróir ceisteanna tuairime a fhreagairt nó a dhearcthaí a nochtadh maidir le cúrsaí nó saincheisteanna reatha.
Nuair a ghlacann tú páirt inár ngearrshuirbhéanna ar líne, cabhraíonn tú leis an Oifig sonraí a chur ar fáil a bhíonn idir ábhartha agus tráthúil. Beidh an deis agat freisin a chur in iúl dúinn gur mhaith leat páirt a ghlacadh i suirbhéanna eile de chuid na hOifige amach anseo.
Ceadaítear do gach duine a bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe aige agus a bhfuil cónaí air in Éirinn páirt a ghlacadh sna suirbhéanna pulsa ar líne seo. Is mian leis an Oifig go mbeadh cead cainte ag tuilleadh daoine. Tá an nasc don Suirbhé Sciobtha CSO is déanaí ar fáil ar ár suíomh gréasáin agus ar na meáin shóisialta ag X, Instagram, LinkedIn agus Facebook.
Tá an Oifig ag iarraidh go mbeadh sé ní b’éasca duit do scéalsa a chur le scéal na hÉireann. Ba mhaith linn ní ba mhó daoine a spreagadh chun ár suirbhéanna a chomhlánú agus clárú chun páirt a ghlacadh i suirbhéanna eile amach anseo. Le breis is 75 bliain, tá an Phríomh-Oifig Staidrimh ag obair ar athrú sochaí agus geilleagrach na hÉireann a thomhas, ach tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh do dhaoine chun páirt a ghlacadh inár suirbhéanna chun a chinntiú go bhfuil rochtain ar ghach duine in Éirinn ar fhiricí neamhspleácha.
Foilseoidh an Oifig na torthaí ar ár gcuntas meán sóisialta agus ar ár suíomh gréasáin féin. Más mian leat na torthaí a fháil go díreach, is féidir leat an méid sin a chur in iúl dúinn ar an bhfoirm shuirbhé. Bainfimid úsáid as na céatadáin agus na treochtaí chun an scéal taobh thiar de na Suirbhéanna Sciobtha a insint. Déanfaimid cur síos i dtéarmaí leathan ar na cineálacha daoine a d'fhreagair agus an tionchar ar na torthaí mura bhfuil ionadaíocht iomlán ag roinnt aoise/inscne/réigiúin - mar shampla, murar fhreagair ach daoine idir aoisghrúpaí áirithe. Sin é an fáth go bhfuil sé tábhachtach do gach duine páirt a ghlacadh.
Tá Suirbhéanna Sciobtha na Príomh-Oifige Staidrimh difriúil ó shuirbhéanna líonta tí agus fiontraíochta eile a dhéanann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Déanann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) go leor cineálacha éagsúla suirbhéanna i rith na bliana ar ábhair cosúil le sláinte, taisteal, coireacht agus folláine, a chabhraíonn le heolas a thabhairt don phobal agus do lucht déanta beartas. Áirítear leis na suirbhéanna sin freisin an Suirbhé ar an Lucht Saothair, is tomhas ar ráta fostaíochta agus dífhostaíochta na hÉireann, agus an Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála, arb é an fhoinse oifigiúil sonraí é maidir le hioncam teaghlach agus daoine aonair. Cé go roghnaíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh na daoine aonair agus na líonta tí a ghlacann páirt sna cineálacha sin suirbhéanna go randamach, tugann Suirbhéanna Sciobtha na Príomh-Oifige Staidrimh deis do dhaoine páirt a ghlacadh sa suirbhé dá ndeoin féin.
Ba mhaith linn ní ba mhó daoine a spreagadh chun ár suirbhéanna a chomhlánú agus clárú chun páirt a ghlacadh i suirbhéanna eile amach anseo. Is féidir ríomhphost a sheoladh chuig CSOTakePart@cso.ie chun do shuim a léiriú. Is féidir tarraingt siar ag am ar bith.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, bíodh tú ag glacadh páirt i Suirbhé Sciobtha na Príomh-Oifige Staidrimh nó ceann atá á dhéanamh ag ár bhFoireann Suirbhéanna, go bhfuil do chuid rúndachta a chosaint ag croílár gach rud a dhéanaimid. Tá do rúndacht faoi chosaint ag an dlí, rud a chiallaíonn nach féidir aon duine aonair, líon tí ná fiontar a aithint ó na sonraí a fhoilsímid. Ní úsáidimid na sonraí a chuireann tú ar fáil ach chun críocha staidrimh agus sin amháin.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin dóigh gur féidir leat muinín a chur sa Phríomh-Oifig Staidrimh, féach ar an gcuid Iontaoibh agus Tréadhearcacht ar an suíomh gréasáin.
Beidh Suirbhéanna Sciobtha an CSO gearr agus éasca le comhlánú, agus is éard is aidhm leo go príomha ná tuilleadh eolais a chur ar shaincheisteanna sóisialta agus folláine. Beidh ceisteanna ar fhéiniúlacht inscne, gnéaschlaonadh, míchumas agus eitneachas le cur leis na suirbhéanna le himeacht ama freisin. Tá tuilleadh eolais le fáil sna Ceisteanna Coitianta maidir le Ceisteanna Shuirbhéanna Sciobtha an CSO [en].