Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Tá ár staitisticí faoi Éirinn neamhspleách agus iontaofa, de bhrí gur tusa a thug dúinn iad.

Mar thoradh ar an eolas a thugann tú dúinn is féidir linn íomhá an-chruinn d'Éirinn, dár saol, dár ngeilleagar, dár sláinte agus dár sonas a chur le chéile.

Cad é an Suirbhé ar Struchtúr Tuillimh (SST)?

Is é atá i gceist leis an Suirbhé ar Struchtúr Tuillimh (SST) suirbhé náisiúnta ar fhostaithe na hÉireann a chuireann mionfhaisnéis ar fáil maidir le staitisticí Tuillimh. Suirbhé éigeantach atá ann a dhéanann institiúidí náisiúnta staitisticí, an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ina measc, i ngach ballstát den Aontas Eorpach.

Cén fáth a bhfuil an suirbhé seo tábhachtach??

Bainfidh ranna rialtais, gníomhaireachtaí agus daoine eile úsáid as sonraí ón suirbhé seo chun ábhar díospóireachta a fhorbairt agus chun cinntí ríthábhachtacha a dhéanamh ar thopaicí amhail an t-íosphá náisiúnta agus an bhearna phá idir fir agus mná.

Táimid ag brath ar do chuidse faisnéise, mar sin má iarrtar ort páirt a ghlacadh sa suirbhé ar Struchtúr Tuillimh, déan é.

Breis eolais faoin SST