Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

D'fhonn úsáid teicneolaíochtaí foinse oscailte a éascú, d'fhorbair an Phríomh-Oifig Staidrimh pacáiste R 'csodata' chun rochtain thapa éasca ar tháblaí PxStat a cheadú d'úsáideoirí teanga ríomhchlárúcháin R. Tá an pacáiste seo ar fáil anois ar CRAN, an stór is mó de phacáistí R, ag https://CRAN.R-project.org/package=csodata. Tá an pacáiste ar fáil freisin ar GitHub ag https://github.com/CSOIreland/csodata. Baineann an pacáiste seo úsáid as API PxStat chun táblaí PxStat a aisghabháil agus ansin a chur ar ais isteach in R mar chreat sonraí ar féidir le húsáideoirí anailís a dhéanamh air nuair is mian leo.

Is féidir an pacáiste a úsáid chun gach tábla PxStat a íoslódáil, chomh maith le tábla ábhair ina liostaítear na táblaí reatha go léir. Ina theannta sin, is féidir comhaid sonraí geografacha na hÉireann i gcéimeanna éagsúla gráinneachta a íoslódáil ó shuíomh gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh ag baint úsáid as an bpacáiste chun léarscáileanna a chruthú. Tá feidhmeanna ann chun gach teideal atá ar fáil a scrúdú agus a chuardach de réir eochairfhocail, chomh maith le meiteashonraí na dtáblaí a roghnaítear a scrúdú. Is féidir sonraí a íoslódáiltear a chur i dtaisce le haghaidh aisghabháil níos tapa.

Is féidir féachaint ar threoir mhearthosaithe ag https://cran.r-project.org/web/packages/csodata/vignettes/quick_start_guide.html chun cabhrú le húsáideoirí nua blaiseadh a fháil ar úsáid an phacáiste csodata.

Tá Rialtas na hÉireann tiomanta d'úsáid teicneolaíochtaí oscailte agus sonraí oscailte a chur chun cinn agus a éascú. Ón Tionscnamh Sonraí Oscailte in 2014, tá sé seo faoi mhaoirseacht na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Leagtar an beartas reatha amach in dhá dhoiciméad: Straitéis Sonraí Oscailte 2017-2022 agus Straitéis Sonraí na Seirbhíse Poiblí 2019-2023. Tháinig feabhas tapa ar cháilíocht agus ar aibíocht shonraí oscailte na hÉireann, agus roghnaíodh iad mar na sonraí is aibí san AE trí bliana as a chéile (2017-2019), tar éis tosú ag #20 in 2015. Leantar leis na hiarrachtaí, trí phacáiste csodata, na sonraí a tháirgtear san earnáil phoiblí a dhéanamh oscailte agus inrochtana go forleathan.