Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Gach bliain reáchtálann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) Searmanas Bronnta do mhic léinn ar fud na tíre a ghlacann páirt inár gcomórtais i rith na bliana.

Is deis é dúinn ceiliúradh a dhéanamh ar bhuaiteoirí Ghradaim don Úsáid is Fearr as Sonraí Oscailte an Phríomh-Oifig Staidrimh, Gradam Speisialta an CSO d’Úsáid Sonraí Oscailte ag Eacnamaí Óg na Bliana, agus Comórtas Póstaer Staidrimh John Hooper.

Bronnadh a ngradam ar na buaiteoirí ag searmanas a reáchtáladh i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath an 15 Deireadh Fómhair 2024. Bhronn Ard-Stiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh, Jennifer Banim, na gradaim.

Seo a leanas buaiteoirí chomórtais 2024:

  • Bhuaigh Nick Kuzmin agus Emilie Dowdall, as Scoil Ghramadaí Dhún Dealgan, Co. Lú, Bonn Staidrimh John Hooper.
  • Bhuaigh Sarah Hannon, Fionnán Murray agus Bria Daly, Coláiste Thulach Mhór i gCo. Uíbh Fhailí, Gradam Speisialta an Phríomh-Oifig Staidrimh um Úsáid Sonraí Oscailte ag Eacnamaí Óg na Bliana (YEOTY).
  • Bhuaigh Addison Carey, Pobalscoil Chill Droichid, Cill Droichid, Co. Chill Dara Duais an Phríomh-Oifig Staidrimh don Úsáid is Fearr as Sonraí Oscailte ag Taispeántas na nEolaithe Óga BT 2024.