Is é is cuspóir leis an gComórtas John Hooper ná feabhas a chur ar chumas daltaí chun cur síos ar a dtimpeallacht agus chun ciall a bhaint as an saol ag úsáid staitisticí. Reáchtáladh an comórtas náisiúnta seo den chéad uair chun comóradh a dhéanamh ar an gcéad Lá Domhanda Staidrimh in 2010.
Ainmníodh an comórtas in onóir don Chorcaíoch, John Hooper (1878 - 1930), a ceapadh ina chéad Stiúrthóir Staidrimh de chuid Saorstát Éireann in 1923. Idir sin agus uair a bháis gan choinne in 1930 (agus é 51 bliain d’aois), stiúir an tUasal Hooper forbairt an staidrimh oifigiúil in Éirinn. Cuireadh tionscail mhóra staidrimh i gcrích le linn a réimeas, m.sh. na chéad Daonáireamh agus Áireamh ar Tháirgeadh Tionsclaíoch den stát nua in 1926, mar aon le hachtú píosa reachtaíochta lárnach, an tAcht Staidrimh, 1926.
Is í seo an t-ochtú bhliain den Ghradam um Úsáid Sonraí Oscailte CSO. Is ar mhaithe leis an úsáid nó an úsáid fhéideartha is nuálaí de shonraí an CSO in iontráil ar Thaispeántas an Eolaí Óig atá an gradam seo. Déantar measúnú ar anailísí, modhanna nó aschurtha staitistiúla agus iad i bhformáid píosa taighde, amharcléiriú nó léarscáil sonraí, forbairt uirlise, feidhmchlár nó úsáid ar bhealach nuálach eile de shonraí oscailte an CSO.
Tá na comórtais seo go léir, mar aon leis an tionscadal DaonáireamhArScoil, urraithe ag an CSO mar chuid dá Clár For-rochtana Oideachais. Is cleamhnaí é an CSO freisin de Chomórtas Staidrimh na hEorpa agus de chomórtas débhliantúil an Chlár Idirnáisiúnta don Litearthacht Staitistiúil (an ISLP).
Gach bliain, reáchtáiltear Searmanas Bronnta chun iomaitheoirí agus foirne buaiteacha a cheiliúradh sna comórtais seo.
Seo a leanas buaiteoir na gcomórtas in 2022:
Thug Conor Breen agus Seánie O’Shea – daltaí ag Ardscoil na Mara i gContae Phort Láirge – an phríomhdhuais leo agus an Bonn Staidrimh i gComórtas John Hooper 2022. Ina theannta sin, chuaigh an beirt bhuachaill ar aghaidh chuig Comórtas Staidrimh na hEorpa i mbliana, agus bhain siad an tríú háit amach i gcatagóir sóisear an chomórtais sin.
Bhuaigh Aoife Duggan, Scoil Pháirc Sandford i mBaile Átha Cliath, an Gradam um Úsáid Sonraí Oscailte CSO ag Comórtas an Eolaí Óig 2022.
Bronnadh a nduaiseanna ar na buaiteoirí ag searmanas a reáchtáladh i bPáirc an Chrócaigh ar an 19 Deireadh Fómhair 2022.
Buaiteoirí John Hooper agus Gradam Sonraí Oscailte CSO i bPáirc an Chrócaigh, 19 D. Fómhair 2022.
Íoslódáil an íomhá seoBuaiteoirí Bhonn Staidrimh John Hooper, Conor Breen agus Seánie O’Shea as Ardscoil na Mara, Trá Mhór, Co. Phort Láirge leis an Ard-Stiúrthóir Cúnta Paul Morrin i bPáirc an Chrócaigh, 19 D. Fómhair 2022.
Íoslódáil an íomhá seoFoireann na dara háite i gComórtas Phóstaer Staidrimh John Hooper - Nathan Mac an Bháird agus Alicia Nic an Bháird as Coláiste Pobail Ros Comáin - leis an Ard-Stiúrthóir Cúnta Paul Morrin i bPáirc an Chrócaigh, 19 D. Fómhair 2022.
Íoslódáil an íomhá seoFoireann na tríú háite i gComórtas Phóstaer Staidrimh John Hooper - Holly Whelan agus Nicole Murphy as Meánscoil Mhuire, An tAonach, Co. Thiobraid Árann - leis an Ard-Stiúrthóir Cúnta Paul Morrin i bPáirc an Chrócaigh, 19 D. Fómhair 2022.
Íoslódáil an íomhá seoBuaiteoir an Ghradam Sonraí Oscailte, Aoife Duggan agus a múinteoir Alan Smith as Scoil Pháirc Sandford, Baile Átha Cliath leis an Ard-Stiúrthóir Cúnta Paul Morrin i bPáirc an Chrócaigh, 19 D. Fómhair 2022.
Íoslódáil an íomhá seoDaltaí Mia Byrne, Charlee Holt agus Aoibhe Walsh as Coláiste Loreto Charraig an tSionnaigh, Baile Átha Cliath leis an Ard- Stiúrthóir Cúnta Paul Morrin i bPáirc an Chrócaigh, 19 D. Fómhair 2022.
Íoslódáil an íomhá seoDaltaí Heather O’Sullivan agus Daniel Hegarty as Coláiste Pobail Ros Comáin, leis an Ard-Stiúrthóir Cúnta Paul Morrin i bPáirc an Chrócaigh, 19 D. Fómhair 2022.
Íoslódáil an íomhá seoDaltaí Mary Coughlan, Hannah Connon agus Emily Flynn lena múinteoir Áine Baggot as Pobalscoil Ghailinne, An Féar Bán, Co. Uíbh Fháilí, leis an Ard-Stiúrthóir Cúnta Paul Morrin i bPáirc an Chrócaigh, 19 D. Fómhair 2022.
Íoslódáil an íomhá seoMúinteoir Patrick Molony lena dhaltaí Callum Rogerson, Raymond Lambe agus Sean Tobin as Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig, An Uaimh, Co. na Mí, leis an Ard-Stiúrthóir Cúnta Paul Morrin i bPáirc an Chrócaigh, 19 D. Fómhair 2022.
Íoslódáil an íomhá seoMúinteoir Annette Galvin lena daltaí Owen Clarke agus Sean Boyce as Meánscoil Naomh Iósaf, An Tulach, Co. an Chláir, leis an Ard-Stiúrthóir Cúnta Paul Morrin i bPáirc an Chrócaigh, 19 D. Fómhair 2022.
Íoslódáil an íomhá seoMúinteoir Ruairí Maher lena dhaltaí Niamh Muldowney, Laura McMahon agus Alannah Galligan as Gaelcholáiste Luimnigh leis an Ard- Stiúrthóir Cúnta Paul Morrin i bPáirc an Chrócaigh, 19 D. Fómhair 2022.
Íoslódáil an íomhá seoIsabelle McDonnell Murphy, Scoil Ghramadaí Dhroichead Átha, Co. Lú, leis an Ard-Stiúrthóir Cúnta Paul Morrin i bPáirc an Chrócaigh, 19 D. Fómhair 2022.
Íoslódáil an íomhá seo