Bhí rath mór arís i mbliana ar an gComórtas Bhonn Staidrimh John Hooper. Gach bliain bíonn ríméad orainn an oiread san iontrálacha a fháil isteach.
Seoladh an tríú heagrán déag de Chomórtas Bhonn Staidrimh John Hooper ar an 20 Deireadh Fómhair 2022. San iomlán, fuaireamar 282 iontráil. Rinne painéil de chuid na hOifige dhá réamhbhabhta moltóireachta ar na póstaeir agus iad ag obair de réir critéir mhionsonraithe moltóireachta. Cuireadh 15 phóstaer ar an ngearrliosta don bhabhta moltóireachta deiridh. Ar an bpainéal don bhabhta deiridh sin, faoi chathaoirleacht Fiona O’Callaghan, bhí:
Kathleen O'Sullivan
Léachtóir & Stiúrthóir ar an Aonad Sainchomhairleoireachta Staitistiúil
Scoil na nEolaíochtaí Matamaiticiúla
Coláiste na hOllscoile
Corcaigh
An Dr Kieran Murphy
Léachtóir sa Mhatamaitic
Calmast
Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt
Anthony Dawson
Staitisteoir
An Phríomh-Oifig Staidrimh
Corcaigh
Fiona O’Callaghan
Staitisteoir
An Phríomh-Oifig Staidrimh
Corcaigh
Is iad seo a leanas torthaí bhreithniú na moltóirí:
Daltaí: Alana McKinnon, Aisling Vaughan
Múinteoir: John Sims
Scoil Mhuire gan Smál
Lios Dúin Bhearna
Contae an Chláir
Mobile Phone Coverage and the Topography of North Clare
Rinne an fhoireann seo ionadaíocht ar Éirinn sa Chatagóir Sóisearach den Chomórtas Staidrimh Eorpach 2023.
Dara hÁit
Daltaí: Áine Kelly, Ella Enright
Múinteoir: John Sims
Scoil Mhuire gan Smál
Lios Dúin Bhearna
Contae an Chláir
How Much Plastic is Washed Up On Our Shores?
Tríú hÁit
Daltaí: Abigail O'Brien Murray, Erica O'Brien Murray, Olivia O'Shea
Múinteoir: Chloe White
Meánscoil Loreto
Baile Brigín
Contae Bhaile Átha Cliath
Rinne an fhoireann seo ionadaíocht ar Éirinn sa Chatagóir Sinsearach den Chomórtas Staidrimh Eorpach 2023.
Thug na moltóirí ord fiúntais do na póstaeir seo a leanas:
Daltaí: Anahita Mathur, Ellisa Filip
Múinteoir: Margaret Walsh
Coláiste Loreto Charraig an tSionnaigh
Páirc Achadh an Tobair
Charraig an tSionnaigh
Contae Bhaile Átha Cliath
Does the HDI (Human Development Index) affect the CO2 Emissions of a Country
Daltaí: Sive Megarity, Sophia Yuan, Sarah Byrne
Múinteoir: Margaret Walsh
Coláiste Loreto Charraig an tSionnaigh
Páirc Achadh an Tobair
Charraig an tSionnaigh
Contae Bhaile Átha Cliath
Do Students Learn Better Through Pictures, Numbers or Letters?
Daltaí: Rian Kingi, Nathan Mac an Bháird, Jack Campbell
Múinteoir: Elizabeth Glancy
Coláiste Pobail Ros Comáin
Lios na Molt
Contae Ros Comáin
Daltaí: Ethan Dewhirst, Jamie Byrne
Múinteoir: Ruth McPolin
Scoil Chuimsitheach Cholm Cille
Na Gleannta,
Contae Dhún na nGall
Daltaí: Kate Fawle, Ava O Donovan, Aisling Quinn
Múinteoir: Christina Kennedy
Coláiste Seamount
Cinn Mhara
Contae na Gaillimhe
Do Irish Teenagers Agree With Irish Neutrality?
Daltaí: Julian Lewandowski, Evan Wynne, Sebastian Galvin
Múinteoir: Joanne Hanratty
Scoil Pháirc Chill Fhionntain
Cill Fhionntain,
Contae Bhaile Átha Cliath
A Solution to Coastal Flooding in Irish Cities
Daltaí: Sarah Lochaden, Lucy Nolan, Eva Fitzpatrick
Múinteoir: Sara Murray
Coláiste Naomh Alabhaois
Carraig Thuathail,
Contae Chorcaí
Daltaí: Saoirse Supple, Caoimhe Reilly
Múinteoir: Clare Noone
Coláiste Pobail na Mainistreach
An Tearmann
Mainistir na Búille
Contae Ros Comáin
Daltaí: Aoibheann Devlin, Holly Marx
Múinteoir: Eimear O'Regan
Scoil Ghramadaí Dhroichead na Bandan
Droichead na Bandan
Contae Chorcaí
Daltaí: Sophie Brennan, Ava Clare
Múinteoir: Ms Maloney
Ardscoil Loreto Beaufort
Bóthar na Gráinsí
Ráth Fearnáin
Contae Bhaile Átha Cliath
Forecasting Water Demand in Dublin
Daltaí: Doire Toner, William Mulligan, Niall Flanagan
Múinteoir: Stephen Begley
Scoil Ghramadaí Dhún Dealgan
An Corrán,
Dún Dealgan,
Contae an Lú
How Does Ireland Compare With the Rest of the EU in Terms Of Renewable Primary Energy Production?
Daltaí: Cillian O Dwyer, Anastasia Mazur
Múinteoir: Helen Murray
Coláiste Charn Tobair
Caiseal Mumhan
Contae Thiobraid Árann
A Regression Based Forecasting Model for Irelands Electricity Price Inflation
Is iad seo a leanas roinnt deacrachtaí a thagann aníos gach bliain le linn na bpróiseas clárúcháin agus iontrála:
Meabhraítear do mhúinteoirí agus do dhaltaí gach bliain a thábhachtaí is atá sé na rialacha a léamh go cúramach. Mar sin féin, tá roinnt cás arís i mbliana d’fhoirne rannpháirteacha nár chloígh leo. Liosta gairid rialacha atá i gceist, iad scríofa go simplí agus ceaptha an próiseas a éascú don Oifig agus do scoileanna araon. Ba thrua é d’aon fhoireann a bheith fágtha as an iomaíocht tar éis dóibh oibriú go dian. Bheimis breá sásta aon cheisteanna a fhreagairt maidir leis na riachtanais iontrála.
Chuaigh an raon leathan topaicí suimiúla a clúdaíodh i bpóstaeir na bliana seo i gcion go mór ar na moltóirí.
É sin ráite, seo roinnt comhairle faoi na gnéithe gur féidir iad a fheabhsú:
Déan iarracht gan dath dorcha a úsáid mar chúlra ar do phóstaer ós rud é go bhfágann sé an-deacair é cuid den téacs a léamh. Uaireanta, tá difríocht idir cuma na ndathanna agus na gclónna ar an scáileáin agus a gcuma ar pháipéar, mar sin ba smaoineamh maith é cóip den phóstaeir a phriontáil amach ionas gur féidir breathnú air sula gcuireann sibh é faoi bhráid.
Chomh maith leis sin, tabhair aird don chomhréir idir spás bán agus téacs/graif; cinnte is tábhachtach go mbeadh spás ban ann dos na himill, srl. le nach mbeadh an póstaer míshlachtmhar, ach ar an lámh eile de is deacair cló beag agus graif bheaga a léamh. I gcás póstaeir a úsáideadh le haghaidh iontráil i gComórtas an Eolaí Óig agus Teicneolaíochta, ba chóir roinnt eagarthóireachta a dhéanamh air seo chun go bhfeilfeadh sé níos fearr do chomórtas póstaeir.
Smaoinigh ar na graif atá in úsáid agat: an iad is feiliúnaí? Is maith iad barrachairteacha chun comparáid a dhéanamh, agus tá líne-chairteacha níos fearr ó thaobh treochtaí de. Léirítear gaolta agus dáiltí go beacht le scaipghram, ach ba chóir píchairteacha a úsáid do chomhdhéanaimh shimplí amháin – níor chóir iad a úsáid riamh do chomparáidí nó do dháiltí. B’fhearr go mbeadh graif ina gcuidiú don léitheoir ciall a bhaint as na torthaí atá agat, mar sin déan cinnte de go gcuireann tú teideal ar na haiseanna agus bain leas as eochair eolais más gá.
Léiríodh mianach i go leor de na póstaeir leis an ábhar a roghnaíodh, le bailiú sonraí agus mar sin de, ach ní raibh an caighdeán céanna le braith sa mhír anailíse. Bain triail as réimse teicnící staitistiúla, lena n-áirítear staitisticí tuairisciúla agus infeireacha.
Tabhair eolas níos fearr maidir le foinse na sonraí. I gcás roinnt pósteir, ba ligeacht í nach raibh cur síos déanta orthu faoi mhodhanna suirbhéireachta nó bailithe sonraí.
Bí cúramach maidir le topaicí íogaire. Níor mhaith linn cur in aghaidh a leithéid a roghnú ach ba chóir do dhaltaí agus do mhúinteoirí araon a bheith airdeallach ar shaincheisteanna rúndachta agus suirbhéireachta eiticiúil.
Ar deireadh, is furasta do phóstaer a phrofáil sula gcuireann tú isteach é óir gur féidir le botúin chló nó litrithe cuir as do dhea-íomhá an phóstaeir.
Soiléireacht na teachtaireachta: Déan iarracht gan an póstaer a bheith róchasta – ní gá an iliomad míreanna éagsúla a thástáil nó a anailísiú.
Bailiú sonraí: Sa chás go bhfuil sonraí suirbhéireachta á bhailiú as scoil ar leith, ba chóir roinnt eolas cúlra faoin scoil (aoninscne nó measctha, méid, srl) a chur ar fáil ionas go mbeidh comhthéacs leis na torthaí agus iad trédhearcach dá bharr. D’fhéadfaí éifeachtaí an neamhfhreagracht, má tá a leithéid ann, a cíoradh.
Anailísiú agus conclúidí: Bí cúramach agus tuairsciú á dhéanamh ar na torthaí. Ná téigh thar fóir leis na tátail/conclúidí gur féidir a dhéanmh bunaithe orthu seo - de ghnáth bíonn tátail teoranta don sampláil agus is beag an seans go mbainfidh siad leis an ndaonra iomlán. Tá sé an-tábhachtach modh anailísithe statitistiúil a roghnú atá iomchuí don chineál sonraí a bailíodh. Déan iarracht an tráchtaireacht a bheith oibiachtúil seachas suibiachtúil.
Graif agus táblaí: Déan cinnte de go gcuireann tú teideal ar na haiseanna agus bain úsáid as graf/graif sa stíl is oiriúnaí do do theachtaireachta. Seachain graif thríthoiseacha (3D) óir is minic go mbaineann an leagan amach seo d’inléiteacht an ghraif féin. Roghnaigh an cineál graif cuí chun do sonraí a léiriú – mar shampla, ná úsáid líne-chairteacha in achoimre ar shonraí catagóireacha. Agus do chuid torthaí á léiriú agat, tabhair figiúirí go dhá ionad de dheachúlacha ar mhéid - mura bhfuil gá ar leith len iad a thaispeáint ar leibhéal níos cruinne.
Cur i láthair: Tabhair aire maidir le litriú, ailíniú foriomlán agus formáidiú an phóstaeir. Más féidir ar chur ar bith é, seachain an iomarca téacs nó ábhar eile a chur ar an bpóstaer. Bain leas as meascán de théacs, graif agus íomhánna, ach cuir i gcuimhne go mbíonn tionchar níos mó ag graif agus íomhánna ná téacs.
Do phóstaer i bhformáid sleamhnán, ná déan rud casta de ghluaiseacht an scéil atá á insint agat. Bí cinnte go leanann na sleamhnáin ceann i ndiaidh a chéile ar bhonn simplí, intuigthe, éasca le léamh. Mar shampla:
Déan sracfhéachaint ar gach píosa teacs, graf agus íomhá lena chinntiú go bhfuil siad inléite sa leagan deiridh den phóstaer. I roinnt cásanna i mbliana, níorbh fhéidir an téacs a léamh toisc é a bheith róchosúil le dath an chúlra – bain triail as cló dorcha ar chúlra geal.
Tá éifeacht físiúil na bpóstaer ag dul i bhfeabhas bliain i ndiaidh bliana. Is maith an rud é póstaer tarraingteach a bheith mar cuspóir agat, ach bí cúramach leis an scéim dhathanna a roghnaíonn tú. Is leor 2 nó 3 dhath éagsúla. Úsáid scéim dhathanna nach bhfuil scéiniúil nó géar le breathnú air. Seachain cúlraí atá róphlúchta.
Cruthaitheacht/Tábhacht: Is codanna lárnacha den chomórtas iad úrnuacht agus cruthaitheacht chomh fada is a bhaineann sé leis an gceist taighde.
Cuirfimid fáilte roimh aon aiseolas nó tuairimí a d’fhéadfadh a bheith agat faoi chomórtas póstaeir Bhonn Staidrimh John Hooper ach iad a sheoladh chuig studentcompetitions@cso.ie