Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Bhí an-rath ar chomórtas Bhonn Staidrimh John Hooper arís i mbliana. Bíonn ríméad orainn an oiread iontrálacha ar an gcomórtas a fheiceáil bliain i ndiaidh a chéile. Arís i mbliana, bhí orainn an comórtas a chur chun cinn ar bhealach éagsúil, agus muid gan deis castáil le múinteoirí agus le daltaí ag imeachtaí. Reáchtálamar feachtas mór poiblíochta ar na meáin shóisialta agus d’éirigh go han-mhaith leis.

Seoladh an dara heagrán déag de Chomórtas Bhonn Staidrimh John Hooper ar an 20 Deireadh Fómhair 2021. San iomlán, fuaireamar 227 iontráil.

Rinne painéil de chuid na hOifige dhá réamhbhabhta moltóireachta ar na póstaeir agus iad ag obair de réir critéir mhionsonraithe moltóireachta. Cuireadh 15 phóstaer ar an ngearrliosta don bhabhta moltóireachta deiridh. Ar an bpainéal don bhabhta deiridh sin, faoi chathaoirleacht Fiona O’Callaghan, bhí:

 

Kathleen O'Sullivan
Léachtóir & Stiúrthóir ar an Aonad Sainchomhairleoireachta Staitistiúil
Scoil na nEolaíochtaí Matamaiticiúla
Coláiste na hOllscoile
Corcaigh

An Dr Kieran Murphy
Léachtóir sa Mhatamaitic
Calmast
Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge

Anthony Dawson
Staitisteoir
An Phríomh-Oifig Staidrimh
Corcaigh

Fiona O’Callaghan
Staitisteoir
An Phríomh-Oifig Staidrimh
Corcaigh

Tim Linehan
Staitisteoir
An Phríomh-Oifig Staidrimh
Corcaigh

Is iad seo a leanas torthaí bhreithniú na moltóirí:

Chéad Áit agus buaiteoirí Bhonn Staidrimh John Hooper

Daltaí: Conor Breen, Seanie O'Shea
Múinteoir: Ivan Cliffe
Ardscoil na Mara
An Trá Mhór,
Contae Phort Láirge

A Simple Method To Improve Energy Production From Bifacial Solar Panels


Dara hÁit

Daltaí: Nathan Mac an Bháird, Alicia Nic an Bháird
Múinteoir: Georgina Martin
Coláiste Pobail Ros Comáin
Lios na Molt
Contae Ros Comáin

What are Your Phone Habits?


Tríú hÁit

Daltaí: Holly Whelan, Nicole Murphy
Múinteoir: Sinead Kent
Meánscoil Mhuire,
An tAonach,
Contae Thiobraid Árann

How To Write A Piece of Chart Topping Music?

 

Ord Fiúntais

Thug na moltóirí ord fiúntais do na póstaeir seo a leanas:

Daltaí: Lara Orosz, Caoimhe Hannigan
Múinteoir: Veronica Ryan
Coláiste Chaladh an Treoigh
Caladh an Treoigh,
Luimneach
Investigating Reading Trends in Ireland

Daltaí: Grace Meaney, Clodagh Geraghty
Múinteoir: Michelle Madigan
Coláiste Mhuire
Inis Cluana Rámhfhada,
Contae an Chláir
Does Exercise Affect Happiness?

Daltaí: Mia Byrne, Charlee Holt, Aoibhe Walsh
Múinteoir: Sinead O'Connor
Coláiste Loreto Charraig an tSionnaigh
Gráinseach an Déin
Contae Bhaile Átha Cliath
Are People Similar to Their Descriptions Provided by Their Star Signs?

Daltaí: Heather O’Sullivan, Daniel Hegarty
Múinteoir: Georgina Martin
Coláiste Pobail Ros Comáin
Lios na Molt
Contae Ros Comáin
Turning Out in Force

Daltaí: Mary Coughlan, Hannah Connon, Emily Flynn
Múinteoir: Clodagh Hogan
Coláiste Pobail Ghailinne,
An Féar Bán,
Contae Uíbh Fhailí
The Impact of the Crowd on Referees' Decision Making

Daltaí: Callum Rogerson, Raymond Lambe, Sean Tobin
Múinteoir: Mr Patrick Molony
Scoil Chlasaiceach Phádraig,
An Uaimh,
Contae na Mí
Who Has Been Affected the Most by Covid-19?

Daltaí: Owen Clarke, Sean Boyce
Múinteoir: Ms Annette Galvin
Meánscoil Naomh Iósaf
An Tulach,
Contae an Chláir
The Effects of Playing Sport on Student's Mental Health

Daltaí: Cian Ó Cadhla, Cormac Sims
Múinteoir: Ivan Cliffe
Ardscoil na Mara,
An Trá Mhór,
Contae Phort Láirge
Rewilding Ireland: Could Glenveagh National Park Sustain A Grey Wolf Population

Daltaí: Niamh Muldowney, Laura McMahon, Alannah Galligan
Múinteoir: Ruairí Maher
Gaelcholáiste Luimnigh,
Meal Sior Anraí,
Luimneach
Do Push Notifications Influence Screen Time

Daltaí: Millie Boylan, Isabelle McDonnell Murphy
Múinteoir: Aisling Kirwan
Drogheda Grammar School,
Mornington Road,
Co. Meath
How Age Affects IQ

Daltaí: Tegan Hatty, Leanna Walsh
Múinteoir: Melissa Carroll
Coláiste Ghleann Airt
An tInbhear Mór,
Contae Chill Mhantáin
Clothes Bought and Thrown Away

Daltaí: Rhys O’Connor, Jamie Juhanson
Múinteoir: Rebecca Delee
Coláiste Dheasumhan
An Caisleán Nua,
Contae Luimnigh
Reducing Ireland’s Power Related Carbon Emissions

 

Aiseolas maidir leis na póstaeir

Is iad seo a leanas roinnt deacrachtaí a thagann aníos gach bliain le linn na próisis clárúcháin agus iontrála:

  • Iontrálacha sa bhformáid mhícheart
  • Ainm na scoile nó ainmneacha na ndaltaí luaite ar an bpóstaeir
  • Iontrálacha ó dhaltaí aonair - is d'fhoirne an comórtas seo

Meabhraítear do mhúinteoirí agus do dhaltaí gach bliain a thábhachtaí is atá sé na rialacha a léamh go cúramach. Mar sin féin, tá roinnt cás arís i mbliana d’fhoirne rannpháirteacha nár chloígh leo. Liosta gairid rialacha atá i gceist, iad scríofa go simplí agus ceaptha an próiseas a éascú don Oifig agus do scoileanna araon. Ba thrua é d’aon fhoireann a bheith fágtha as an iomaíocht tar éis dóibh oibriú go dian. Bheimis breá sásta aon cheisteanna a fhreagairt maidir leis na riachtanais iontrála.

Aiseolas ó na moltóirí

Chuaigh an raon leathan topaicí suimiúla a clúdaíodh i bpóstaeir na bliana seo i gcion go mór ar na moltóirí.

É sin ráite, seo roinnt comhairle faoi na gnéithe gur féidir iad a fheabhsú:

Déan iarracht gan dath dorcha a úsáid mar chúlra ar do phóstaer ós rud é go bhfágann sé an-deacair é cuid den téacs a léamh. Uaireanta, tá difríocht idir cuma na ndathanna agus na gclónna ar an scáileáin agus a gcuma ar pháipéar, mar sin ba smaoineamh maith é cóip den phóstaeir a phriontáil amach ionas gur féidir breathnú air sula gcuireann sibh é faoi bhráid.

Chomh maith leis sin, tabhair aird don chomhréir idir spás bán agus téacs/graif; cinnte is tábhachtach go mbeadh spás ban ann dos na himill, srl. le nach mbeadh an póstaer míshlachtmhar, ach ar an lámh eile de is deacair cló beag agus graif bheaga a léamh. I gcás póstaeir a úsáideadh le haghaidh iontráil i gComórtas an Eolaí Óig agus Teicneolaíochta, ba chóir roinnt eagarthóireachta a dhéanamh air seo chun go bhfeilfeadh sé níos fearr do chomórtas póstaeir.

Smaoinigh ar na graif atá in úsáid agat: an iad is feiliúnaí? Is maith iad barrachairteacha chun comparáid a dhéanamh, agus tá líne-chairteacha níos fearr ó thaobh treochtaí de. Léirítear gaolta agus dáiltí go beacht le scaipghram, ach ba chóir píchairteacha a úsáid do chomhdhéanaimh shimplí amháin – níor chóir iad a úsáid riamh do chomparáidí nó do dháiltí. B’fhearr go mbeadh graif ina gcuidiú don léitheoir ciall a bhaint as na torthaí atá agat, mar sin déan cinnte de go gcuireann tú teideal ar na haiseanna agus bain leas as eochair eolais más gá.

Léiríodh mianach i go leor de na póstaeir leis an ábhar a roghnaíodh, le bailiú sonraí agus mar sin de, ach ní raibh an caighdeán céanna le braith sa mhír anailíse. Bain triail as réimse teicnící staitistiúla, lena n-áirítear staitisticí tuairisciúla agus infeireacha.

Tabhair eolas níos fearr maidir le foinse na sonraí. I gcás roinnt pósteir, ba ligeacht í nach raibh cur síos déanta orthu faoi mhodhanna suirbhéireachta nó bailithe sonraí.

Bí cúramach maidir le topaicí íogaire. Níor mhaith linn cur in aghaidh a leithéid a roghnú ach ba chóir do dhaltaí agus do mhúinteoirí araon a bheith airdeallach ar shaincheisteanna rúndachta agus suirbhéireachta eiticiúil.

Ar deireadh, is furasta do phóstaer a phrofáil sula gcuireann tú isteach é óir gur féidir le botúin chló nó litrithe cuir as do dhea-íomhá an phóstaeir.

Soiléireacht na teachtaireachta: Déan iarracht gan an póstaer a bheith róchasta – ní gá an iliomad míreanna éagsúla a thástáil nó a anailísiú.

Bailiú sonraí: Sa chás go bhfuil sonraí suirbhéireachta á bhailiú as scoil ar leith, ba chóir roinnt eolas cúlra faoin scoil (aoninscne nó measctha, méid, srl) a chur ar fáil ionas go mbeidh comhthéacs leis na torthaí agus iad trédhearcach dá bharr. D’fhéadfaí éifeachtaí an neamhfhreagracht, má tá a leithéid ann, a cíoradh.

Anailísiú agus conclúidí: Bí cúramach agus tuairsciú á dhéanamh ar na torthaí. Ná téigh thar fóir leis na tátail/conclúidí gur féidir a dhéanmh bunaithe orthu seo - de ghnáth bíonn tátail teoranta don sampláil agus is beag an seans go mbainfidh siad leis an ndaonra iomlán. Tá sé an-tábhachtach modh anailísithe statitistiúil a roghnú atá iomchuí don chineál sonraí a bailíodh. Déan iarracht an tráchtaireacht a bheith oibiachtúil seachas suibiachtúil.

Graif agus táblaí: Déan cinnte de go gcuireann tú teideal ar na haiseanna agus bain úsáid as graf/graif sa stíl is oiriúnaí do do theachtaireachta. Seachain graif thríthoiseacha (3D) óir is minic go mbaineann an leagan amach seo d’inléiteacht an ghraif féin. Roghnaigh an cineál graif cuí chun do sonraí a léiriú – mar shampla, ná úsáid líne-chairteacha in achoimre ar shonraí catagóireacha. Agus do chuid torthaí á léiriú agat, tabhair figiúirí go dhá ionad de dheachúlacha ar mhéid - mura bhfuil gá ar leith len iad a thaispeáint ar leibhéal níos cruinne.

Cur i láthair: Tabhair aire maidir le litriú, ailíniú foriomlán agus formáidiú an phóstaeir. Más féidir ar chur ar bith é, seachain an iomarca téacs nó ábhar eile a chur ar an bpóstaer. Bain leas as meascán de théacs, graif agus íomhánna, ach cuir i gcuimhne go mbíonn tionchar níos mó ag graif agus íomhánna ná téacs.

Do phóstaer i bhformáid sleamhnán, ná déan rud casta de ghluaiseacht an scéil atá á insint agat. Bí cinnte go leanann na sleamhnáin ceann i ndiaidh a chéile ar bhonn simplí, intuigthe, éasca le léamh. Mar shampla:

Image for feedback

Déan sracfhéachaint ar gach píosa teacs, graf agus íomhá lena chinntiú go bhfuil siad inléite sa leagan deiridh den phóstaer. I roinnt cásanna i mbliana, níorbh fhéidir an téacs a léamh toisc é a bheith róchosúil le dath an chúlra – bain triail as cló dorcha ar chúlra geal.

Tá éifeacht físiúil na bpóstaer ag dul i bhfeabhas bliain i ndiaidh bliana. Is maith an rud é póstaer tarraingteach a bheith mar cuspóir agat, ach bí cúramach leis an scéim dhathanna a roghnaíonn tú. Is leor 2 nó 3 dhath éagsúla. Úsáid scéim dhathanna nach bhfuil scéiniúil nó géar le breathnú air. Seachain cúlraí atá róphlúchta.

Cruthaitheacht/Tábhacht: Is codanna lárnacha den chomórtas iad úrnuacht agus cruthaitheacht chomh fada is a bhaineann sé leis an gceist taighde.

 

Fáilte roimh aiseolas

Cuirfimid fáilte roimh aon aiseolas nó tuairimí a d’fhéadfadh a bheith agat faoi chomórtas póstaeir Bhonn Staidrimh John Hooper ach iad a sheoladh chuig studentcompetitions@cso.ie