Bhí an-rath ar chomórtas Bhonn Staidrimh John Hooper arís i mbliana. Bíonn ríméad orainn an oiread iontrálacha ar an gcomórtas a fheiceáil bliain i ndiaidh a chéile. I mbliana, de bharr na paindéime sláinte, bhí orainn an comórtas a chur chun cinn ar bhealach éagsúil. Reáchtálamar feachtas mór ar na meáin shóisialta agus d’éirigh go han-mhaith leis. Bhí ar ár mbreithiúna na hiontrálacha a mheas go cianda freisin. Táimid thar a bheith buíoch dóibh as an obair seo a dhéanamh ainneoin na constaicí.
Seoladh an t-aonú eagrán déag de Chomórtas Bhonn Staidrimh John Hooper ar an 20 Deireadh Fómhair 2020. San iomlán, fuaireamar 211 iontráil.
Rinne painéil de chuid na hOifige dhá réamhbhabhta moltóireachta ar na póstaeir agus iad ag obair de réir critéir mhionsonraithe moltóireachta. Cuireadh 15 phóstaer ar an ngearrliosta don bhabhta moltóireachta deiridh. Ar an bpainéal don bhabhta deiridh sin, faoi chathaoirleacht Fiona O’Callaghan, bhí:
Kathleen O'Sullivan
Léachtóir & Stiúrthóir ar an Aonad Sainchomhairleoireachta Staitistiúil
Scoil na nEolaíochtaí Matamaiticiúla
Coláiste na hOllscoile
Corcaigh
An Dr Kieran Murphy
Léachtóir sa Mhatamaitic
Calmast
Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge
Anthony Dawson
Staitisteoir
An Phríomh-Oifig Staidrimh
Corcaigh
Fiona O’Callaghan
Staitisteoir
An Phríomh-Oifig Staidrimh
Corcaigh
Tim Linehan
Staitisteoir
An Phríomh-Oifig Staidrimh
Corcaigh
Is iad seo a leanas torthaí bhreithniú na moltóirí:
Daltaí: Alp Tarim and Leonard Wloch
Múinteoir: Proinsias Cronin
Scoil Ghramadaí Dhroichead na Bandan
Droichead na Bandan,
Co. Chorcaigh
A Regression Based Long-Range Forecasting Model For Ireland’s Electricity Consumption
Dara hÁit
Daltaí: Alana O' Connor and Jessica Chen
Múinteoir: Chloe White
Meánscoil Loreto Bhaile Brigín
Baile Brigín
Contae Bhaile Átha Cliath
How Does Relative Pitch Affect a Person's Ability to Reproduce or Pronounce Languages
Tríú hÁit
Daltaí: Jess Joy and Niamh McManus
Múinteoir: Chloe White
Meánscoil Loreto Bhaile Brigín
Baile Brigín
Contae Bhaile Átha Cliath
Thug na moltóirí ord fiúntais do na póstaeir seo a leanas:
Daltaí: Oscar Despard and Ian Farnan
Múinteoir: Dana Kilroy
Scoil Pháirc Sandford
Raghnalach
Baile Átha Cliath 6
Demographic Predictors of the Incidence of COVID-19
Daltaí: Mae Weir and Sadbh Williams
Múinteoir: Samantha McMorrow
Coláiste na Trócaire Sligeach
Cnoc an tSéipéil
Contae Shligigh
Reading Habits of Teenagers VS Adults
Daltaí: Molly-Jane Sweeney and Chloe Gallagher
Múinteoir: Annette Galvin
Meánscoil Naomh Iósaf
An Tulach
Contae an Chláir
Factors Affecting Exam Performance in Senior Cycle Students in Core Subjects
Daltaí: Caoimhe Kerin and Robyn Mele
Múinteoir: Jessica Tynan
Coláiste Seamount
Cinn Mhara
Contae na Gaillimhe
Daltaí: Hannah Mc Donald and Kate Fensom
Múinteoir: Sinead O’Connor
Coláiste Loreto Charraig an tSionnaigh
Páirc Achadh an Tobair
Charraig an tSionnaigh
Would Society Accept a Tetra Pak Take-over
Daltaí: Labhoise Foley and Samantha Guinan
Múinteoir: Diarmuid Lenehan
Coláiste Pobail an Mhóta
An Móta
Contae na hIarmhí
How Can We prevent Bacteria at Bird Feeders
Daltaí: Rachel Young and Ella Harrington
Múinteoir: Patricia McDonagh
Meánscoil Ag Foghlaim Le Chéile Chorcaí
Bóthar Wellington
Corcaigh
Daltaí: Patrice McGowan and Caitlin McLaughlin
Múinteoir: Laura Corbett
Meánscoil Mhuire
Bóthar Naomh Oran
Bun Cranncha
Contae Dhún na nGall
Climate Change Analysis Ireland Versus Great Britain - A Comparison of CO2 Emissions
Daltaí: Katelyn Doherty and Rory Coleman
Múinteoir: Laura Corbett
Meánscoil Mhuire
Bóthar Naomh Oran
Bun Cranncha
Contae Dhún na nGall
Daltaí: Adriana Ciot, Lily Anderson and Preethigaa Kumaresan
Múinteoir: Brian Higgins
Meánscoil Loreto
Baile Brigín
Contae Bhaile Átha Cliath
Daltaí: Luke Turner, Ian Lynam and Padraic O'Carroll
Múinteoirí: Sean Rossiter
Coláiste Pheadair
Cnoc an tSamhraidh
Loch Garman
Contae Loch Garman
A Comparative Study of Student Participation During Online Learning Between Lock Down 1.0 and 3.0
Daltaí: Isabella Watts and Hiba Shahzad
Múinteoir: Brian Higgins
Meánscoil Loreto
Baile Brigín
Contae Bhaile Átha Cliath
The Effects of ASMR on Stress Levels and Loneliness in Teenage Girls
Is iad seo a leanas roinnt deacrachtaí a thagann aníos gach bliain le linn na próisis clárúcháin agus iontrála:
Meabhraítear do mhúinteoirí agus do dhaltaí gach bliain a thábhachtaí is atá sé na rialacha a léamh go cúramach. Mar sin féin, tá roinnt cás arís i mbliana d’fhoirne rannpháirteacha nár chloígh leo. Liosta gairid rialacha atá i gceist, iad scríofa go simplí agus ceaptha an próiseas a éascú don Oifig agus do scoileanna araon. Ba thrua é d’aon fhoireann a bheith fágtha as an iomaíocht tar éis dóibh oibriú go dian. Bheimis breá sásta aon cheisteanna a fhreagairt maidir leis na riachtanais iontrála.
Chuaigh an raon leathan topaicí suimiúla a clúdaíodh i bpóstaeir na bliana seo i gcion go mór ar na moltóirí.
É sin ráite, seo roinnt comhairle faoi na gnéithe gur féidir iad a fheabhsú:
Déan iarracht gan dath dorcha a úsáid mar chúlra ar do phóstaer ós rud é go bhfágann sé an-deacair é cuid den téacs a léamh. Uaireanta, tá difríocht idir cuma na ndathanna agus na gclónna ar an scáileáin agus a gcuma ar pháipéar, mar sin ba smaoineamh maith é cóip den phóstaeir a phriontáil amach ionas gur féidir breathnú air sula gcuireann sibh é faoi bhráid.
Chomh maith leis sin, tabhair aird don chomhréir idir spás bán agus téacs/graif; cinnte is tábhachtach go mbeadh spás ban ann dos na himill, srl. le nach mbeadh an póstaer míshlachtmhar, ach ar an lámh eile de is deacair cló beag agus graif bheaga a léamh. I gcás póstaeir a úsáideadh le haghaidh iontráil i gComórtas an Eolaí Óig agus Teicneolaíochta, ba chóir roinnt eagarthóireachta a dhéanamh air seo chun go bhfeilfeadh sé níos fearr do chomórtas póstaeir.
Smaoinigh ar na graif atá in úsáid agat: an iad is feiliúnaí? Is maith iad barrachairteacha chun comparáid a dhéanamh, agus tá líne-chairteacha níos fearr ó thaobh treochtaí de. Léirítear gaolta agus dáiltí go beacht le scaipghram, ach ba chóir píchairteacha a úsáid do chomhdhéanaimh shimplí amháin – níor chóir iad a úsáid riamh do chomparáidí nó do dháiltí. B’fhearr go mbeadh graif ina gcuidiú don léitheoir ciall a bhaint as na torthaí atá agat, mar sin déan cinnte de go gcuireann tú teideal ar na haiseanna agus bain leas as eochair eolais más gá.
Léiríodh mianach i go leor de na póstaeir leis an ábhar a roghnaíodh, le bailiú sonraí agus mar sin de, ach ní raibh an caighdeán céanna le braith sa mhír anailíse. Bain triail as réimse teicnící staitistiúla, lena n-áirítear staitisticí tuairisciúla agus infeireacha.
Tabhair eolas níos fearr maidir le foinse na sonraí. I gcás roinnt pósteir, ba ligeacht í nach raibh cur síos déanta orthu faoi mhodhanna suirbhéireachta nó bailithe sonraí.
Bí cúramach maidir le topaicí íogaire. Níor mhaith linn cur in aghaidh a leithéid a roghnú ach ba chóir do dhaltaí agus do mhúinteoirí araon a bheith airdeallach ar shaincheisteanna rúndachta agus suirbhéireachta eiticiúil.
Ar deireadh, is furasta do phóstaer a phrofáil sula gcuireann tú isteach é óir gur féidir le botúin chló nó litrithe cuir as do dhea-íomhá an phóstaeir.
Soiléireacht na teachtaireachta: Déan iarracht gan an póstaer a bheith róchasta – ní gá an iliomad míreanna éagsúla a thástáil nó a anailísiú.
Bailiú sonraí: Sa chás go bhfuil sonraí suirbhéireachta á bhailiú as scoil ar leith, ba chóir roinnt eolas cúlra faoin scoil a chur ar fáil ionas gur féidir trédhearcacht a chinntiú do chomhthéacs na dtorthaí. D’fhéadfaí éifeachtaí an neamhfhreagracht, má tá a leithéid ann, a cíoradh.
Anailísiú agus conclúidí: Bí cúramach agus tuairsciú á dhéanamh ar na torthaí. Ná téigh thar fóir leis na tátail/conclúidí gur féidir a dhéanmh bunaithe orthu seo - de ghnáth bíonn tátail teoranta don sampláil agus is beag an seans go mbainfidh siad leis an ndaonra iomlán. Tá sé an-tábhachtach modh anailísithe statitistiúil a roghnú atá iomchuí don chineál sonraí a bailíodh. Déan iarracht an tráchtaireacht a bheith oibiachtúil seachas suibiachtúil.
Graif agus táblaí: Déan cinnte de go gcuireann tú teideal ar na haiseanna agus bain úsáid as graf/graif sa stíl is oiriúnaí do do theachtaireachta. Seachain graif thríthoiseacha (3D) óir is minic go mbaineann an leagan amach seo d’inléiteacht an ghraif féin. Roghnaigh an cineál graif cuí chun do sonraí a léiriú – mar shampla, ná úsáid líne-chairteacha in achoimre ar shonraí catagóireacha. Agus do chuid torthaí á léiriú agat, tabhair figiúirí go dhá ionad de dheachúlacha ar mhéid - mura bhfuil gá ar leith len iad a thaispeáint ar leibhéal níos cruinne.
Cur i láthair: Tabhair aire maidir le litriú, ailíniú foriomlán agus formáidiú an phóstaeir. Más féidir ar chur ar bith é, seachain an iomarca téacs nó ábhar eile a chur ar an bpóstaer. Bain leas as meascán de théacs, graif agus íomhánna, ach cuir i gcuimhne go mbíonn tionchar níos mó ag graif agus íomhánna ná téacs.
Do phóstaer i bhformáid sleamhnán, ná déan rud casta de ghluaiseacht an scéil atá á insint agat. Bí cinnte go leanann na sleamhnáin ceann i ndiaidh a chéile ar bhonn simplí, intuigthe, éasca le léamh. Mar shampla:
Déan sracfhéachaint ar gach píosa teacs, graf agus íomhá lena chinntiú go bhfuil siad inléite sa leagan deiridh den phóstaer. I roinnt cásanna i mbliana, níorbh fhéidir an téacs a léamh toisc é a bheith róchosúil le dath an chúlra – bain triail as cló dorcha ar chúlra geal.
Tá éifeacht físiúil na bpóstaer ag dul i bhfeabhas bliain i ndiaidh bliana. Is maith an rud é póstaer tarraingteach a bheith mar cuspóir agat, ach bí cúramach leis an scéim dhathanna a roghnaíonn tú. Is leor 2 nó 3 dhath éagsúla. Úsáid scéim dhathanna nach bhfuil scéiniúil nó géar le breathnú air. Seachain cúlraí atá róphlúchta.
Cruthaitheacht/Tábhacht: Is codanna lárnacha den chomórtas iad úrnuacht agus cruthaitheacht chomh fada is a bhaineann sé leis an gceist taighde.
Cuirfimid fáilte roimh aon aiseolas nó tuairimí a d’fhéadfadh a bheith agat faoi chomórtas póstaeir Bhonn Staidrimh John Hooper ach iad a sheoladh chuig johnhooper2021@cso.ie.