Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Tá Comórtas Póstaeir Staidrimh John Hooper ar cheann de na comórtais is mó do scoileanna a bhfuil meas air agus is mó le rá in Éirinn. Ainmníodh an comórtas i ndiaidh chéad Stiúrthóir Staidrimh Shaorstát Éireann agus tá an tóir atá air i measc daltaí agus múinteoirí araon ag méadú i gcaitheamh an ama.

Leis an gcomórtas, tugtar deis den scoth do dhaltaí ar fud oileán na hÉireann a gcuid scileanna anailíseacha agus léirmhínithe maidir le sonraí a léiriú.
Cuirfidh rannpháirtíocht i gComórtas Póstaeir Staidrimh John Hooper 2025 feabhas ar chumas na ndaltaí cur síos a dhéanamh ar a dtimpeallacht le staidrimh mar áis acu, agus chun leas a bhaint as staidrimh mar uirlis chun ciall a bhaint as an ngnáthshaol laethúil.
Sa chomórtas seo, déanfar measúnú ar chumas na ndaltaí fíorfhadhb ina dtimpeallacht féin a aithint agus, le staidrimh mar áis acu, cur síos, anailís agus léirmhíniú a dhéanamh ar a gcuid torthaí i bhfoirm scríofa agus ghrafach ar phóstaer.
Is comórtas d’fhoireann é Comórtas Póstaeir Staidrimh John Hooper, agus féadfaidh daltaí póstaer a dhearadh ar ábhar ar bith dá rogha féin. Is féidir le daltaí aonair, nó foirne de bheirt nó triúr dalta cur isteach ar an gcomórtas.
D’fhéadfadh daltaí a d’oibrigh ar thionscadal eile nó a chur iontráil ar aghaidh i gcomórtas eolaíochta nó staidrimh eile, amhail Taispeántas Teicneolaíochta Eolaí Óg BT, páirt a ghlacadh i gcomórtais CSO, faoi réir na critéir incháilitheachta a chomhlíonadh.

Buntáistí

Rachaidh rannpháirtíocht sa chomórtas seo chun tairbhe do dhaltaí ar na bealaí seo a leanas:
1. A bheith ag obair mar bhall foirne - foghlaimeoidh daltaí scileanna comhoibrithe, tarmligin agus freagrachta, ar scileanna iad a mbíonn meas mór ag fostóirí ionchais orthu agus a mbíonn siad ag lorg ina gcuid fostaithe.
2. Saineolas i dtaobh Ábhair - tugann rannpháirtíocht i gComórtas Póstaeir Staidrimh John Hooper deis do dhaltaí a gcuid saineolais ar ábhar ar leith a léiriú agus a gcumas smaointeoireachta criticiúla a fhorbairt.
3. Forbairt CV - Cabhraíonn sé le daltaí le go seasfaidh siad amach nuair a bheidh iarratas á dhéanamh acu ar chúrsaí tríú leibhéal agus tabharfaidh sé buntáiste iomaíoch dóibh nuair a bheidh siad ag cur isteach ar phoist.
4. Gradaim Gaisce - d’fhéadfaí iontrálacha don chomórtas a bhreithniú lena n-áireamh i nGradaim Gaisce an Uachtaráin faoin gcuid scileanna pearsanta.
5. Muinín - muinín a chothú trí fhoghlaim fhéinstiúrtha, scileanna scríofa agus grafacha a fhorbairt agus ionadaíocht a dhéanamh do do scoil trí obair tionscadail a chur i láthair i gcomórtas náisiúnta.

Duaiseanna

Mar aon leis an meas a bhaineann le Bonn Staidrimh John Hooper a bhuachan, tá duaiseanna suntasacha airgid thirim ar fáil freisin, ar fiú €3,200 san iomlán iad. Faigheann na scoileanna a bhfuil na foirne ag déanamh ionadaíochta dóibh duaiseanna airgid thirim freisin.
1ú Áit - €1,600 (a mbronnfar €1000 de ar an scoil agus €600 do bhuaiteoir(í) na duaise mar aon le Bonn Staidrimh John Hooper)
2ú hÁit - €1,000 (a mbronnfar €650 de ar an scoil agus €350 do bhuaiteoir(í) na duaise.)
3ú hÁit - €600 (a mbronnfar €400 de ar an scoil agus €200 do bhuaiteoir(í) na duaise.)

Áireofar ar na duaiseanna freisin:
• Boinn áille airgid steirling greanta do na buaiteoirí sa chéad áit.
• Teastais i bhfráma.
• Cuireadh chuig Searmanas Bronnta CSO.
• Beidh buaiteoirí Chomórtas Póstaeir Staidrimh John Hooper don bhliain 2025 incháilithe chun dul san iomaíocht thar ceann a dtíre i gComórtas Staidrimh na hEorpa, 2025.

Dátaí Tábhachtacha

Clárú - Ar siúl anois
Dáta deiridh a nglacfar le póstaeir - an 20 Feabhra 2025
Fógrófar na buaiteoirí - an 21 Márta 2025

Cláraigh d’fhoireann

Is féidir le daltaí aonair, nó foirne de bheirt nó triúr dalta cur isteach ar an gcomórtas, agus iad 19 mbliana d’aois nó níos óige, as áit ar bith ar oileán na hÉireann. Ní mór do mhúinteoir na foirne a chlárú. Cláraigh anois agus cuir ar aghaidh do phóstaer faoin 20 Feabhra 2025 (5 i.n.).

Cuir do phóstaer ar aghaidh

Ní mór ainm an chomhaid uaslódáilte a bheith ag teacht le teideal an phóstaeir.

Níor cheart go mbeadh aon eolas aitheantais ar an bpóstaer, .i. ainmneacha daltaí nó ainmneacha scoile.

 Tabhair áire:

  • Gur cheart póstaeir a uaslódáil sna formáidí seo a leanas: PNG, JPEG, GIF agus PDF AMHÁIN
  • Gurb é 1MB an uasmhéid chomhaid don phóstaer
  • Nach mbeifear in ann glacadh le póstaeir i ndiaidh 5 i.n. ar an 20 Feabhra 2025