Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh an-sásta urraíocht a dhéanamh ar ghradam ag Taispeántas Teicneolaíochta Eolaí Óg BT 2025. Bronnfar an gradam seo ar dhuine aonair nó ar ghrúpa ag Taispeántas an Eolaí Óig 2025 as an úsáid, nó an úsáid fhéideartha, is nuálaí a bhaint as Sonraí Oscailte CSO.
Tá an Gradam um Úsáid is Fearr Sonraí Oscailte CSO spriocdhírithe ar dhaoine óga a spreagadh chun sonraí oscailte a úsáid agus is gníomhaíocht iontach seach-churaclaim í do dhaltaí scoile, go bhféadfaidís í a lua ar CV nó ar iarratas coláiste. Is féidir leis na daltaí scileanna a fhorbairt ar nós modheolaíocht taighde, dearadh turgnamh, bailiú sonraí, measúnú agus anailísiú, smaointeoireacht chriticiúil, réiteach fadhbanna, cumarsáid, nuálaíocht agus fiontraíocht. Bíonn de chlaonadh ag tionscadail a chuirtear ar aghaidh do Thaispeántas an Eolaí Óig tacú le cur chuige traschuraclaim i bhfoghlaim ETIM/STEM.
Mar a dhéanfar an Gradam um Úsáid is Fearr Sonraí Oscailte CSO a mheas ag Taispeántas an Eolaí Óig 2025
Níl aon phróiseas iontrála ar leith ann don ghradam seo. Déanfaidh na moltóirí tionscadail a mheas ar fud catagóirí agus formáidí uile i dtaobh anailís staitisticiúil, próisis staitisticiúla nó aschuir staitisticiúla. Is féidir tionscadal ar bith a bhain úsáid as sonraí oscailte CSO a bhreithniú don ghradam. Bronnfar an gradam ar an úsáid is spéisiúla nó is nuálaí a bhaintear as na sonraí nó ar chur i bhfeidhm na sonraí, dar leis na moltóirí.
An Gradam
Bronnfar an Gradam um Úsáid is Fearr Sonraí Oscailte CSO tráthnóna Dé hAoine ag Taispeántas an Eolaí Óig 2025 féin. Ina theannta sin, gheobhaidh an buaiteoir nó na buaiteoirí bonn arna coimisiúnú go speisialta ar dháta níos déanaí. Bronnfaidh an CSO seo orthu ag Searmanas Bronnta Bliantúil na nGradam CSO.
Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun clárú le hEolaí Óg 2025, téigh chuig https://btyoungscientist.com/
Chun tuilleadh eolas a fháil maidir le Comórtais agus Duaiseanna CSO → Cliceáil anseo