Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Irish European Statistics Competition Banner

Is comórtas é Comórtas Staidrimh na hEorpa (CSE) arna eagrú ag Eurostat agus Institiúidí Staidrimh Náisiúnta deonacha atá dírithe ar scoláirí meánscoile agus tá sé mar aidhm leis scoláirí a spreagadh le heolas a chur ar staidreamh agus ar fhoinsí oifigiúla staidrimh.

Cé gur féidir le daoine aonair cur isteach ar Chomórtas John Hooper anois, tabhair ar aird nach féidir ach le foirne cur isteach ar an gComórtas Staidrimh Eorpach (CSE). Tabharfar cuireadh do na foirne is airde rangaithe cur isteach ar an CSE. Rachaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh i gcomhairle leis na foirne rannpháirteacha maidir leis na riachtanais.

Déanfaidh foirne a bheidh páirteach físeán ina mbeidh orthu coincheap staidrimh a mhíniú. Ní féidir le físeáin a bheith níos faide ná dhá nóiméad. Déantar an t-ábhar a insint do na foirne atá páirteach i mí Márta gach bliain. Trí thagairt a dhéanamh do staidreamh cuí, ní mór do na hiomaitheoirí a dtír nó réigiún féin a chur i gcomparáid le tíortha nó réigiúin eile san Eoraip agus é sin a léiriú, agus aird a tharraingt ar thréithe spéisiúla i gcomórtas leis an meán san Eoraip.

Déanfaidh giúiré chéim na hEorpa de CSE na nithe seo a ghlacadh san áireamh nuair a bheidh siad ag measúnú na bhfíseán roghnaithe:
• Cruthaitheacht an fhíseáin
• Teachtaireacht an fhíseáin: is féidir é a thuiscint / is féidir é a chreidiúint de réir an choincheapa / na ceiste a ardaíodh
• Éifeachtacht an fhíseáin i dtaobh an teachtaireacht a chur in iúl
• An chomhréireacht idir an cháipéis pdf agus an físeán
• Foinsí agus tagairt d’ábhar a úsáideadh a bheith san áireamh (amhail ceol, íomhánna, etc).

Gheobhaidh gach ball agus meantóir ar na foirne buacacha Eorpacha as an dá aoisghrúpa na gradaim seo a leanas:
• dearbhán €400
• teastas gnóthachtála
• foilseacháin agus ábhar bolscaireachta Eurostat

Nasc chun féachaint ar fhíseáin bhuacacha 2024 https://www.youtube.com/watch?v=zMc88pKYlsI

Chun eolas a fháil faoi Chomórtais agus Gradaim eile CSO → Cliceáil anseo