Tá an tuarascáil Daonáireamh 2022 Próifíl 7 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (05 Nollaig 2023). Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhthorthaí do Dhún na nGall. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.
Kathleen Goulding | (+353) 1 895 1413 |
---|---|
Tony Downes | (+353) 1 895 1319 |
R-phost | censuspublicity@cso.ie |
R-phost | pressoffice@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Ráiteas an Staitisteora
Ag trácht di ar na torthaí, dúirt an Dr Tracy Clegg, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh: “I bPróifíl 7, clúdaítear na hábhair a bhaineann le Fostaíocht, Dífhostaíocht agus Comaitéireacht lena gcuirtear staidreamh, anailís agus táblaí sonraí ar fáil. Pléitear sa tuarascáil seo daoine atá ag obair nó dífhostaithe, slite beatha agus earnálacha tionsclaíochta chomh maith le patrúin chomaitéireachta oibrithe, mac léinn agus leanaí ar scoil nó i gcúram leanaí. Rud atá nua do Dhaonáireamh 2022 ná go bhfuil ábhair bhreise ann maidir le comaitéireacht chuig cúram leanaí agus an t-am a fhágann tú an t-ionad oibre, an scoil, an coláiste nó cúram leanaí, rud a chuireann eolas níos cruinne ar fáil faoi phatrúin taistil chomh maith le heolas faoi obair ón mbaile.”
Roinnt buaicphointí faoi Dhún na nGall
Daoine ag Obair/Daoine Dífhostaithe
Bhí beagnach 133,000 duine a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine ina gcónaí sa chontae in Aibreán 2022 agus astu sin bhí níos mó ná 67,900 duine ag obair. Ardú 16% a bhí ansin (as an líon níos mó ná 58,000 duine a taifeadadh mar dhaoine atá ag obair i nDaonáireamh 2016). Go náisiúnta, bhí 2.3 milliún duine ag obair in Aibreán 2022, sin ardú 16%.
Bhí beagnach 8,100 duine dífhostaithe sa chontae in Aibreán 2022. Bhí sé sin i bhfad níos ísle ná figiúr na bliana 2016 ina raibh níos mó ná 12,800 duine dífhostaithe (laghdú 37%). B’ionann an ráta dífhostaíochta agus 11% i gcomparáid le 18% in 2016. Bhí sé sin ar cheann de na rátaí ab airde sa tír in Aibreán 2022. Is ag Dún na nGall freisin a bhí ceann de na rátaí dífhostaíochta fadtréimhsí ab airde, ag 6%. Bhí beagnach 211,000 duine dífhostaithe go náisiúnta i gcomparáid le níos mó ná 297,000 duine i nDaonáireamh 2016. B’ionann an ráta dífhostaíochta agus 8% in 2022 i gcomparáid le 13% in 2016. I measc na mbailte go náisiúnta a raibh daonra 1,500 duine ar a laghad iontu, is ag Leifear a bhí ceann de na rátaí dífhostaíochta ab airde ag 22% agus astu sin, ba fhostaíocht fhadtréimhseach a bhí i gceist le 12%, ráta a bhí i measc na rátaí ab airde sa tír freisin.
Bhí níos mó ná 25,900 duine ar scor i nDún na nGall, sin ardú 16% ó Dhaonáireamh 2016 i leith. Tháinig ardú 17% ar líon na ndaoine nach raibh in ann a bheith ag obair de bharr tinneas nó míchumas buan go dtí 7,145 duine. Tháinig laghdú 11% ar líon na ndaoine a raibh cúraimí tí/teaghlaigh orthu go dtí díreach os cionn 9,400 duine.
B’ionann an ráta rannpháirtíochta san fhórsa saothair i nDún na nGall agus 57% i comparáid le 61% go náisiúnta. B’ionann an ráta agus 52% i measc na mban agus 63% i measc na bhfear. Go náisiúnta bhí an treocht cosúil leis sin ag 56% do rannpháirtíocht san fhórsa saothair do mhná agus 67% d’fhir.
Bhí formhór na ndaoine a bhí i mbun oibre i nDún na nGall fostaithe go lánaimseartha le beagnach 48,000 duine sa chatagóir seo i gcomparáid le níos mó ná 13,700 duine a bhí i mbun oibre go páirtaimseartha.
An áit a raibh daoine ag obair
Bhí an líon ba mhó oibrithe sa chontae ag obair in earnáil Ghníomhaíochtaí Shláinte an Duine agus na hOibre Sóisialta agus bhí beagnach 8,500 duine i gceist. Ba í an earnáil Trádála Miondíola agus Mórdhíola an chéad earnáil ba mhó eile le díreach os cionn 8,300 oibrí agus ina dhiaidh sin bhí earnáil an Oideachais le níos mó ná 7,600 oibrí.
Obair ón mBaile
Bhí ceist nua san áireamh i nDaonáireamh 2022 inar fiafraíodh de dhaoine ar oibrigh siad riamh ón mbaile agus má d’oibrigh, cá mhéad lá sa tseachtain a bhí i gceist. Bhí breis is 67,900 duine ag obair i nDún na nGall in Aibreán 2022. Astu sin, níor oibrigh níos mó ná 45,000 duine ón mbaile riamh agus d’oibrigh níos mó ná 15,300 duine ón mbaile roinnt den am ar a laghad. Maidir leis na daoine sin a d’oibrigh ón mbaile, rinne níos mó ná 4,300 duine amhlaidh cúig lá sa tseachtain, rinne 2,921 duine amhlaidh lá amháin sa tseachtain agus rinne 2,182 duine amhlaidh dhá lá gach seachtain.
Ag Taisteal chun na hOibre
59,370 duine a bhí ag taisteal chun na hoibre sa chontae in Aibreán 2022. Ag tiomáint chun na hoibre a bhí formhór na ndaoine sin agus ba i gcarr a thiomáin 38,995 duine chun na hoibre in 2022. 759 duine a thaistil ar an mbus, líon níos airde ná na daoine sin a thaistil ar an traein (42). Maidir le taisteal gníomhach, ag siúl a bhí 3,596 duine chun na hoibre, laghdú ó 3,646 duine in 2016 agus ar rothar a bhí 299 duine, ardú 24 duine ó 2016 i leith. Bhí na comaitéirí i nDún na nGall i measc na ndaoine is lú is dócha a thaistealódh ar rothar chun na hoibre ag díreach 0.5%.
Bhí comaitéirí sa chontae ag taisteal ar feadh achar níos faide in Aibreán 2022, agus ba é 23.6 nóiméad an meántréimshe taistil a bhí acu i gcomparáid le 22.1 nóiméad in 2016. Go náisiúnta, tháinig méadú ar an meántréimshe taistil ó 28.2 nóiméad go 29.1 nóiméad idir 2016 agus 2022. Bhí 20,458 comaitéir i nDún na nGall a raibh tréimshe taistil níos lú ná 15 nóiméad acu agus bhí tréimshe taistil idir 15 agus 30 nóiméad ag 16,085 duine. Bhí tréimshe taistil 60 nóiméad agus níos faide ag 4,313 duine eile.
Ag Taisteal chuig an Scoil, an Coláiste nó Cúram Leanaí
I nDún na nGall, bhí beagnach 5,600 leanbh a bhí faoi 5 bliana d’aois ag taisteal chuig cúram leanaí nó an scoil. I gcarr a thaistil an chuid is mó acu sin (níos mó ná 4,812 duine), ag siúl a bhí 290 duine agus ar bhus a bhí 102 duine.
As an gcuid is mó den 18,842 leanbh in aois bunscoile (idir 5 agus 12 bhliain d’aois) a bhí ag taisteal chuig an scoil sa chontae in Aibreán 2022, i gcarr freisin a thaistil 11,826 acu. Ag taisteal ar an mbus a bhí 4,058 leanbh chuig an scoil agus ba é sin an dara modh taistil ba choitianta. Ag siúl a bhí 1,600 leanbh eile agus ar rothar a bhí 82 leanbh.
As na 13,659 scoláire meánscoile (na daoine a bhí idir 13-18 mbliana d’aois) a bhí ag taisteal chun na scoile, tiomáineadh 5,812 acu chun na scoile i gcarr agus thiomáin 274 acu iad féin chun na scoile. Bhain 5,790 scoláire leas as an mbus agus bhain 7 acu leas as an traein. Ag siúl a bhí 1,094 scoláire eile chuig an scoil agus 18 scoláire a bhí ar rothar.
Maidir leis na 5,037 mac léinn tríú leibhéal a bhí ag comaitéireacht, ba í an tiomáint i gcarr an modh taistil ba choitianta ag 1,689 duine. Ar an mbus a bhí 993 duine, ar an traein, DART nó Luas a bhí 66 duine agus ar rothar a bhí 49 duine.