Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Próifíl 7 Dhaonáireamh 2022: Fostaíocht, Slite beatha agus Comaitéireacht– Baile Átha Cliath

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Bhí beagnach 700,000 duine ag obair i mBaile Átha Cliath in Aibreán 2022, ardú 14% ó 2016

Tá an tuarascáil Daonáireamh 2022 Próifíl 7 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (05 Nollaig 2023). Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhthorthaí do Bhaile Átha Cliath. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.

Ráiteas an Staitisteora

Ag trácht di ar na torthaí, dúirt an Dr Tracy Clegg, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh: “I bPróifíl 7, clúdaítear na hábhair a bhaineann le Fostaíocht, Dífhostaíocht agus Comaitéireacht lena gcuirtear staidreamh, anailís agus táblaí sonraí ar fáil.  Pléitear sa tuarascáil seo daoine atá ag obair nó dífhostaithe, slite beatha agus earnálacha tionsclaíochta chomh maith le patrúin chomaitéireachta oibrithe, mac léinn agus leanaí ar scoil nó i gcúram leanaí. Rud atá nua do Dhaonáireamh 2022 ná go bhfuil ábhair bhreise ann maidir le comaitéireacht chuig cúram leanaí agus an t-am a fhágann tú an t-ionad oibre, an scoil, an coláiste nó cúram leanaí, rud a chuireann eolas níos cruinne ar fáil faoi phatrúin taistil chomh maith le heolas faoi obair ón mbaile.”

Roinnt buaicphointí faoi Bhaile Átha Cliath

Daoine ag Obair/Daoine Dífhostaithe

Bhí beagnach 1.19 milliún duine a bhí 15 bliana d’aois agus níos sine ina gcónaí i mBaile Átha Cliath in Aibreán 2022 agus astu sin bhí níos mó ná 698,900 duine ag obair. Áirítear orthu sin níos mó ná 300,200 duine a bhí ag obair i gCathair Bhaile Átha Cliath, níos mó ná 106,500 duine ag obair i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin, beagnach 155,100 duine ag obair i bhFine Gall agus níos mó ná 137,100 duine ag obair i mBaile Átha Cliath Theas. Ardú 14% ar an iomlán a bhí ansin (as beagnach 614,800 duine a taifeadadh mar dhaoine atá ag obair i nDaonáireamh 2016). Go náisiúnta, bhí 2.3 milliún duine ag obair in Aibreán 2022, sin ardú 16%. 

Bhí beagnach 62,400 duine dífhostaithe i mBaile Átha Cliath in Aibreán 2022. Bhí sé sin i bhfad níos ísle ná figiúr na bliana 2016 ina raibh beagnach 80,600 duine dífhostaithe (laghdú 23%). B’ionann an ráta dífhostaíochta i gCathair Bhaile Átha Cliath agus i mBaile Átha Cliath Theas agus 9% agus b’ionann é agus 8% i bhFine Gall.  Is i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin a bhí an ráta ab ísle céanna dífhostaíochta go náisiúnta ag 6% agus an ráta ab ísle céanna dífhostaíochta fadtréimhsí ag 3%. Go náisiúnta bhí beagnach 211,000 duine dífhostaithe i gcomparáid le níos mó ná 297,000 duine i nDaonáireamh 2016.  B’ionann an ráta dífhostaíochta agus 8% in 2022 i gcomparáid le 13% in 2016. 

Bhí níos mó ná 171,700 duine ar scor i mBaile Átha Cliath, sin ardú 18% ó Dhaonáireamh 2016 i leith. Tháinig ardú 20% ar líon na ndaoine nach raibh in ann a bheith ag obair de bharr tinneas nó míchumas buan go dtí beagnach 45,700 duine.  Tháinig laghdú 12% ar líon na ndaoine a bhfuil cúraimí tí/teaghlaigh orthu go dtí níos mó ná 68,200 duine.

B’ionann an ráta rannpháirtíochta san fhórsa saothair i gCathair Bhaile Átha Cliath agus 65% lena n-áirítear 60% do mhná agus 70% d’fhir agus chiallaigh sé sin go raibh an ráta rannpháirtíochta ab airde do mhná agus an dara ráta ab airde ar an iomlán go náisiúnta ag Cathair Bhaile Átha Cliath. B’ionann an ráta ar an iomlán i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin agus 59%, lena n-áirítear 54% do mhná agus 65% d’fhir. 66% a bhí i gceist i bhFine Gall, lena n-áirítear 60% do mhná agus 71% d’fhir, ráta a bhí ar an ráta ab airde ar an iomlán agus d’fhir chomh maith leis an dara ráta ab airde do mhná. B’ionann an ráta ar an iomlán i mBaile Átha Cliath Theas agus 63%, lena n-áirítear 58% do mhná agus 69% d’fhir. Go náisiúnta b’ionann an ráta ar an iomlán agus 61%, lena n-áirítear 56% do mhná agus 67% d’fhir.

As na daoine sin a bhí ag obair i gCathair Bhaile Átha Cliath, bhí níos mó ná 215,400 duine fostaithe go lánaimseartha agus bhí níos mó ná 34,500 duine ag obair go páirtaimseartha. I Dún Laoghaire-Ráth an Dúin, bhí níos mó ná 85,900 duine fostaithe go lánaimseartha agus bhí níos mó ná 13,600 duine ag obair go páirtaimseartha. I bhFine Gall bhí 118,620 duine fostaithe go lánaimseartha agus bhí níos mó ná 19,800 duine ag obair go páirtaimseartha. I mBaile Átha Cliath Theas, bhí beagnach 103,700 duine fostaithe go lánaimseartha agus bhí níos mó ná 18,700 duine ag obair go páirtaimseartha.

An áit a raibh daoine ag obair

Bhí an líon ba mhó oibrithe i gCathair Bhaile Átha Cliath ag obair in earnáil Ghníomhaíochtaí Shláinte an Duine agus na hOibre Sóisialta agus bhí beagnach 34,000 oibrí i gceist. I bhFine Gall agus i mBaile Átha Cliath Theas araon, ba í an earnáil Trádála Miondíola agus Mórdhíola an earnáil ba mhó le beagnach 19,000 oibrí agus beagnach 18,500 oibrí faoi seach. I nDún Laoghaire-Ráth an Dúin, d’oibrigh beagnach 14,000 duine i ngníomhaíochtaí gairmiúla, eolaíochta agus teicniúla.

Obair ón mBaile

Bhí ceist nua san áireamh i nDaonáireamh 2022 inar fiafraíodh de dhaoine ar oibrigh siad riamh ón mbaile agus má d’oibrigh, cá mhéad lá sa tseachtain a bhí i gceist. I gCathair Bhaile Átha Cliath, dúirt beagnach 130,600 duine nár oibrigh siad riamh ón mbaile agus d’oibrigh beagnach 119,800 duine ón mbaile roinnt den am ar a laghad. Astu sin, d’oibrigh níos mó ná 35,000 duine ón mbaile cúig lá sa tseachtain, rinne beagnach 23,000 duine amhlaidh trí lá sa tseachtain agus d’oibrigh díreach os cionn 21,000 duine ón mbaile dhá lá gach seachtain.

I nDún Laoghaire-Ráth an Dúin níor oibrigh beagnach 39,900 duine riamh ón mbaile agus d’oibrigh díreach os cionn 60,300 duine cuid den am ar a laghad, rud a chiallaigh gurbh é sin an ráta ab airde go náisiúnta de dhaoine a d’oibrigh ón mbaile cuid den am ar a laghad. Astu sin a d’oibrigh ón mbaile, d’oibrigh beagnach 17,800 duine ón mbaile cúig lá sa tseachtain, rinne beagnach 11,700 duine amhlaidh trí lá sa tseachtain agus d’oibrigh díreach os cionn 10,000 duine ón mbaile dhá lá sa tseachtain.

Níor oibrigh níos mó ná 80,400 duine i bhFine Gall ón mbaile riamh agus bhí níos mó ná 58,200 duine ag obair ón mbaile cuid den am ar a laghad. Astu sin, d’oibrigh beagnach 17,200 duine ón mbaile cúig lá sa tseachtain, rinne níos mó ná 10,700 duine amhlaidh trí lá sa tseachtain agus d’oibrigh díreach os cionn 10,000 duine ón mbaile dhá lá sa tseachtain.

Níor oibrigh níos mó ná 75,900 duine i mBaile Átha Cliath Theas ón mbaile riamh agus d’oibrigh beagnach 46,600 duine ón mbaile cuid den am ar a laghad. Astu sin, d’oibrigh beagnach 13,300 duine ón mbaile cúig lá sa tseachtain, d’oibrigh beagnach 8,700 duine ón mbaile trí lá sa tseachtain agus d’oibrigh díreach níos lú ná 8,300 duine ón mbaile dhá lá sa tseachtain.

Ag Taisteal chun na hOibre

I gCathair Bhaile Átha Cliath, bhí beagnach 260,600 duine ag comaitéireacht chun na hoibre in Aibreán 2022. Thiomáin beagnach 77,500 duine acu sin chun na hoibre i gcarr. Maidir le taisteal gníomhach, is ag siúl a bhí an dara líon comaitéirí ab airde le beagnach 46,500 duine ag siúl agus ba ar rothar a bhí níos mó ná 26,600 duine. Bhí na sciartha ab airde de dhaoine a bhí ag siúl agus a chuaigh ar rothar chun na hoibre ag an gcathair, ag 18% agus 10% faoi seach. Bhain níos mó ná 39,500 duine leas as an mbus agus chuaigh beagnach 18,000 duine chun na hoibre ar an traein/DART/Luas. Ba iad na comaitéirí sa chathair ba mhó is dócha a thaistealódh ar an mbus ag 15%.  

I nDún Laoghaire-Ráth an Dúin, ba i gcarr a thiomáin leath de na 86,000 comaitéir laethúil chun na hoibre. Bhain níos mó ná 13,000 duine leas as  an traein/DART/Luas agus chuaigh beagnach 7,900 duine ar an mbus. Ba iad na comaitéirí sa chontae ba mhó is dócha a bhainfeadh leas as an traein ag 15%. Maidir le taisteal gníomhach, ba ag siúl a bhí beagnach 6,900 duine chun na hoibre agus ba ar rothar a bhí díreach níos lú ná 6,400 duine.

Thiomáin níos mó ná 74,500 comaitéir den líon nach mór 135,000 comaitéir oibre i bhFine Gall chun na hoibre i gcarr. Bhain beagnach 15,600 duine leas as an mbus agus bhain díreach os cionn 10,800 duine leas as an traein/DART/Luas. Áirítear leis na taistealaithe gníomhacha beagnach 7,300 siúlóir agus díreach os cionn 3,600 rothaí. Bhí na sciartha ab airde de dhaoine ag taisteal ar an traein ag ceithre bhaile cois farraige – Domhnach Bat (24%), Port Mearnóg (23%), Na Sceirí (20%) agus Mullach Íde (16%). Is ag Sord a bhí an sciar ab airde de chomaitéirí ar an mbus ag 18%. Bhí Sord ar cheann den dá cheantar freisin (mar aon le Droichead Átha) a raibh daonra mór oibre lae acu agus a raibh glanchaillteanas oibrithe acu. D’fhág níos mó ná 11,000 duine an baile gach lá le dul ag obair in áit eile, figiúr a bhí níos airde ná an líon daoine a bhí ag comaitéireacht go dtí an baile chun oibre.

I mBaile Átha Cliath Theas, ba i gcarr a thiomáin díreach os cionn 69,000 duine de na 122,000 comaitéir chun na hoibre. Bhain níos mó ná 15,200 duine leas as an mbus agus bhain díreach os cionn 4,000 duine leas as an traein/DART/Luas. Ba ag siúl a bhí beagnach 6,900 duine agus ba ar rothar a bhí níos mó ná 5,200 duine.

Bhí comaitéirí i gCathair Bhaile Átha Cliath ag taisteal ar feadh achar níos faide in Aibreán 2022, agus ba é 29.7 nóiméad an meántréimhse taistil a bhí acu i gcomparáid le 28.9 nóiméad in 2016. Ba ag comaitéirí sa chathair a raibh an líon ab airde de thurais fhada le déanamh chun na hoibre le beagnach 20,600 duine ag taisteal ar feadh uair an chloig nó níos faide. I nDún Laoghaire-Ráth an Dúin, tháinig méadú ar an meántréimhse taistil in Aibreán 2022 go dtí 30.8 nóiméad ó 30.6 nóiméad in 2016. I bhFine Gall, 33.7 nóiméad a bhí i gceist leis an meántréimhse taistil in Aibreán 2022, sin ardú ó 33.4 nóiméad in 2016. Bhí níos mó ná 25% de na comaitéirí sna Sceirí ag taisteal ar feadh uair an chloig nó níos faide, rud a bhí i measc an ráta ab airde sa tír. I mBaile Átha Cliath Theas, 30.6 nóiméad a bhí i gceist leis an meántréimhse taistil in Aibreán 2022, mar a bhí in 2016. Go náisiúnta, tháinig méadú ar an meántréimhse taistil ó 28.2 nóiméad go 29.1 nóiméad idir 2016 agus 2022.  

Ag Taisteal chuig an Scoil, an Coláiste nó Cúram Leanaí

I gCathair Bhaile Átha Cliath, bhí níos mó ná 13,300 leanbh a bhí faoi 5 bliana d’aois ag taisteal chuig cúram leanaí nó an scoil in Aibreán 2022. I gcarr a thaistil níos mó ná 5,800 duine agus ba ag siúl a bhí beagnach 5,500 duine. Ba ar rothar a bhí 756 duine eile, ba ar an mbus a bhí 433 duine agus ba ar an traein, DART nó Luas a bhí 100 duine. I measc an lín níos mó ná 47,200 leanbh in aois bunscoile (idir 5 agus 12 bhliain d’aois) a bhí ag taisteal chun na scoile, ba ag siúl a bhí díreach os cionn 19,000 duine acu. Ag taisteal i gcarr a bhí beagnach 13,500 leanbh agus ba é sin an dara modh taistil ba choitianta. Ba ar rothar a bhí níos mó ná 3,100 leanbh agus ba ar an mbus a bhí níos mó ná 2,400 leanbh. Bhí díreach os cionn 30,500 scoláire meánscoile (na daoine a bhí idir 13-18 mbliana d’aois) ag taisteal chun na scoile, lena n-áirítear níos mó ná 9,200 scoláire a bhí ag siúl. Tiomáineadh beagnach 5,800 scoláire chun na scoile i gcarr agus bhain beagnach 5,800 scoláire leas as an mbus. Ba ar rothar a bhí beagnach 3,600 scoláire agus bhain níos mó ná 1,300 scoláire leas as an traein, DART nó Luas. Thiomáin 141 scoláire eile iad féin chuig an scoil.

I nDún Laoghaire-Ráth an Dúin, thaistil beagnach 7,700 leanbh a bhí faoi 5 bliana d’aois chuig cúram leanaí nó an scoil in Aibreán 2022. Ba i gcarr a chuaigh formhór acu sin (beagnach 4,700 duine) agus ba ag siúl a bhí díreach os cionn 2,200 duine. Ba ar rothar a chuaigh 376 duine eile, ba ar an mbus a chuaigh 112 duine agus ba ar an traein, DART nó Luas a chuaigh 77 duine. As an líon nach mór 23,600 leanbh in aois bunscoile (idir 5 agus 12 bhliain d’aois) a bhí ag taisteal chun na scoile, ba i gcarr a bhí beagnach 11,200 duine. Ag siúl a bhí níos mó ná 8,500 leanbh agus ba é sin an dara modh taistil ba choitianta. Ba ar rothar a bhí níos mó ná 1,600 leanbh agus ba ar an mbus a bhí beagnach 800 leanbh. Ba ar an traein, DART nó Luas a bhí díreach níos lú ná 400 leanbh. Bhí díreach os cionn 15,900 leanbh (idir 13 agus 18 mbliana d’aois) ag taisteal chuig an meánscoil, lena n-áirítear beagnach 5,500 leanbh a chuaigh ag an meánscoil i gcarr. Ba ar an mbus a bhí beagnach 2,800 duine agus ba ar an traein, DART nó Luas a bhí díreach os cionn 2,300 duine. Ba ar rothar a bhí níos mó ná 1,500 duine agus ba ag siúl a bhí díreach os cionn 3,000 duine.

I bhFine Gall, bhí níos mó ná 10,700 leanbh a bhí faoi 5 bliana d’aois ag taisteal chuig cúram leanaí nó an scoil in Aibreán 2022. Ba i gcarr a chuaigh formhór acu sin (níos mó ná 6,600 duine) agus ba ag siúl a bhí níos mó ná 3,100 duine. Ba ar rothar a bhí 217 duine eile, ba ar an mbus a bhí 192 duine agus ba ar an traein, DART nó Luas a bhí 23 duine. Bhí beagnach 42,000 leanbh in aois bunscoile (idir 5 agus 12 bhliain d’aois) a bhí ag taisteal chun na scoile agus ba ag siúl a bhí beagnach 16,800 duine acu. Ag taisteal i gcarr a bhí beagnach 16,700 leanbh agus ba é sin an dara modh taistil ba choitianta. Ba ar an mbus a bhí díreach os cionn 2,100 duine agus ba ar rothar a bhí níos mó ná 1,800 duine. Ba ar an traein, DART nó Luas a bhí 79 duine eile. Bhí beagnach 27,300 scoláire meánscoile (na daoine a bhí idir 13-18 mbliana d’aois) ag taisteal chun na scoile, lena n-áirítear beagnach 9,400 scoláire a bhí ag siúl. Tiomáineadh níos mó ná 7,400 scoláire chun na scoile i gcarr agus thiomáin 237 scoláire iad féin chun na scoile. Bhain beagnach 5,300 scoláire leas as an mbus agus bhain níos mó ná 1,300 scoláire leas as an traein, DART nó Luas. Ba ar rothar a bhí 1,800 scoláire.

I mBaile Átha Cliath Theas, thaistil beagnach 9,500 leanbh a bhí faoi 5 bliana d’aois chuig cúram leanaí nó an scoil in Aibreán 2022. Ba i gcarr a chuaigh formhór acu sin (beagnach 6,000 duine) agus ba ag siúl a bhí níos mó ná 2,600 duine. Ba ar rothar a bhí 171 duine eile. Ba ar an mbus a bhí 198 leanbh agus ba ar an traein, DART nó Luas a bhí 27 leanbh. Bhí níos mó ná 35,600 leanbh in aois bunscoile (idir 5 agus 12 bhliain d’aois) a bhí ag taisteal chun na scoile, lena n-áirítear beagnach 15,000 leanbh a bhí i gcarr.  Ag siúl a bhí beagnach 14,300 leanbh agus ba é sin an dara modh taistil ba choitianta. Ar bhus a bhí beagnach 1,500 leanbh agus ar rothar a bhí 1,200 leanbh. Bhí beagnach 23,600 scoláire meánscoile (na daoine a bhí idir 13-18 mbliana d’aois) ag taisteal chun na scoile i mBaile Átha Cliath Theas, lena n-áirítear níos mó ná 8,400 scoláire a bhí ag siúl.  Tiomáineadh beagnach 7,100 scoláire chun na scoile i gcarr agus thiomáin 173 scoláire iad féin chun na scoile. Ba ar an mbus a bhí díreach os cionn 4,400 scoláire. Ba ar rothar a bhí níos mó ná 1,500 scoláire agus bhain beagnach 400 scoláire leas as an traein, DART nó Luas.

Bhí beagnach 30,700 mac léinn tríú leibhéal ag comaitéireacht i gCathair Bhaile Átha Cliath, lena n-áirítear beagnach 9,200 duine a thaistil ar an mbus. Ba ag siúl a bhí níos mó ná 7,400 mac léinn tríú leibhéal. Ba ar rothar a bhí níos mó ná 3,100 mac léinn agus ba ar an traein, DART nó Luas a bhí 2,900 mac léinn. Bhí níos mó ná 2,000 mac léinn ann a thiomáin chuig an gcoláiste.

Bhí beagnach 12,800 mac léinn tríú leibhéal ag comaitéireacht ó Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, lena n-áirítear beagnach 3,600 mac léinn a thaistil ar an mbus. Ba ag siúl a bhí díreach os cionn 2,600 mac léinn. Ba ar an traein, DART nó Luas a thaistil níos mó ná 2,500 mac léinn agus ba ag tiomáint a bhí beagnach 1,900 mac léinn. Ba ar rothar a bhí beagnach 1,200 mac léinn.

Bhí beagnach 12,400 mac léinn tríú leibhéal ag comaitéireacht i bhFine Gall. Ba é an bus an modh taistil ba choitianta a bhí ag beagnach 4,500 duine.Thaistil beagnach 3,000 mac léinn eile ar an traein, DART nó Luas. Bhí níos mó ná 1,900 mac léinn ag tiomáint agus bhí 600 mac léinn ina bpaisinéirí i ngluaisteán. Ba ag siúl a bhí beagnach 600 mac léinn.

Bhí beagnach 10,900 mac léinn tríú leibhéal ag comaitéireacht i mBaile Átha Cliath Theas. Ba é an bus an modh taistil ba choitianta a bhí ag díreach os cionn 5,500 duine. Ba ag tiomáint a bhí níos mó ná 1,800 mac léinn tríú leibhéal i mBaile Átha Cliath Theas. Ba ar an traein, DART nó Luas a thaistil níos mó ná 600 mac léinn agus bhí 600 mac léinn ina bpaisinéirí i ngluaisteán. Ba ag siúl a bhí níos mó ná 500 mac léinn.

Nótaí d'Eagarthóirí

  • Foilseofar Próifíl 8 (An Ghaeilge agus Oideachas) ar an 19 Nollaig 2023. Is féidir leat an Sceideal Foilsithe iomlán maidir le Daonáireamh 2022 a fháil ar an suíomh gréasáin.
  • Tá an Staidreamh Daonra um Ceantair Bheaga do Dhaonáireamh 2022 (SAPS) ar fáil freisin agus áirítear ann torthaí Dhaonáireamh 2022, ar fud 15 théama, do réimsí geografaíochta lena n-áirítear ceantair bheaga, bailte, toghlimistéir áitiúla, toghranna, contaetha agus cúigí.
  • Soláthraíonn torthaí an tSuirbhe ar an bhFórsa Saothair (SFS) an bunús do shraith oifigiúil na meastachán ráithiúil ar an bhfórsa saothair. Tá na figiúirí don fhórsa saothair agus a chomhghnéithe a thaispeántar sa tuarascáil seo bunaithe go díreach ar an daonáireamh.  Ba chóir d’úsáideoirí a bheith ar a n-airdeall go bhféadfadh difríochtaí suntasacha a bheith le sonrú san eolas a fuarthas ó cheisteanna comhionanna sa daonáireamh agus sa LFS don bhliain chéanna. Is iad na príomhchatagóirí a bhfuil tionchar orthu ná na gnéithe a bhaineann leis an gceist ar phríomhstádas eacnamaíochta agus na meastacháin fostaíochta arna rangú de réir tionscail agus slí bheatha. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar Nótaí Cúlra na tuarascála.
  • Tá an fórsa saothair comhdhéanta de dhaoine atá 15 bliana d’aois agus níos sine atá fostaithe, ag lorg a gcéad phoist, nó dífhostaithe. Tugtar ráta rannpháirtíochta an fhórsa saothair ar chéatadán na ndaoine atá 15 bliana d’aois agus níos sine a ghlacann páirt san fhórsa saothair – seachas stádas eile a bheith acu amhail mac léinn, ar scor nó bean nó fear tí. Tomhaistear é mar líon na ndaoine san fhórsa saothair (ag obair nó dífhostaithe) arna léiriú mar chéatadán den daonra iomlán atá 15 bliana d’aois agus níos sine.
  • Ríomhtar an ráta dífhostaíochta mar líon na ndaoine atá dífhostaithe nó ag lorg a gcéad phoist mar sciar de gach duine 15 bliana d’aois agus níos sine a bhí ag obair, ag lorg a gcéad phoist nó dífhostaithe. Is ionann stádas dífhostaíochta duine agus an stádas eacnamaíoch féindearbhaithe a thaifead an duine ar an bhfoirm daonáirimh.
  • Tá bileog faisnéise ar Phróifíl 7 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht ar fáil ina n-áirítear an cur i láthair go léir agus roinnt comhaid ghearra fuaime i mBéarla ar na príomhthorthaí.
  • Tá grafaic eolais foilsithe do Dhaonáireamh 2022: Proifíl 7 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht. Déan teagmháil le pressoffice@cso.ie má theastaíonn an ghrafaic eolais uait i bhformáid ar leith.
  • Ceisteanna Coitianta maidir le Daonáireamh 2022 ar fáil.
  • Sainmhínithe - Féach na Nótaí Cúlra.

Teagmhálaithe

Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413
Tony Downes (+353) 1 895 1319
R-phost censuspublicity@cso.ie
R-phostpressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --