Tá an tuarascáil Daonáireamh 2022 Próifíl 5 - Éagsúlacht, Imirce, Eitneacht, An Lucht Siúil agus Creideamh eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (26 Deireadh Fómhair 2023). Féachtar le Próifíl 5 ar éagsúlacht an daonra in Éirinn, lena n-áirítear stádas saorántachta, grúpa nó cúlra eitneach agus na teangacha a labhraítear. Clúdaítear freisin imirce le gairid sa bhliain roimh an daonáireamh, Lucht Siúil na hÉireann agus cúrsaí creidimh. Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhthorthaí do Dhún na nGall. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.
Kathleen Goulding | (+353) 1 895 1413 |
---|---|
Tony Downes | (+353) 1 895 1319 |
R-phost | censuspublicity@cso.ie |
R-phost | pressoffice@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Ráiteas an Staitisteora
Ag trácht dó ar na torthaí, dúirt Brendan Murphy, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh: “Tugtar faisnéis mhionsonraithe i bPróifíl 5 ar raon na saoránach atá i measc dhaonra na hÉireann, lena n-áirítear miondealú de réir aoise agus inscne mar aon le miondealú de réir contae agus baile. Taispeántar freisin an inimirce go hÉirinn agus an imirce laistigh d’Éirinn le gairid. Sa 12 mhí suas go dtí oíche an Daonáirimh ar an 03 Aibreán 2022, bhí breis is 89,500 duine bogtha as an nua go hÉirinn, sin 9% níos mó i gcomparáid leis an tréimhse chéanna i nDaonáireamh 2016. Glactar san áireamh freisin sa phróifíl leathan-réimseach seo cúlraí eitneacha éagsúla dhaonra an stáit, lena n-áirítear sonraí ar aois, inscne agus saoránacht grúpaí éagsúla. Féachtar ar dhaonra an Lucht Siúil in 2022, lena n-áirítear miondealú de réir inscne agus chineál an lín tí. Tugtar sonraí freisin ar chomhdhéanamh creidimh dhaonra na hÉireann in Aibreán 2022.”
Roinnt buaicphointí faoi Dhún na nGall
Saoránacht
Ba shaoránaigh neamh-Éireannacha iad 7% de dhaonra an chontae i nDún na nGall. Maidir le cónaitheoirí neamh-Éireannacha, ba shaoránaigh de chuid na Ríochta Aontaithe (4,276 duine) an grúpa ba mhó, agus ansin saoránaigh de chuid na Polainne (1,609 duine), saoránaigh de chuid na hIndia (1,128 duine) agus saoránaigh de chuid Mheiriceá (335 duine). Go náisiúnta, bhí breis is 631,000 saoránach neamh-Éireannacha sa stát agus b’ionann sin agus 12% den daonra.
Mhéadaigh líon na ndaoine a bhfuil déshaoránacht Éireannach acu sé sin nuair atá duine ina shaoránach de chuid dhá thír ag an am céanna sa chontae ó 2,405 duine in 2016 go dtí 4,307 duine in 2022. Áiríodh ar na déshaoránachtaí Éireannacha ba mhó saoránaigh de chuid na hÉireann-na Ríochta Aontaithe (1,867 duine), saoránaigh de chuid na hÉireann-na Stát Aontaithe (1,032 duine) agus saoránaigh de chuid na hÉireann-na hAstráile (350 duine). Bhí breis is 170,500 déshaoránach Éireannach ina gcónaí sa stát de réir Dhaonáireamh 2022.
Inimirce
3,892 duine a bhí ina gcónaí i nDún na nGall in Aibreán 2022 a bhog go dtí an contae sa 12 mhí roimhe. Bhí 1,498 duine san áireamh ansin a bhog ó áit éigin eile laistigh d’Éirinn, agus 2,394 duine ó lasmuigh den stát. Bhog 4,133 duine eile laistigh den chontae sa 12 mhí roimh an daonáireamh.
Grúpa/Cúlra Eitneach
Breis is 142,000 duine a bhí ina gcónaí i nDún na nGall in Aibreán 2022, bhí cúlra eitneach Éireannach Geal acu. Thug 9,429 duine eile le fios gur bhain siad le grúpa eile Geal. Bhí 2,025 duine ann arbh é Áiseach nó Áiseach Éireannach - Indiach/ Pacastánach/ Banglaidéiseach a gcúlra agus 723 duine arbh é Gorm nó Gorm Éireannach - Afracach an cúlra eitneach a bhí acu.
Lucht Siúil na hÉireann
670 duine den Lucht Siúil a bhí ina gcónaí i nDún na nGall de réir Dhaonáireamh 2022 i gcomparáid le 586 duine in 2016 (+14%). 322 bean nó cailín agus 348 fear nó buachaill a bhí i gceist. 32,949 duine den Lucht Siúil a bhí ina gcónaí in Éirinn i gcomparáid le 30,987 duine in 2016 (+6%). 16,777 bean nó cailín agus 16,172 fear nó buachaill a bhí i gceist.
Creideamh
De réir Dhaonáireamh 2022, ba Chaitlicigh beagnach 128,000 duine sa chontae (77%). Sin titim ó 82% i nDaonáireamh 2016. Go náisiúnta, thug 69% le fios gur Caitlicigh Rómhánacha a bhí iontu, i gcomparáid le 78% in 2016. I measc na gcreideamh eile is coitianta i nDún na nGall, áirítear Eaglais na hÉireann (6,370 duine), Preispitéireach (5,496 duine) agus Ioslam (1,343 duine). In 2022, chuir breis is 13,400 duine in iúl nach raibh aon chreideamh acu, agus b’ardú 65% é sin ó bheagnach 8,200 duine i nDaonáireamh 2016. B’ionann an dream seo agus 8% de dhaonra an chontae in 2022, i gcomparáid le 5% in 2016.