Tá an tuarascáil Daonáireamh 2022 Próifíl 5 - Éagsúlacht, Imirce, Eitneacht, An Lucht Siúil agus Creideamh eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (26 Deireadh Fómhair 2023). Féachtar le Próifíl 5 ar éagsúlacht an daonra in Éirinn, lena n-áirítear stádas saoránachta, grúpa nó cúlra eitneach agus na teangacha a labhraítear. Clúdaítear freisin imirce le gairid sa bhliain roimh an daonáireamh, Lucht Siúil na hÉireann agus cúrsaí creidimh. Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhthorthaí do Chorcaigh. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.
Kathleen Goulding | (+353) 1 895 1413 |
---|---|
Tony Downes | (+353) 1 895 1319 |
R-phost | censuspublicity@cso.ie |
R-phost | pressoffice@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Ráiteas an Staitisteora
Ag trácht dó ar na torthaí, dúirt Brendan Murphy, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh: “Tugtar faisnéis mhionsonraithe i bPróifíl 5 ar raon na saoránach atá i measc dhaonra na hÉireann, lena n-áirítear miondealú de réir aoise agus inscne mar aon le miondealú de réir contae agus baile. Taispeántar freisin an inimirce go hÉirinn agus an imirce laistigh d’Éirinn le gairid. Sa 12 mhí suas go dtí oíche an Daonáirimh ar an 03 Aibreán 2022, bhí breis is 89,500 duine bogtha as an nua go hÉirinn, sin 9% níos mó i gcomparáid leis an tréimhse chéanna i nDaonáireamh 2016. Glactar san áireamh freisin sa phróifíl leathan-réimseach seo cúlraí eitneacha éagsúla dhaonra an stáit, lena n-áirítear sonraí ar aois, inscne agus saoránacht grúpaí éagsúla. Féachtar ar dhaonra an Lucht Siúil in 2022, lena n-áirítear miondealú de réir inscne agus chineál an lín tí. Tugtar sonraí freisin ar chomhdhéanamh creidimh dhaonra na hÉireann in Aibreán 2022.”
Roinnt buaicphointí faoi Chorcaigh
Saoránacht
Ba shaoránaigh neamh-Éireannacha iad 12% den daonra i gCorcaigh trí chéile. Maidir le cónaitheoirí neamh-Éireannacha Chathair Chorcaí, ba shaoránaigh de chuid na Polainne (4,423 duine) an grúpa ba mhó, agus ansin saoránaigh de chuid na hIndia (3,016 duine) agus saoránaigh de chuid na Ríochta Aontaithe (2,434 duine). I gContae Chorcaí, ba shaoránaigh de chuid na Polainne (8,590 duine) an grúpa ba mhó, agus ansin saoránaigh de chuid na Ríochta Aontaithe (8,127 duine) agus saoránaigh de chuid na Liotuáine (1,602 duine). Go náisiúnta, bhí breis is 631,000 saoránach neamh-Éireannacha sa stát agus b’ionann sin agus 12% den daonra.
Mhéadaigh líon na ndaoine a bhfuil déshaoránacht Éireannach acu sé sin nuair atá duine ina shaoránach de chuid dhá thír ag an am céanna, i gCorcaigh trí chéile ó 10,411 duine in 2016 go dtí 18,107 duine in 2022. Áiríodh ar na déshaoránachtaí Éireannacha ba mhó i gCathair Chorcaí saoránaigh de chuid na hÉireann-na Ríochta Aontaithe (1,106 duine) agus saoránaigh de chuid na hÉireann-na Stát Aontaithe (1,291 duine). I gContae Chorcaí, áiríodh ar na déshaoránachtaí Éireannacha ba mhó saoránaigh de chuid na hÉireann-na Ríochta Aontaithe (2,614 duine) agus saoránaigh de chuid na hÉireann-na Stát Aontaithe 2,057 duine). Bhí breis is 170,500 déshaoránach Éireannach ina gcónaí sa stát de réir Dhaonáireamh 2022.
Inimirce
8,555 duine a bhí ina gcónaí i gCathair Chorcaí in Aibreán 2022 a bhog go dtí an chathair sa 12 mhí roimhe. Bhí 3,148 duine san áireamh ansin a bhog ó áit éigin eile laistigh d’Éirinn, agus 5,407 duine ó lasmuigh den stát. Bhog 11,110 duine eile laistigh den chathair sa 12 mhí roimh an daonáireamh. 6,398 duine a bhí ina gcónaí i gContae Chorcaí in Aibreán 2022 a bhog go dtí an contae sa bhliain roimh an Daonáireamh. Bhí 2,349 duine san áireamh ansin a bhog ó áit éigin eile laistigh d’Éirinn, agus 4,049 duine ó lasmuigh den stát. Bhog 13,039 duine eile laistigh den chontae sa 12 mhí roimh an daonáireamh.
Grúpa/Cúlra Eitneach
Beagnach 456,500 duine a bhí ina gcónaí i gCorcaigh in Aibreán 2022, bhí cúlra eitneach Éireannach Geal acu. Thug 57,672 duine eile le fios gur bhain siad le grúpa eile Geal. Bhí 8,254 duine ann arbh é Áiseach nó Áiseach Éireannach - Indiach/ Pacastánach/Banglaidéiseach a gcúlra agus 6,193 duine arbh é Gorm nó Gorm Éireannach - Afracach an cúlra eitneach a bhí acu.
Lucht Siúil na hÉireann
2,376 duine den Lucht Siúil a bhí i gCorcaigh trí chéile de réir Dhaonáireamh 2022 i gcomparáid le 2,150 duine in 2016 (+11%). 1,220 bean nó cailín agus 1,156 fear nó buachaill a bhí i gceist. 1,245 duine den Lucht Siúil a taifeadadh i gCathair Chorcaí agus 1,131 duine den Lucht Siúil a taifeadadh i gContae Chorcaí. 32,949 duine den Lucht Siúil a bhí ina gcónaí in Éirinn i gcomparáid le 30,987 duine in 2016 (+6%). 16,777 bean nó cailín agus 16,172 fear nó buachaill a bhí i gceist.
Creideamh
De réir Dhaonáireamh 2022, ba Chaitlicigh breis is 414,000 duine sa chontae (71%). Sin titim ó 80% i nDaonáireamh 2016. Go náisiúnta, thug 69% le fios gur Caitlicigh Rómhánacha a bhí iontu, i gcomparáid le 78% in 2016. I measc na gcreideamh eile is coitianta i gCorcaigh trí chéile, airítear Eaglais na hÉireann (13,284 duine), Críostaíocht Cheartchreidmheach (7,152 duine) agus Ioslam (7,126 duine). In 2022, chuir beagnach 91,400 duine a chuir in iúl nach raibh aon chreideamh acu, agus b’ardú 62% é sin ó bhreis is 56,400 duine i nDaonáireamh 2016. B’ionann an dream seo agus 16% de dhaonra Chorcaigh trí chéile in 2022, i gcomparáid le 10% in 2016.