Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Próifíl 4 Dhaonáireamh 2022: Daoine le Míchumas, Sláinte agus Cúramóirí – Baile Átha Cliath

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Deacracht nó riocht fadtéarmach amháin ar a laghad ag gabháil do bheagán os cionn 305,000 duine i mBaile Átha Cliath i nDaonáireamh 2022

Próifíl 4 - Daoine le Míchumas, Sláinte agus Cúramóirí Dhaonáireamh 2022 eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu (28 Meán Fómhair 2023). Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhthorthaí do Bhaile Átha Cliath. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.

Ráiteas an Staitisteora

Ag trácht di ar na torthaí, dúirt Sheelagh Bonham, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh:

“Cuirtear sonraí agus anailís ar fáil i bPróifíl 4 Dhaonáireamh 2022 ar na deacrachtaí agus riochtaí fadtéarmacha atá ag gabháil do dhaoine, ar shláinte an náisiúin agus ar chúramóirí a chuireann cúram gan íocaíocht ar fáil. I nDaonáireamh 2022, rinneadh athbhreithniú ar an dá cheist (C15 agus C16) ar dheacrachtaí agus riochtaí fadtéarmacha chun a chur ar chumas daoine chomh mór is atá na deacrachtaí agus riochtaí sin ag gabháil dóibh a chur in iúl, rud a chuidigh linn léargas níos fearr a fháil ar an ábhar (Féach Nóta an Eagarthóra thíos chun tuilleadh eolais a fháil).

“Le torthaí an lae inniu, cuirtear sonraí ríthábhachtacha ar fáil chun cuidiú linn súil a choinneáil ar na príomhfhorbairtí sna réimsí seo. Tá eolas faoi dhaoine a chaitheann tobac ar fáil sna torthaí den chéad uair riamh, mar thoradh ar cheist nua i nDaonáireamh 2022, lena n-áirítear a mhinice is a chaitheann daoine tobac agus an méid daoine a d’éirigh as bheith ag caitheamh tobac.”

Torthaí do Bhaile Átha Cliath

Daoine le Míchumas

I mí Aibreáin 2022 i mBaile Átha Cliath, thuairiscigh beagán os cionn 305,000 duine (21% de dhaonra an chontae) go bhfuil deacracht nó riocht fadtéarmach amháin ar a laghad ag gabháil dóibh ar leibhéal ar bith. Astu sin, thuairiscigh beagnach 107,000 duine (7% de dhaonra an chontae) go bhfuil deacracht nó riocht fadtéarmach amháin ar a laghad ag gabháil go han-mhór dóibh nó go mór dóibh. Thuairiscigh 198,228 duine eile (14% de dhaonra an chontae) go raibh deacracht nó riocht fadtéarmach amháin ar a laghad ag gabháil dóibh go pointe áirithe nó de bheagán.

Go náisiúnta, thuairiscigh 1.1 milliún duine (22%) go raibh deacracht nó riocht fadtéarmach amháin ar a laghad ag gabháil dóibh ar leibhéal ar bith agus astu sin bhí 407,342 duine ann (8%) a raibh deacracht nó riocht fadtéarmach ag gabháil go han-mhór dóibh agus 702,215 duine ann (14%) a raibh sé ag gabháil dóibh go pointe áirithe.

In Éirinn tríd is tríd, bhí níos mó baineannach (22%) ná fireannaigh (21%) a raibh deacracht nó riocht fadtéarmach ag gabháil dóibh ar leibhéal ar bith. I mBaile Átha Cliath, ba ag 22% do bhaineannaigh agus 20% d’fhireannaigh a bhí an ráta seo.

Sláinte

Bhí cúig rogha freagraí ag an gceist faoi shláinte ghinearálta ar fhoirm an daonáirimh agus ba iad na roghanna sin ná an-mhaith, go maith, réasúnta, go dona agus an-dona. Dúirt os cionn 1.1 milliún duine i mBaile Átha Cliath (81%) go raibh a sláinte an-mhaith nó go maith i nDaonáireamh 2022. Ba laghdú é sin ó 86% i nDaonáireamh 2016 agus 88% i nDaonáireamh 2011. Go náisiúnta, bhí sláinte mhaith nó sláinte an-mhaith ag 83% de dhaoine agus ba laghdú é sin ó 87% in 2016 agus 88% in 2011.

I measc bhaineannaigh an chontae, thuairiscigh 389,971 acu (52%) go raibh a sláinte an-mhaith agus thuairiscigh 53% d’fhireannaigh an rud céanna (380,562). 

Bhí 25,181 duine ann freisin a thuairiscigh go raibh a sláinte go dona nó an-dona sa chontae agus b’ardú é sin ó 22,021 duine in 2016.

Caitheamh Tobac

I mBaile Átha Cliath, bhí níos mó ná 124,300 duine ag caitheamh tobac gach lá in Aibreán 2022 agus b’ionann sin agus 9% den daonra, mar a chéile leis an ráta náisiúnta. Bhí díreach os cionn 71,300 duine ag caitheamh tobac anois agus arís (5%) agus d’éirigh os cionn 253,600 duine as bheith ag caitheamh tobac (17%). Dúirt níos mó ná 866,000 duine nár chaith siad tobac riamh (59%). Go náisiúnta, níor chaith 60% den daonra tobac riamh.

Bhí an líon fireannach a chaitheann tobac gach lá níos mó ná an líon baineannach, (69,544 fireannach i gcomparáid le 54,817 baineannach).

Cúramóirí

Bhí níos mó ná 76,100 cúramóir gan íocaíocht i mBaile Átha Cliath in Aibreán 2022 agus b’ionann sin agus 5% de dhaonra an chontae i gcomparáid le 4% in 2016. Go náisiúnta, bhí beagnach 300,000 cúramóir gan íocaíocht ann nó 6% den daonra agus b’ardú é sin ó 4% sa daonáireamh roimhe seo.

Ba iad na baineannaigh sa chontae ba mhó is dóichí a bhí ina gcúramóirí ná fireannaigh agus ba bhaineannaigh iad 61% de na cúramóirí ar fad agus tá an treocht sin cosúil leis an bhfigiúr náisiúnta. Bhí 46,750 cúramóir mná (6% de na baineannaigh ar fad) i mBaile Átha Cliath i gcomparáid le 29,342 cúramóir fir (4% de na fireannaigh ar fad).

Bhí 994 cúramóir i mBaile Átha Cliath a bhí faoi 15 bliana d’aois agus a bhí ag cur cúram rialta gan íocaíocht ar fáil agus ba mhéadú é sin ar an mbliain 2016 nuair a bhí 837 cúramóir óg ann. 

Chomh maith leis an méadú ar an líon cúramóirí, bhí roinnt arduithe suntasacha le feiceáil sa tréimhse idir 2016 agus 2022 maidir le huaireanta an chloig de chúram a cuireadh ar fáil. Tháinig méadú faoi dhó ó 9,944 in 2016 go 21,086 in 2022 ar an líon cúramóirí i mBaile Átha Cliath a bhí ag cur 43 uair an chloig nó níos mó de chúram gan íocaíocht ar fáil gach seachtain.

Nótaí d'Eagarthóirí

  • Bhí an daonáireamh ar siúl Dé Domhnaigh an 03 Aibreán 2022. Baineann figiúirí an daonáirimh leis an daonra de facto, rud a chiallaíonn gach duine a bhí sa Stát oíche Dé Domhnaigh an 03 Aibreán 2022. Áiríonn an daonra de facto iadsan nach mbíonn ina gcónaí de ghnáth sa Stát ach a bhí sa Stát ar oíche an Daonáirimh. Ní áiríonn sé iadsan a bhíonn ina gcónaí sa Stát de ghnáth ach a bhí as láthair go sealadach lasmuigh den Stát ar oíche an Daonáirimh.
  • San eisiúint seo, tagraíonn an téarma daoine le míchumas do dhaoine a bhfuil deacrachtaí nó riochtaí fadtéarmacha ag gabháil dóibh. Rinneadh athbhreithniú i nDaonáireamh 2022 ar an dá cheist (C15 agus C15 ar fhoirm an daonáirimh) faoi dheacrachtaí agus riochtaí fadtéarmacha. Iarradh ar dhaoine chomh mór is atá na deacrachtaí nó riochtaí fadtéarmacha atá acu ag gabháil dóibh a chur in iúl. Ó na ceisteanna, is féidir trí chatagóir a aithint chun léiriú a thabhairt ar chomh mór is a bhí deacrachtaí nó riochtaí fadtéarmacha ag gabháil do dhaoine.
    • Deacracht nó riocht fadtéarmach atá ag gabháil do dhuine ar leibhéal ar bith.
    • Deacracht nó riocht fadtéarmach atá ag gabháil go mór do dhuine.
    • Deacracht nó riocht fadtéarmach ag gabháil do dhuine go pointe áirithe.

          Tabhair ar aird go n-áirítear sna catagóirí deacrachtaí atá ag gabháil do dhuine mar gheall ar sheanaois.

  • Mar gheall ar athruithe suntasacha ar an gceist faoi dheacrachtaí agus riochtaí fadtéarmacha, ní féidir comparáid a dhéanamh idir torthaí Dhaonáireamh 2022 agus sonraí ó dhaonáirimh roimhe seo don cheist seo. Tá tuilleadh eolais curtha ar fáil sna Nótaí Cúlra.
  • Is í Próifíl 4 an ceathrú ceann i sraith d’ocht dtuarascáil théamacha ar Dhaonáireamh 2022. Tá na próifílí atá fanta liostaithe thíos agus foilseofar iad idir an 26 Deireadh Fómhair 2023 agus an 19 Nollaig 2023.
    • Próifíl 5 - Éagsúlacht, Imirce, Eitneachas, An Lucht Siúil, agus Creideamh
    • Proifíl 6 - Daoine gan dídean
    • Próifíl 7 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht
    • Próifíl 8 - An Ghaeilge agus Oideachas.
  • Foilseofar an Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga (SAPS), ar staidreamh iad a tháirgtear do réimse de leibhéil gheografacha ón Stát go ceantair bheaga ar an 21 Meán Fómhair 2023. Is féidir leat an Sceideal Foilsithe iomlán maidir le Daonáireamh 2022 a fháil ar an nasc seo a leanas: Sceideal Foilsithe Daonáirimh 2022.
  • Tá bileog faisnéise ar Phróifíl 4 - Daoine le Míchumas, Sláinte agus Cúramóirí ar fáil ina n-áirítear an cur i láthair go léir agus roinnt comhaid ghearra fuaime i mBéarla agus i nGaeilge ar na príomhthorthaí.
  • Tá grafaic eolais foilsithe do Dhaonáireamh 2022: Proifíl 4 - Daoine le Míchumas, Sláinte agus Cúramóirí. Déan teagmháil le pressoffice@cso.ie má theastaíonn an ghrafaic eolais uait i bhformáid ar leith.
  • Tá Ceisteanna Coitianta maidir le Daonáireamh 2022 ar fáil.
  • Sainmhínithe - Féach na Nótaí Cúlra.

Teagmhálaithe

Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413
Tony Downes (+353) 1 895 1319
R-phost censuspublicity@cso.ie
R-phostpressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --