Tá Próifíl 2 - Tithíocht in Éirinn Dhaonáireamh 2022 eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu (an 27 Iúil 2023). Tugtar léargas cuimsitheach i bPróifíl 2 ar thírdhreach tithíochta na hÉireann in Aibreán 2022. Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhathruithe ar Dhún na nGall. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.
Kathleen Goulding | (+353) 1 895 1413 |
---|---|
Tony Downes | (+353) 1 895 1319 |
R-phost | censuspublicity@cso.ie |
R-phost | pressoffice@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Trácht an Staitisteora
Ag trácht dó ar na torthaí, dúirt Brendan Murphy, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh:
“Léirítear sna torthaí go bhfuil méadú tagtha ar an stoc tithíochta i ngach contae idir 2022 agus 2022. Go náisiúnta, tá úinéireacht tí ag titim de réir mar atá líon na líonta tí atá ina gcónaí i gcóiríocht ar cíos ag ardú. Tá ardú tagtha ar an oiread líonta tí le daoine 65 bliana d’aois nó níos sine i gcóiríocht ar cíos ó thiarna talún príobháideach idir Daonáireamh 2016 agus Daonáireamh 2022 sa tír ar an iomlán. Thit líon na dteaghaisí folmha a comhaireadh i nDaonáireamh 2022 le hais 2016. Mar sin féin, is tomhas thar am ar leith é seo (folamh ar oíche an daonáirimh, 03 Aibreán 2022), agus áiríodh ann maoine a bhí folamh go gearrthéarmach (teaghaisí ar díol, ar cíos, le hathchóiriú, an t-úinéir i dteach altranais mar shampla). Cuirtear sonraí ar fáil sa Phróifíl seo freisin ar thréithe ár gcuid tithe ar nós mar a théitear iad, cibé an bhfuil aláraim dheataigh iontu nó an bhfuil aon fhoinsí fuinnimh in-athnuaite á n-úsáid iontu.”
(Chun tuilleadh a fháil amach faoi shainmhínithe a thugtar ar mhaoin fholamh maidir leis an daonáireamh féach ar Nóta an Eagarthóra thíos.)
Torthaí do Dhún na nGall
An Stoc Tithíochta
Tháinig fás 2% ó 83,931 go 85,990 ar an stoc tithíochta i nDún na nGall idir Aibreán 2016 agus Aibreán 2022. Laghdaigh líon na dteaghaisí folmha 18% ó 11,704 go 9,615 agus d’ardaigh líon na dtithe saoire 11% ó 11,288 go 12,485. Go náisiúnta, tháinig fás níos mó ná 5% ar an stoc tithíochta ó 2,003,645 go 2,112,121. Tháinig laghdú beagnach 20,000 (-11%) ar líon na dteaghaisí folmha go 163,433 agus d’ardaigh líon na dtithe saoire 8% ó 62,148 go 66,956.
Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird nach gá go bhfuil teaghais a rangaítear ina teaghais fholamh chun críche daonáirimh ar fáil lena húsáid arís. Go bunúsach, is tomhas thar am ar leith í maoin fholamh maidir leis an daonáireamh a d’fhéadfadh a bheith éagsúil le tomhais tuairiscithe eile ar mhaoin fholamh a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar mhaoine atá folamh go fadtréimhseach. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin sainmhíniú a thugtar ar mhaoin fholamh maidir leis an daonáireamh, féach ar Nótaí an Eagarthóra thíos.
Tionacht Tithíochta (Úinéirí agus Cíosaithe)
In Aibreán 2022, bhí 43,107 teach áitithe ag an úinéir i nDún na nGall, i gcomparáid le 42,210 in Aibreán 2016. Thit líon na dtithe a bhí faoi úinéireacht le morgáiste nó iasacht 10% ó 16,335 go 14,712 ó Dhaonáireamh 2016 agus tháinig ardú 10% ar líon na dtithe a bhí faoi úinéireacht iomlán (gan iasacht ná morgáiste) ó 25,875 go 28,395. Bhí ardú 13% ó 7,393 go 8,377 le feiceáil ar thithe a bhí ar cíos ó thiarnaí talún príobháideacha. Go náisiúnta, bhí na húinéirí ina gcónaí in 66% de thithe. Bhí úinéireacht ar nach mór 531,207 teach le morgáiste nó iasacht, agus bhí úinéireacht ar bheagnach 680,000 teach gan morgáiste ná iasacht, sin ardú 11% ó 2016. Bhí níos mó ná 330,000 teach ar cíos ó thiarna talún príobháideach, ardú 7% ó 2016.
Tháinig ardú suntasach 83% (ardú beagnach 17,000 líon tí) ar líon na ndaoine a bhí níos sine ná 65 bliain d’aois a raibh áit ar cíos acu ó thiarna talún príobháideach sa Stát. I nDún na nGall, ba 632 líon na dtithe a bhí ar cíos ag daoine a bhí san aoisghrúpa 65 agus níos sine (b’ionann sin agus ardú 77%). San aoisghrúpa 60 go 64, bhí ardú 71% air i gcomparáid le 69% go náisiúnta.
Léiríonn Daonáireamh 2022, go raibh úinéireacht ag breis is leath de shealbhóirí tí ar a dteach féin i nDún na nGall faoi aois 35 (le morgáiste nó iasacht nó gan morgáiste nó iasacht). Go náisiúnta, ba 36 an aois sin. Tá an aois seo, arb í an aois í a dtarlaíonn an t-athrú ó theach a bheith ar cíos go dtí teach a bheith faoi úinéireacht, ag ardú le himeacht na mblianta, ardaithe ó 26 bliana d’aois in 1991, 27 mbliana d’aois in 2002, 28 mbliana d’aois in 2006, 32 bhliain d’aois in 2011 agus 35 bliana d’aois in 2016.
Ardú ar Chíos
Tá cíosaithe fós ag dul i ngleic le harduithe móra ar an méid cíosa a bhíonn le híoc acu. Idir daonáireamh 2016 agus daonáireamh 2022, ba €134 an meánchíos sheachtainiúil a bhí á híoc le tiarnaí talún príobháideacha i nDún na nGall in Aibreán 2022, b’ardú 29% é sin ar 2016. D’ardaigh an meánchíos sheachtainiúil a bhí á híoc le tiarna talún príobháideach (ag an leibhéal náisiúnta) go dtí €273, ardú €73 (37%) Sin níos mó ná dhá oiread ráta an ardaithe (17%) idir 2011 agus 2016.
Maoine Folmha
D’fhéadfadh nach raibh go leor de na maoine a rangaíodh mar mhaoine folmha sa daonáireamh folamh ach ar feadh tréimhse ghearr agus mar gheall ar réimse leathan cúiseanna lena n-áirítear tithe a bheith le díol, le fáil ar cíos, tithe nua nó athchóiriú, an t-úinéir i dteach altranais etc. Mar sin féin, rangaíodh breis is 3,581 teaghais ina teaghaisí folmha i nDún na nGall i ndaonáirimh 2016 agus 2022 araon agus d’fhéadfadh stádas folamh níos fadtéarmaí a bheith i gceist leo sin. Go náisiúnta, bhí an figiúr díreach faoi bhun 48,000.
Is é sainmhíniú an Daonáirimh maidir le teaghais fholamh ná táscaire thar am ar leith a ghlactar ar oíche an daonáirimh ina gciallaíonn na cásanna sin go raibh na teaghaisí sin folamh ar oícheanta an daonáirimh in 2016 agus 2022 araon. (Chun tuilleadh eolais a fháil ar shainmhíniú an daonáirimh ar mhaoin fholamh, féach ar nótaí an Eagarthóra thíos).
Sonraí ó Cheisteanna Nua Lín Tí
Áiríodh ceisteanna nua lín tí i nDaonáireamh 2022 ar líon na n-aláram deataigh atá ag obair agus ar an gcaoi a n-úsáideann muid foinsí fuinnimh in-athnuaite inár gcuid tithe. 2,150 teach i nDún na nGall nach raibh aon aláraim dheataigh iontu. 2,822 teach a raibh painéil ghréine orthu agus b’ionann sin agus 5% de theaghaisí áitithe sa chontae. Go náisiúnta, ní raibh aláraim dheataigh i mbeagnach 72,000 teach agus bhí painéil ghréine ar 119,300 teach áitithe nó 6% de thithe áitithe.