Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

Preasráiteas

Próifíl 2 Dhaonáireamh 2022: Tithíocht in Éirinn - Baile Átha Cliath

Preasráiteas de chuid an CSO, , 11rn

Ardú 7% ar an Stoc Tithíochta ó 530,753 go 565,321 i mBaile Átha Cliath

Próifíl 2 - Tithíocht in Éirinn Dhaonáireamh 2022 eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu (an 27 Iúil 2023). Tugtar léargas cuimsitheach i bPróifíl 2 ar thírdhreach tithíochta na hÉireann in Aibreán 2022. Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhathruithe ar Bhaile Átha Cliath. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.

Trácht an Staitisteora

Ag trácht dó ar na torthaí, dúirt Brendan Murphy, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh:

Léirítear sna torthaí go bhfuil méadú tagtha ar an stoc tithíochta i ngach contae idir 2022 agus 2022. Go náisiúnta, tá úinéireacht tí ag titim de réir mar atá líon na líonta tí atá ina gcónaí i gcóiríocht ar cíos ag ardú. Tá ardú tagtha ar an oiread líonta tí le daoine 65 bliana d’aois nó níos sine i gcóiríocht ar cíos ó thiarna talún príobháideach idir Daonáireamh 2016 agus Daonáireamh 2022 sa tír ar an iomlán. Thit líon na dteaghaisí folmha a comhaireadh i nDaonáireamh 2022 le hais 2016. Mar sin féin, is tomhas thar am ar leith é seo (folamh ar oíche an daonáirimh, 03 Aibreán 2022), agus áiríodh ann maoine a bhí folamh go gearrthéarmach (teaghaisí ar díol, ar cíos, le hathchóiriú, an t-úinéir i dteach altranais mar shampla). Cuirtear sonraí ar fáil sa Phróifíl seo freisin ar thréithe ár gcuid tithe ar nós mar a théitear iad, cibé an bhfuil aláraim dheataigh iontu nó an bhfuil aon fhoinsí fuinnimh in-athnuaite á n-úsáid iontu.” 

(Chun tuilleadh a fháil amach faoi shainmhínithe a thugtar ar mhaoin fholamh maidir leis an daonáireamh féach ar Nóta an Eagarthóra thíos.)

Torthaí do Bhaile Átha Cliath

An Stoc Tithíochta

Tháinig fás 7% ó 530,753 go 565,321 ar an stoc tithíochta sa chontae idir Aibreán 2016 agus Aibreán 2022. D’ardaigh líon na dteaghaisí folmha 1% ó 31,459 go 31,658 agus d’ardaigh líon na dtithe saoire 14% ó 1,538 go 1,756.  

Tháinig fás ó 240,553 go 250,632 ar an stoc tithíochta i gCathair Bhaile Átha Cliath, sin ardú 4% idir Aibreán 2016 agus Aibreán 2022.  Tháinig ardú ar an stoc tithíochta ó 86,962 go 93,257 (+7%) i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin. Tháinig ardú 10%, ó 104,851 go 115,358 ar an stoc tithíochta i bhFine Gall. Tháinig ardú ar stoc tithíochta Bhaile Átha Cliath Theas ó 98,387 go 106,074 (+8%). Go náisiúnta, tháinig fás níos mó ná 5% ar an stoc tithíochta ó 2,003,645 go 2,112,121. Tháinig laghdú beagnach 20,000 (-11%) ar líon na dteaghaisí folmha go 163,433 agus d’ardaigh líon na dtithe saoire 8% ó 62,148 go 66,956. 

Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird nach gá go bhfuil teaghais a rangaítear ina teaghais fholamh chun críche daonáirimh ar fáil lena húsáid arís. Go bunúsach, is tomhas thar am ar leith í maoin fholamh maidir leis an daonáireamh a d’fhéadfadh a bheith éagsúil le tomhais tuairiscithe eile ar mhaoin fholamh a d’fhéadfadh a bheith dírithe ar mhaoine atá folamh go fadtréimhseach. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin sainmhíniú a thugtar ar mhaoin fholamh maidir leis an daonáireamh, féach ar Nótaí an Eagarthóra thíos.

Tionacht Tithíochta (Úinéirí agus Cíosaithe)

In Aibreán 2022, bhí 303,054 teach áitithe ag an úinéir i mBaile Átha Cliath, i gcomparáid le 287,769 in Aibreán 2016. Tháinig ardú 1% ar líon na dtithe a bhí faoi úinéireacht le morgáiste nó iasacht ó 146,918 go 148,511 ó Dhaonáireamh 2016 agus tháinig ardú 10% ar líon na dtithe a bhí faoi úinéireacht iomlán (gan iasacht ná morgáiste) ó 140,851 go 154,543. Bhí ardú 9% ó 114,462 go 125,146 le feiceáil ar thithe a bhí ar cíos ó thiarnaí talún príobháideacha. Go náisiúnta, bhí na húinéirí ina gcónaí in 66% de thithe. Bhí úinéireacht ar nach mór 531,207 teach le morgáiste nó iasacht, agus bhí úinéireacht ar bheagnach 680,000 teach gan morgáiste ná iasacht, sin ardú 11% ó 2016. Bhí níos mó ná 330,000 teach ar cíos ó thiarna talún príobháideach, ardú 7% ó 2016. 

Tháinig ardú suntasach 83% (ardú beagnach 17,000 líon tí) ar líon na ndaoine a bhí níos sine ná 65 bliain d’aois a raibh áit ar cíos acu ó thiarna talún príobháideach sa Stát. I mBaile Átha Cliath, ba 4,642 líon na dtithe a bhí ar cíos ag daoine a bhí san aoisghrúpa 65 agus níos sine (b’ionann sin agus ardú 88%). San aoisghrúpa 60 go 64, bhí ardú 78% air i gcomparáid le 69% go náisiúnta. 

Léiríonn Daonáireamh 2022, go raibh úinéireacht ag breis is leath de shealbhóirí tí ar a dteach féin i mBaile Átha Cliath faoi aois 38 (le morgáiste nó iasacht nó gan morgáiste nó iasacht). Go náisiúnta, ba 36 an aois sin. Tá an aois seo, arb í an aois í a dtarlaíonn an t-athrú ó theach a bheith ar cíos go dtí teach a bheith faoi úinéireacht, ag ardú le himeacht na mblianta, ardaithe ó 26 bliana d’aois in 1991, 27 mbliana d’aois in 2002, 28 mbliana d’aois in 2006, 32 bhliain d’aois in 2011 agus 35 bliana d’aois in 2016.

Ardú ar Chíos

Tá cíosaithe fós ag dul i ngleic le harduithe móra ar an méid cíosa a bhíonn le híoc acu. Idir daonáireamh 2016 agus daonáireamh 2022, ba €378 an meánchíos sheachtainiúil a bhí á híoc le tiarnaí talún príobháideacha i mBaile Átha Cliath in Aibreán 2022, b’ardú 34% é sin ar 2016. D’ardaigh an meánchíos sheachtainiúil a bhí á híoc le tiarna talún príobháideach (ag an leibhéal náisiúnta) go dtí €273, ardú €73 (37%) Sin níos mó ná dhá oiread ráta an ardaithe (17%) idir 2011 agus 2016.

Maoine Folmha

D’fhéadfadh nach raibh go leor de na maoine a rangaíodh mar mhaoine folmha sa daonáireamh folamh ach ar feadh tréimhse ghearr agus mar gheall ar réimse leathan cúiseanna lena n-áirítear tithe a bheith le díol, le fáil ar cíos, tithe nua nó athchóiriú, an t-úinéir i dteach altranais etc. Mar sin féin, rangaíodh breis is 4,405 teaghais ina teaghaisí folmha i mBaile Átha Cliath i ndaonáirimh 2016 agus 2022 araon agus d’fhéadfadh stádas folamh níos fadtéarmaí a bheith i gceist leo sin. Go náisiúnta, bhí an figiúr díreach faoi bhun 48,000. 

Is é sainmhíniú an Daonáirimh maidir le teaghais fholamh ná táscaire thar am ar leith a ghlactar ar oíche an daonáirimh ina gciallaíonn na cásanna sin go raibh na teaghaisí sin folamh ar oícheanta an daonáirimh in 2016 agus 2022 araon. (Chun tuilleadh eolais a fháil ar shainmhíniú an daonáirimh ar mhaoin fholamh, féach ar nótaí an Eagarthóra thíos).

Sonraí ó Cheisteanna Nua Lín Tí 

Áiríodh ceisteanna nua lín tí i nDaonáireamh 2022 ar líon na n-aláram deataigh atá ag obair agus ar an gcaoi a n-úsáideann muid foinsí fuinnimh in-athnuaite inár gcuid tithe. 16,709 teach i mBaile Átha Cliath nach raibh aon aláraim dheataigh iontu. 27,325 teach a raibh painéil ghréine orthu agus b’ionann sin agus 5% de theaghaisí áitithe sa chontae. Go náisiúnta, ní raibh aláraim dheataigh i mbeagnach 72,000 teach agus bhí painéil ghréine ar 119,300 teach áitithe nó 6% de thithe áitithe.

Nótaí d'Eagarthóirí

Sainmhíniú ar Mhaoin Fholamh:

  • Is é an sainmhíniú a úsáideann an Daonáireamh maidir le teaghais fholamh: Rangaíonn áiritheoirí daonáirimh teaghais ina teaghais fholamh má bhíonn sí folamh ar oíche an Daonáirimh, nach bhfuil sí á húsáid ina teach saoire agus nach mbíonn áitritheoirí ann go hiondúil atá as láthair go sealadach ag am an daonáirimh. Ní gá go bhfuil teaghais a rangaítear ina teaghais fholamh chun críche daonáirimh ar fáil lena húsáid arís.
  • Is é sainmhíniú an Daonáirimh maidir le teaghais fholamh ná táscaire thar am ar leith a ghlactar ar oíche an Daonáirimh maidir le cibé an raibh an mhaoin áitrithe nó nach raibh Dé Domhnaigh an 03 Aibreán 2022. Níor chóir ‘folamh’ i dtaobh Daonáirimh a úsáid mar thomhas go bhfuil maoin folamh go fadtréimhseach ná é a chur i gcomparáid go díreach le figiúirí ar mhaoine folmha ó fhoinsí eile a bhféadfadh sainmhínithe nó modheolaíochtaí eile a bheith in úsáid acu. D’fhéadfaí teaghais a rangú ina teaghais fholamh mura bhfuil sí áitrithe mar go bhfuil sí le díol, á hathchóiriú, nó mar gheall gur maoin ar cíos í nach bhfuil áitrithe. Baineadh úsáid as sainmhíniú an Daonáirimh ar mhaoin fholamh i roinnt daonáireamh agus cuireann sin ar ár gcumas comparáidí a dhéanamh le himeacht ama.
  • Ní ghlactar tithe saoire san áireamh mar chuid den chomhaireamh ar theaghaisí folmha.
  • Ní áirítear teaghaisí atá á dtógáil ná maoine atá tréigthe ach an oiread mar chuid den chomhaireamh ar theaghaisí folmha. Ní féidir cónaí i dteaghaisí a rangaítear sa daonáireamh mar theaghaisí atá á dtógáil mar go bhfuil rud amháin nó níos mó rudaí amhail an díon, fuinneoga nó doirse in easnamh orthu. Ní féidir cónaí i dteaghaisí tréigthe mar go bhfuil siad i ndroch-chaoi, dúnta suas nó mar gheall go bhfuil go leor obair dheisiúcháin le déanamh orthu. Is féidir tuilleadh eolais a fháil inár gCeisteanna Coitianta ar Theaghaisí Folmha.
  • Tugtar sainmhíniú ar an stoc tithíochta mar líon iomlán na dteaghaisí cónaithe buana a bhí ar fáil d’áititheoirí an tráth a ndearnadh áireamh an daonáirimh. Sa tuairisc seo, tá an stoc tithíochta comhdhéanta de líonta tí príobháideacha buana (a bhfuil gnáthchónaitheoirí agus cuairteoirí araon iontu), tithe saoire, tithe nó árasáin fholmha, mar aon le teaghaisí a raibh na háititheoirí go léir as láthair go sealadach ar oíche an Daonáirimh. Mar sin féin, ní áirítear eagrais chomhroinnte, líonta tí príobháideacha sealadacha (e.g. carbháin agus tithe soghluaiste), mar aon le teaghaisí a rangaítear ina teaghaisí tréigthe nó teaghaisí atá á dtógáil ag na háiritheoirí faoin sainmhíniú seo. 

Tuilleadh Eolais:

  • Bhí an daonáireamh ar siúl Dé Domhnaigh an 03 Aibreán 2022. Baineann figiúirí an dhaonáirimh leis an daonra de facto, rud a chiallaíonn gach duine a bhí sa Stát ar oíche Dé Domhnaigh an 03 Aibreán 2022. Áiríonn an daonra de facto iadsan nach mbíonn ina gcónaí de ghnáth sa Stát ach a bhí sa Stát ar oíche an Daonáirimh. Ní áiríonn sé iadsan a bhíonn ina gcónaí sa Stát de ghnáth ach a bhí as láthair go sealadach lasmuigh den Stát ar oíche an Daonáirimh.
  • Is í Próifíl 2 an dara ceann i sraith d’ocht dtuarascáil théamacha ar Dhaonáireamh 2022. Tá na próifílí atá fanta liostaithe thíos agus foilseofar iad idir an Déardaoin 31 Lúnasa 2023 agus an 19 Nollaig 2023:
    • Próifíl 3 - Líonta Tí, Teaghlaigh agus Cúram Leanaí
    • Próifíl 4 - Daoine faoi Mhíchumas, Sláinte agus Cúramóirí
    • Próifíl 5 - Éagsúlacht, Imirce, Eitneachas, An Lucht Siúil, agus Creideamh
    • Próifíl 6 - Daoine gan dídean
    • Próifíl 7 - Fostaíocht, Slite Beatha agus Comaitéireacht
    • Próifíl 8 - An Ghaeilge agus Oideachas
  • Foilseofar an Staidreamh Daonra um Cheantair Bheaga (SAPS), ar staidreamh iad a tháirgtear do réimse de leibhéil gheografacha ón Stát go ceantair bheaga i Meán Fómhair 2023. Is féidir leat an Sceideal Foilsithe iomlán maidir le Daonáireamh 2022 a fháil ar an nasc seo a leanas: Sceideal Foilsithe maidir le Daonáireamh 2022 - CSO - An Phríomh-Oifig Staidrimh.
  • Tá bileog faisnéise ar Phróifíl 2 - Tithíocht in Éirinn ar fáil ina n-áirítear an cur i láthair go léir agus roinnt comhaid ghearra fuaime i mBéarla agus i nGaeilge ar na príomhthorthaí.
  • Tá Ceisteanna Coitianta maidir le Daonáireamh 2022 ar fáil.
  • Tá grafaic eolais foilsithe do Dhaonáireamh 2022 Próifíl 2 - Tithíocht in Éirinn. Déan teagmháil le pressoffice@cso.ie má theastaíonn an ghrafaic eolais uait i bhformáid ar leith.
  • Sainmhínithe - Féach na Notaí Cúlra.                                                                                            

Teagmhálaithe

Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413
Tony Downes (+353) 1 895 1319
R-phost censuspublicity@cso.ie
R-phostpressoffice@cso.ie

-- CRÍOCH --