Tá Próifíl 1 Dhaonáireamh 2022 - Dáileadh agus Gluaiseachtaí Daonra eisithe inniu (29 Meitheamh 2023) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh ina dtugtar sonraí ar na hathruithe daonra go náisiúnta i ngach contae ó bhí Daonáireamh 2016 ar siúl. Áirítear i measc roinnt de na topaicí a chlúdaítear an dáileadh daonra i ngach contae, áit bhreithe chónaitheoirí an Stáit i ngach contae (ie cibé ar rugadh nó nach rugadh iad laistigh den chontae, in áit éigin eile in Éirinn nó lasmuigh d’Éirinn) agus gluaiseachtaí daonra go dtí gach contae, laistigh de gach contae agus lasmuigh de gach contae. Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh ag eisiúint faisnéis Dhaonáireamh 2022 ag leibhéal na dToghranna freisin, ina dtabharfar breis eolais áitiúil faoi dháileadh an daonra ar fud na tíre. Tarraingítear aird sa phreasráiteas seo ar roinnt de na príomhathruithe ar an Mí. Tá liosta iomlán de phreasráitis na gcontaetha ar fáil.
Kathleen Goulding | (+353) 1 895 1413 |
---|---|
Tony Downes | (+353) 1 895 1319 |
R-phost | censuspublicity@cso.ie |
R-phost | pressoffice@cso.ie |
-- CRÍOCH --
Trácht an Staitisteora
Ag trácht di ar na torthaí, dúirt an Dr Tracy Clegg, Staitisteoir i Rannóg an Daonáirimh: “Tugtar saibhreas eolais dúinn i bPróifíl 1, atáimid a fhoilsiú inniu, faoi athruithe ar an daonra inár gcontaetha, bailte agus cathracha ó Aibreán 2016. Tugtar sonraí mionsonraithe ann ar dháileadh an daonra ar fud ár gcuid bailte agus cathracha agus ar phróifíl na n-aoiseanna, ar áit bhreithe ghnáthchónaitheoirí gach contae, mar aon le sonraí ar ghluaiseachtaí daonra go dtí gach contae, laistigh de gach contae agus lasmuigh de gach contae.
Maidir leis an Mí, ba é an Uaimh an baile ba mhó, le daonra 33,886 in Aibreán 2022.”
Torthaí don Mhí
Próifíl Aoise na mBailte
Maidir leis na bailte a raibh daonra 500 duine ar a laghad iontu in Aibreán 2022, ba é Droichead Chearbhalláin an baile leis an daonra is óige leis an meánaois 31.8 bliain. Ba é Baile Átha Buí an baile leis an daonra is sine leis an meánaois 38.5 bliain. Ba é 38.8 bliain an mheánaois go náisiúnta.
Áit Bhreithe
In Aibreán 2022, rugadh 32% de ghnáthchónaitheoirí na Mí (71,356 duine) sa chontae sin. Rugadh 49% eile acu (108,263 duine) in áit eile sa Stát. Rugadh an 18% (40,319 duine) atá fanta taobh amuigh den Stát, agus is ardú é sin ó 15% sa bhliain 2016. Rugadh 20% den ghnáthdhaonra cónaithe go náisiúnta taobh amuigh den Stát in Aibreán 2022.
Daoine agus Líonta Tí a bhog
As na daoine a raibh cónaí orthu sa Mhí, bhog 9,712 duine le linn na bliana roimh Dhaonáireamh 2022. Bhog formhór acu sin (5,986 duine nó 62%) chuig áit eile laistigh den chontae. Bhog 265,098 gnáthchónaitheoir go náisiúnta le linn na bliana suas go dtí Aibreán 2022. Bhog 71% astu sin chuig teach nua sa chontae céanna.
Maidir le 43% de na líonta tí a bhog sa Mhí ba leo an teach nua a bhí acu le hiasacht nó morgáiste agus ba le 10% acu a dteach nua gan iasacht nó morgáiste. Maidir le 23% de na líonta tí a bhog go náisiúnta ba leo an teach nua a bhí acu le hiasacht nó morgáiste agus ba leo 11% acu a dteach nua gan iasacht nó morgáiste.
Maidir leis na líonta tí a bhog sa Mhí, is chuig teach scoite (32%) is mó is dóichí a bhog siad ná mar a bhog daoine go náisiúnta (23%). Bhog líon tí amháin as cúig cinn de na líonta tí a bhog sa Mhí (20%) chuig árasán i gcomparáid le 34% a bhog go náisiúnta.