25 Feabhra 2022
Breathnaigh ar an eisiúint: Ainmneacha Leanaí na hÉireann 2020 [en]
Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) staitisticí inniu (25 Feabhra 2022) maidir le hAinmneacha Leanaí na hÉireann 2021.
Déanann Gerard Doolan, Staitisteoir, trácht ar fhoilseachán an lae inniu, “Tá Fiadh ar an ainm is mó tóir do chailíní nuabheirthe den chéad uair in 2021. Tagann Grace, Emily, Sophie agus Éabha ina diaidh. Tá Grace, Emily agus Sophie théis a bheith i measc an 5 ainm is coitianta gach bliain ó 2016 anuas.
Tá Jack i mbarr a réime mar ainm do bhuachaillí arís in 2020, é ar an chéad áit ó 2007, nach mór, ach amháin in 2016 nuair a chuaigh James chun cinn air go sealadach. In éineacht le Jack ar an cúig ainm is mó tóir in 2021 tá Noah, James, Conor agus Rían.
Is díol suntais é nach raibh aon cheann den 5 ainm cailín is mó tóir i mbliana ar liosta an 100 ainm ba choitianta leathchéad bliain roimhe sin. Siar sa bhliain 1971, ba mhinice cailíní a chlárú leis na hainmneacha Mary, Catherine, Margaret, Fiona agus Sinéad/Sinead. Tugadh Mary ar 1,907 cailín an bhliain sin. Níl ach 424 cailín leis an ainm is coitianta, Fiadh, in 2021 – sin 22.2% den líon cailíní a tugadh Mary orthu in 1971.
In 1971, b’iad na hainmneacha aitheanta John, Michael, Patrick, David agus James a roghnaíodh ba mhinice do bhuachaillí nuabheirthe. Tugadh John ar 198 buachaill in 2021, le hais líon 2,654 buachaill leis an ainm céanna caoga bliain roimhe in 1971.
Tá borradh as cuimse tagtha ar Fiadh, í ar an 488ú ainm ba choitianta in 2009 agus ag tochailt tóra ó shin i leith. Bhain sí an tríú háit amach in 2019, an dara háit in 2020 agus anois barr an liosta in 2021. Is léir ó thús na dtaifead go dtugtar réimse níos leithne ainmneacha ar chailíní ná ar bhuachaillí. In 2021, roghnaíodh 4,741 ainm aonair do chailíní le hais 3,863 ceann do bhuachaillí.
I gcás na gcailíní, tá taifead ar thrí iontráil nua sa 100 barrainm in 2021 – sin iad Indie, Ayla agus Lottie. Feictear an fás bliantúil is mó ar an ainm nuachumtha Croía, ag dul ón 95ú háit in 2020 go dtí an 52ú háit in 2021.
Cé nach raibh ach iontráil nua amháin sa 100 barrainm in 2020, feictear 10 gceann i bhfigiúirí 2021. Is iad sin Teddy, Daithí, Páidí, Jaxon, Brody, Ted, Hunter, Tadgh [sic], Tiernan agus Arlo. Tá an fás bliantúil is mó as aon ainm tagtha ar Ted, é ar an 139ú háit in 2020 agus sa 90ú háit in 2021.
I measc na hainmneacha níos annaimhe ar chailíní in 2021 bhí Sky, Princess, Valerie, Ophelia agus Noelle. Tugadh Rome, Kobie, Thady, Saul agus Eanna [sic] ar líon beag buachaillí anuraidh.”
Tá miondealú contae de na hainmneacha do chailíní agus do bhuachaillí ar fáil ag an nasc thíos.
Ainmneacha is mó tóir de réir contae 2021
Chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) tús le hanailís ar shonraí túsainmneacha leanaí leis an mbliain tagartha 1998 agus faigheann sí na sonraí seo ón bPríomh-Oifig Chlárúcháin (GRO). Ag tús an phróisis seo, b’éigean ainmneacha a iontráil de lámh ar an mbunachar sonraí ó thaifid páipéir. Ba mhór an obair a bhí ag baint leis seo agus cinneadh in 1998 ainmneacha a iontráil gan sínte fada nó diaicriticí eile.
Nuair a athraíodh an modh taifeadta agus go raibh na sonraí ar fáil i bhfoirm dhigiteach, cinneadh leanúint ar aghaidh le próiseáil na sonraí ar an gcaoi chéanna, óir go dtiocfadh briseadh ar an sraith sonraí dá ndéanfaí athrú.
I ndiaidh don feidhmchlár ‘Baby Names of Ireland’ a bheith seolta ag an CSO sa bhliain 2017, fuarthas aiseolas ó úsáideoirí nach raibh a n-ainmneacha cearta luaite sna sonraí agus gur chóir aitheantas a thabhairt dóibh i gceart. Phléigh an CSO an cheist leis an GRO agus rinneadh tástáil rathúil ar thraschur sonraí i lár na bliana 2018.
Bhí foilsiú shonraí ar ainmneacha leanaí 2018 ar an gcéad bhliain i sraith sonraí nua, óir go ndéantar idirdhealú ar thúsainmneacha le sínte fada nó diaicriticí eile agus ar ainmneacha nach bhfuil diaicriticí iontu. Faraor, ní bheifear in ann leasú ar an gcaoi chéanna a dhéanamh ar shonraí do bhlianta eile roimhe seo.
Tá nuashonrú déanta ar fheidhmchlár na hainmneacha leanaí chun aird mar is ceart a thabhairt d’ainmneacha arna clárú ó 2018 i leith le sínte fada nó diaicriticí eile.
Gerard Doolan (+353) 21 453 5130 nó David Griffin (+353) 21 453 5273
nó seol ríomhphost chuig vitalstats@cso.ie
-- CRÍOCH --