26 Feabhra 2021
Breathnaigh ar an eisiúint: Ainmneacha Leanaí na hÉireann 2020 [en]
Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) staitisticí inniu (26 Feabhra 2020) maidir le hAinmneacha Leanaí na hÉireann 2020. Déanann Carol Anne Hennessy, Staitisteoir, trácht ar fhoilseachán an lae inniu, “Don tríú bhliain as a chéile, déantar comhaireamh ar ainmneacha le sínte fada nó diaicriticí eile a cláraíodh do leanaí sa bhliain 20202.” [féach Nóta d’Eagarthóirí thíos]
Lean sí uirthi maidir le treochtaí in ainmniú leanaí na hÉireann: “Tá Grace ar an ainm is mó tóir do chailíní nuabheirthe den chéad uair in 2020. Tagann Fiadh, Emily, Sophie agus Ava ina diaidh. Bhí Emily ar bharr an liosta ar feadh 9 mbliana as a chéile (2011 go 2019) ach tá sí tite go dtí an tríú háit anois, taobh thiar de Grace agus Fiadh.
Tá Jack i mbarr réime mar ainm do bhuachaillí arís in 2020 agus ó 2007 i leith ní bhfuarthas an ceann is fearr air ach uair amháin, nuair a bhain James an chéad áit amach in 2016. In éineacht le Jack ar an cúig ainm is mó tóir in 2020 tá James, Noah, Daniel agus Conor.
Is díol suntais é nach raibh aon cheann den 5 ainm cailín is mó tóir i mbliana ar liosta an 100 ainm ba choitianta leathchéad bliain roimhe sin. Siar sa bhliain 1969, ba mhinice cailíní a chlárú leis na hainmneacha Mary, Catherine, Margaret, Ann agus Sharon. Tugadh Mary ar 1,896 cailín an bhliain sin. Níl ach 410 cailín leis an ainm is coitianta, Grace, in 2020 – sin 21.6% den líon cailíní a tugadh Mary orthu in 1970. Tá borradh faoin Ava arís in 2020 agus í ar an cúigiú ainm cailín is coitianta. Roimhe seo bhí Ava sa tríú háit in 2016.
In 1970, b’iad na hainmneacha aitheanta John, Michael, Patrick, David agus James a roghnaíodh ba mhinice do bhuachaillí nuabheirthe. Tugadh John ar 193 buachaill in 2020, 7.3% den líon 2,629 buachaill leis an ainm céanna caoga bliain roimhe in 1970.
Is léir ó na táblaí go dtugtar réimse níos leithne ainmneacha do chailíní ná do bhuachaillí, le 4,624 ainm aonair roghnaithe do chailíní le hais 3,715 ceann do bhuachaillí in 2020.
Tabhair do d’aire go n-áirítear leaganacha malartacha d’ainmneacha astu féin sa tsraith seo. Tá sampla ar leith i mbliana againn – Fiadh (366 leanbh) ar an dara ainm is mó tóir do chailíní agus malairt litriú le síneadh fada, Fíadh (111 leanbh) chomh coitianta go dtagann sí sa 93ú háit. Dá n-áireofaí an dá leagan le chéile, bheadh Fiadh/Fíadh chun cinn ar an ainm cailín is coitianta Grace (410 leanbh) in 2020.
Ar an gcaoi chéanna, tá Seán (266 leanbh) sa 20ú áit agus Sean (70 leanbh) sa 88ú áit i measc na mbuachaillí. Tá Donnacha (128 leanbh) áirithe ar an 47ú ainm is mó tóir do bhuachaillí in 2020, ach tá a n-iontrálacha féin níos annaimhe ag na leaganacha Donncha agus Donnchadh.
Bhí seacht n-ainm luaite as an nua sa chéad 100 ainm do chailíní, sin iad Penny, Luna, Cora, Fíadh (a luaitear thuas), Croía, Elsie agus Paige. Tá an t-ainm nuachumtha Croía ag teacht i dtreis, cláraithe mar ainm ag 32 leanbh in 2019 agus 56 leanbh in 2020, ag ardú ón 162ú áit go dtí an 95ú áit. Léim Cora ón 127ú áit in 2019 go dtí an 90ú áit in 2020.
Ní raibh ach ainm amháin luaite as an nua sa chéad 100 ainm do bhuachaillí, sin Sonny sa 81ú áit. Léim Rian ón 119ú áit in 2019 go dtí an 86ú áit in 2020. Ina theannta sin, tháinig neart le Eoghan mar ainm do bhuachaillí, ón 108ú áit in 2019 go dtí an 79ú áit in 2020.
I measc na hainmneacha níos annaimhe do chailíní in 2020 bhí Zaria, Vienna, Fódhla, Marlee agus Roxie. Tugadh Orion, Creed, Romeo, Klay agus Séadna ar líon beag buachaillí anuraidh.”
Tá miondealú contae de na hainmneacha do chailíní agus do bhuachaillí ar fáil ag an nasc thíos.
Ainmneacha is mó tóir de réir contae 2020
Chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) tús le hanailís ar shonraí túsainmneacha leanaí leis an mbliain tagartha 1998 agus faigheann sí na sonraí seo ón bPríomh-Oifig Chlárúcháin (GRO). Ag tús an phróisis seo, b’éigean ainmneacha a iontráil de lámh ar an mbunachar sonraí ó thaifid páipéir. Ba mhór an obair a bhí ag baint leis seo agus cinneadh in 1998 ainmneacha a iontráil gan sínte fada nó diaicriticí eile.
Nuair a athraíodh an modh taifeadta agus go raibh na sonraí ar fáil i bhfoirm dhigiteach, cinneadh leanúint ar aghaidh le próiseáil na sonraí ar an gcaoi chéanna, óir go dtiocfadh briseadh ar an sraith sonraí dá ndéanfaí athrú.
I ndiaidh don feidhmchlár ‘Baby Names of Ireland’ a bheith seolta ag an CSO sa bhliain 2017, fuarthas aiseolas ó úsáideoirí nach raibh a n-ainmneacha cearta luaite sna sonraí agus gur chóir aitheantas a thabhairt dóibh i gceart. Phléigh an CSO an cheist leis an GRO agus rinneadh tástáil rathúil ar thraschur sonraí i lár na bliana 2018.
Bhí foilsiú shonraí ar ainmneacha leanaí 2018 ar an gcéad bhliain i sraith sonraí nua, óir go ndéantar idirdhealú ar thúsainmneacha le sínte fada nó diaicriticí eile agus ar ainmneacha nach bhfuil diaicriticí iontu. Faraor, ní bheifear in ann leasú ar an gcaoi chéanna a dhéanamh ar shonraí do bhlianta eile roimhe seo.
Tá nuashonrú déanta ar fheidhmchlár na hainmneacha leanaí chun aird mar is ceart a thabhairt d’ainmneacha arna clárú ó 2018 i leith le sínte fada nó diaicriticí eile.
Carol Anne Hennessy (+353) 21 453 5307 nó John O'Connor (+353) 21 453 5787
nó seol ríomhphost chuig vitalstats@cso.ie
-- CRÍOCH --