08 Meán Fómhair 2020
Breathnaigh ar an eisiúint: Tuilleamh agus Costais Saothair, Ráithe 2 2020 (Réamhthorthaí) Ráithe 1 2020 (Torthaí Críochnúla) [EN]
Tá torthaí ar Thuilleamh agus Costais Saothair foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (08 Meán Fómhair 2020) i ndáil le Réamh-mheastacháin Ráithe 2 2020 agus Meastacháin críochnúla R1 2020.
Déanann Louise Egan, Staitisteoir, cur síos ar an tionchar atá ag COVID-19 i dtorthaí an lae inniu:
“Agus na hathruithe i dtuilleamh á chíoradh againn, ba chóir tabhairt faoi ndeara gur féidir éifeacht comhdhéanaimh a bheith i gceist. Is mór an difear idir comhdhéanamh an mhargadh saothair R2 2020 le hais mar a bhí i ráithí eile roimhe sin, lena n-áirítear R2 2019 atá mar pointe tagartha d’athruithe bliantúla. Bhí fostaíocht i bhfad níos lú in earnálacha áirithe faoi R2 2020. Cuir i gcás an méadú ar mheántuilleamh seachtainiúil - d’fhéadfadh tionchar áirithe a bheith ag poist a cailleadh in earnáil éigeann a bheith ar mheántuilleamh níos ísle ná na poist a coinníodh san earnáil chéanna sa dá ráithe.”
Lean Louise Egan uirthi le cur síos ar chúlra na heisiúna agus ar na torthaí ceannlíne atá á léiriú inniu:
“Tugtar staitisticí sa tsraith Tuilleamh agus Costais Saothair ar mheántuilleamh seachtainiúil agus in aghaidh na huaire, ar uaireanta oibre íoctha agus ar chostais eile saothair. Baineann bearta rialtais a cuireadh in áit de bharr COVID-19 le cuid de nó iomlán na seachtainí in R2 2020 i gás roinnt earnálacha.
I measc agus laistigh d’earnálacha geilleagracha bhí éifeacht thar a bheith difriúil ag an ngéarchéim COVID-19. Chuige seo, tá anailís déanta ar shonraí Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá (SFSP), Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime (ÍDP) agus Suirbhé ar an Lucht Saothair (SLS). Ar an gcaoi seo, feictear le guagacht an mhargadh saothair in R2 2020 a thomhas, mar aon leis an athrú fostaíochta méadaithe in earnálacha áirithe le linn na ráithe.
De réir réamh-mheastacháin R2 2020, bhí méadú 7.9% ar mheántuilleamh seachtainiúil go €25.57 agus laghdú 1.8% ar mheánlíon uaireanta íoctha go 32.0 uair le hais an tréimhse chéanna in 2019. Sna figiúirí is déanaí, €819.13 ab ea an meántuilleamh seachtainiúil, méadú 6.2% ar fhigiúr R2 2019. Bhí an ráta folúntais poist, lena dtomhaistear folúntais poist amhail an lá deireanach den ráithe, ar 0.7% in R2 2020, laghdú ón ráta 1.1% ag deireadh R2 2019.”
Louise Egan (+353) 21 453 5951
nó seol ríomhphost chuig earnings@cso.ie
-- CRÍOCH --