Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

07 Nollaig 2020

Suirbhéireacht Sláinte na hÉireann 2019 – Cúramóirí agus Tacaí Sóisialta

Dúlagar níos coitianta i measc cúramóirí ná neamh-chúramóirí, de réir féintuairisciú
  • Duine as ochtar 15 bliana d’aois nó níos sine ag tabhairt cúram in 2019
  • Sciar níos mó de mhná (14%) ná d’fhir (11%) ina gcúramóirí
  • Deir 19% de chúramóirí go bhfuil dúlagar de chineál éigean orthu le hais 13% de neamh-chúramóirí
  • Dá dtiocfadh fadhb shuntasach chun cinn, bheadh 77% de dhaoine in ann braith ar thriúr eile le haghaidh cabhrach
  • Éasca nó an-éasca ag trí cheathrú de dhaoine cabhair phraiticiúil a fháil ó chomharsana
  • Leibhéal éigean deacrachta ag 35% de dhaoine aosta (65 bliana d’aois agus níos sine) obair tí mhaslach a dhéanamh

Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhéireacht Sláinte na hÉireann 2019 – Cúramóirí agus Tacaí Sóisialta [en]

Tá sonraí foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (07 Nollaig 2020) ar ghnéithe de Shuirbhéireacht Sláinte na hÉireann 2019 a bhaineann le Cúramóirí agus Tacaí Sóisialta.

Déanann Keith McSweeney, Staitisteoir Sinsearach trácht ar an bhfoilseachán:

“Féintuairisciú ó dhaoine 15 bliana d’aois agus níos sine atá mar bhonn ag an bhfoilseachán inniu, mar aon le torthaí eile na Suirbhéireachta atá fós le foilsiú. Bailíodh na sonraí don tSuirbhéireacht idir Iúil 2019 agus Feabhra 2020, mar sin tugann siad léargas dúinn ar thaithí sláinte sa tír roimh na paindéime. Tabharfar iomlán na dtorthaí i sraith de thrí fhoilseachán; ceann an lae inniu maidir le Cúramóirí agus Tacaí Sóisialta, ceann Dé hAoine an 11 Nollaig maidir leis na Príomhthorthaí agus ceann Dé Luain an 14 Nollaig a bheidh dírithe ar an stádas sláinte ag daoine le míchumas.

Deir 12% de dhaoine 15 bliana d’aois agus níos sine go dtugann siad cúram do dhuine eile, ag eisiamh gníomhaíocht ghairmiúil. Tá sciar níos mó de mhná ná d’fhir sa lucht cúraim. Tá céatadán níos airde de cúramóirí  a thuairiscíonn dúlagar de chineál éigean a bheith orthu, 19% díobh i gcomparáid le 13% de dhaoine nach cúramóirí iad.

Dá dtiocfadh fadhb shuntasach chun cinn, bheadh 77% de dhaoine in ann braith ar thriúr eile le haghaidh cabhrach. Is dóigh le 91% go gcuireann daoine eile timpeall orthu roinnt suime nó an-chuid suime sa mhéid atá á dhéanamh acu. Tá sé éasca nó an-éasca ag 75% de dhaoine cabhair phraiticiúil a fháil ó chomharsana.

Iarradh sraith ceisteanna faoi leith ar fhreagróirí suirbhé 65 bliana d’aois agus níos sine maidir le chomh deacair is a bhíonn sé orthu tabhairt faoi chúram pearsanta nó obair tí. Dar le 35% díobh bhí roinnt deacrachtaí acu obair tí mhaslach a chur i gcrích. Ní bhíonn aon deacracht ag 91% de dhaoine aosta déileáil lena gcógas.”

Gabhann an Phriomh-Ofiig Staidrimh buíochas le freagróirí na suirbhéireachta. Is lena gcabhair siúd atá torthaí an lae inniu á fhoilsiú.

Nótaí d'Eagarthóirí:

Thart ar 7,600 daoine aonair a d’fhreagair Suirbhéireacht Sláinte na hÉireann 2019, agus tá an foilseachán seo maidir le Cúramóirí agus Tacaí Sóisialta bunaithe ar fhreagraí a fuaireas ar chudi de na ceisteanna sa cheistneoir iomlán. Ó thús na srianta COVID-19 i mí Márta agus i  gcomhréir le treoilínte sláinte poiblí, ní tugann agallóirí na hOifige cuairt ar fhreagróirí ag an mbaile le haghaidh suirbhéanna líon tí CSO. Faoi láthair, cuirtear litreacha amach sa phost chuig líonta tí roghnaithe chun iarraidh orthu a bheith páirteach agus déantar agallaimh thar an nguthán.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Keith McSweeney (+353) 21 453 5423 nó Caroline Barrett (+353) 21 453 5485

nó seol ríomhphost chuig health@cso.ie

-- CRÍOCH --