08 Bealtaine 2020
Breathnaigh ar an eisiúint: Impleachtaí Sóisialta ag COVID-19 ar Mhná agus ar Fhir, Aibreán 2020 [en]
Mar gheall ar earráid próiseála, tuairiscíodh luachanna míchearta do rátálacha sástacht saoil na tréimhsí 2013, 2018 agus Aibreán 2020. Táthar tar éis mionleasuithe a dhéanamh ar thorthaí foilsithe chun an taifead a cheartú. Mar shampla, tuairiscíodh ar dtús gur thug 15.3% d'fhreagróirí rátáil Íseal ar a sástacht saoil, ach is é an luach leasaithe ná 15.8%. Ceartaíodh an méid seo ag 11 r.n. ar an 13 Deireadh Fómhair 2021. |
Tá dochar níos mó á dhéanamh d’fholláine na mban in Éirinn ag an ngéarchéim COVID-19. Is é seo ceann des na conclúidí in anailís úr ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ar na freagraí ar thug mná agus fir ar an Suirbhé ar Impleachtaí Sóisialta ag COVID-19 in eagrán Aibreán 2020, a eisíodh le déanaí ar Aoine an 8 Bealtaine (Féach Nótaí d’Eagarthóirí).
Thug idir mhná agus fir rátáil níos ísle ar a sástacht saoil foriomlán in Aibreán 2020 le hais 2013, tráth a bhí éifeachtaí na géarchéime airgeadais 2008 fós ag dul i bhfeidhm ar an stát. In Aibreán 2020, áfach, bhí méadú níos mó ar an gcéatadán d’fhreagróirí ban ag tabhairt rátáil “Íseal” sa chatagóir seo.
Déanann Claire Burke, Staitisteoir, trácht ar na torthaí seo:
“Léirítear dúinn le miondealú inscne den Suirbhé ar Impleachtaí Sóisialta ag COVID-19 go raibh níos mó freagróirí ban a thuairiscigh go raibh siad “Thar a bheith” imníoch faoina sláinte féin, faoi shláinte duine eile agus faoi cheangail shóisialta a chothú ná freagróirí fear. Mar shampla, bhí níos mó ná duine as ceathrar de mhná (27.6%) “Thar a bheith” imníoch faoi shláinte duine eile i gcomparáid le duine as cúigear (20.1%) de fhir.
Bhí sciar 15.7% de mhná a thug rátáil “Íseal” ar a sástacht saoil foriomlán in 2013, gar go leor don sciar 16.2% d’fhir ag an am. Cúig bliana níos déanaí, in 2018, tráth a bhí borradh faoin ngeilleagar, bhí na figiúirí feabhsaithe go mór, le díreach 9.2% de mhná agus 8.5% d’fhir ag maíomh go raibh sástacht saoil foriomlán “Íseal” acu. Tá an chosúlacht ann go bhfuil an ghéarchéim COVID-19 ag déanamh dochar do folláine na mban níos mó ná d’fhir. Tá an sciar de mhná le sástacht saoil “Íseal” in Aibreán 2020 breis is dhá oiread níos mó ná mar a bhí in 2013 (37.6% agus 15.7% faoi seach). Tá ardú tagtha ar sciar na bhfear le sástacht saoil “Íseal”, ach ní ar an gcaoi chéanna. Dúirt 23.0% d’fhir go raibh sástacht “Íseal” acu in Aibreán 2020, le hais 16.2% in 2013.
Chuir agallóirí na Príomh-Oifige Staidrimh an Suirbhé ar Impleachtaí Sóisialta COVID-19 le haghaidh Aibreán 2020 ar fhreagróirí idir Déardaoin an 23 Aibreán agus Aoine an 1 Bealtaine. Léirítear i dtorthaí an tsuirbhé eispéaras mhuintir na hÉireann le COVID-19 agus an tionchar atá imeartha ag an ngalar orthu.
Féach torthaí foriomlána an tsuirbhé anseo: Suirbhé ar Impleachtaí Sóisialta ag COVID-19 Aibreán 2020 [en]
Clúdaíodh ábhar ar níos folláine, ábhair imní pearsanta, patrúin tomhaltais, saoil oibre agus cloí le comhairle oifigiúil ar COVID-19 sa suirbhé. In eisiúint an lae inniu, dírítear ar na difríochtaíochtaí atá le braith i dtorthaí an tsuirbhé idir freagróirí baineanna agus fireanna.
Claire Burke (+353) 21 453 5046 nó Gerry Reilly (+353) 21 453 5700
nó seol ríomhphost chuig icw@cso.ie
-- CRÍOCH --