24 Meitheamh 2020
Breathnaigh ar an eisiúint: Impleachtaí Sóisialta COVID-19 (Meitheamh 2020): Eispéiris na Paindéime agus a bhfuiltear ag súil leis ina diaidh [EN]
Tá cuid de thorthaí ón dara bhabhta den Suirbhé ar Impleachtaí Sóisialta ag COVID-19 foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (24 Meitheamh 2020). Ar na topaicí a chlúdaítear san fhoilseacháin seo tá comhlíonadh le comhairle oifigiúil ar COVID-19, athruithe meáchain, ábhair imní pearsanta, caiteachas agus saol oibre ó thús na géarchéime COVID-19.
Déanann Eva O’Regan, Staitisteoir, trácht ar na torthaí: ‘Léirítear i bhfreagraí an tsuirbhé seo na bealaí a bhfuil an ghéarchéim COVID-19 tar éis tionchar a imirt ar shaol laethúil mhuintir na hÉireann.
Mar shampla, tá nach mór leath (47.7%) d’fhreagróirí i mí an Mheithimh An-imníoch nó Thar a bheith imníoch faoi chumas daoine eile cloí le treoracha an rialtais mar a bhaineann sé le maolú céimnitheach ar shrianta COVID-19.
Dar le triúr as cúigear freagróirí (59.9%) tá leibhéal Ard comhlíonta acu féin le treoracha an rialtais le hais ceathrar as cúigear (80.6%) a dúirt amhlaidh i mí Aibreán. Tá sciar níos mó de mhná ná d’fhir a luann leibhéal Ard comlíonta dóibh féin, 68.4% de mhná i gcomparáid le 51.2% d’fhir i mí an Mheithimh.
Ó thoabh an saol oibre de, tá breis is duine as seisear fregróirí (18.5%) An-imníoch nó Thar a bheith imníoch faoi chumas a bhfostóra timpeallacht oibre shábháilte a chur ar fáil i gcomhthéacs COVID-19. Aon chúigiú d’fhostaithe ag obair ón mbaile faoi láthair, tá siad ag déanamh amhlaidh gan spás oibre feiliúnach le fearas sásúil.
Deir níos mó na duine as cúigear (21.3%) go bhfuil siad An-imníoch nó Thar a bheith imníoch faoina sláinte féin i mí an Mheithimh, laghdú ón sciar 25.8% a dúirt amhlaidh i mí Aibreáin. Ar an ábhar céanna i measc freagróirí 70 bliain d’aois nó níos sine, tháinig laghdú ó 42.5% in Aibreán go 29.6% i mí an Mheithimh. B’ionann seo agus laghdú 30% ar an sciar den aoisghrúpa seo leis na leibhéil imní sin faoina sláinte féin – an laghdú is suntasaí as aon aoisghrúpa sa tréimhse seo.
Deir beirt as cúigear freagróirí (40.9%) go bhfuil méadú tagtha a meáchan ó thús na srianta COVID-19. Tá sciar níos mó mná ná fir a deir amhlaidh, 46.8% agus 34.8% faoi seach. Aon cheathrú (24.8%) de dhaoine le hInnéacs Corpmhaise (BMI) Sláintiúil a dúirt go raibh méadú tagtha ar a meáchan, le hais 44.9% d’fhreagróirí rangaithe mar Róthrom ná 55.5% díobh siúd atá Murtallach. Tuairiscíonn beagnach leath (49.0%) d’fhreagróirí a cuireadh as obair le déanaí (daoine i bhfostaíocht roimh na géarchéime agus nach bhfuil ag obair faoi láthair) méadú meáchain, i gcomparáid le 37.6% de dhaoine atá ag obair faoi láthair.
Is ón Suirbhé ar Impleachtaí Sóisialta ag COVID-19 le haghaidh Meitheamh 2020 a eascraíonn torthaí i dtuarascáil seo an lae inniu. Bailíodh freagraí don suirbhé trí mheasán de cheistneoir leictreonach ar líne agus agallaimh thar an nguthán, agus bhí 1,693 freagróir aonair i gceist ar deireadh. Tá tuilleadh sonraí maidir le modheolaíocht an tsuirbhé le fáil i Nótaí Cúlra [EN] na tuarascála.
Féach chomh maith: Impleachtaí Sóisialta COVID-19 Meitheamh 2020: Leibhéil Compoird le Maolú Srianta a Thomhas
Eva O'Regan (+353) 21 453 5243 nó Kathryn Foskin (+353) 21 453 5302
nó seol ríomhphost chuig icw@cso.ie
-- CRÍOCH --