09 Meán Fómhair 2020
Breathnaigh ar an eisiúint: Sochair Bhreoiteachta: Anailís Fostaíochta agus Comaitéireachta 2016-2017 [EN]
Tá an eisiúint Sochair Bhreoiteachta: Anailís Fostaíochta agus Comaitéireachta 2016-2017 foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (09 Meán Fómhair 2020). Dírítear san eisiúint seo ar shonraí comaitéireachta agus fostaíochta ag daoine a fuair sochar breoiteachta no sochar gortaithe sa 12 mhí tar éis Daonáireamh 2016 agus is sampla í de na tionscadail taighde bainteach le beartais atá á bhforbairt ag an Oifig ina ról ceannaireachta ar Chóras Staidrimh na hÉireann.
Is féidir le tréimhsí fada comaitéireachta tionchair shuntasacha a imirt ar chothromas oibre-saoil, folláine agus leibhéil struis. Anuas air sin, is féidir tionchar indíreach a bheith ag a leithéid ar chumas daoine a sláinte agus folláine féin a mhaoirsiú. Is féidir drochéifeacht a bheith ag comaitéireacht ar leibhéil sláinte, mar shampla má tá duine ag úsáid gluaisteáin seachas ag siúl chun dul ag obair, nó má airíonn siad leibhéil níos airde truaillithe de bharr na comaitéireachta. Ina theannta sin, de réir torthaí ón suirbhé ‘Éire Shláintiúil’ (coimisiúnaithe ag an Roinn Sláinte), ó Monatóir Spóirt na hÉireann agus ó thaighde eile luaitear easpa ama ar ceann de na fáthanna is coitianta le gan a bheith ag cloí le leibhéal íosta aclaíochta, sainithe sna Treoirlínte Náisiúnta um Ghníomhaíocht Coirp.
Déanann Kieran Culhane, Staitisteoir Sinsearach trácht ar eisiúint an lae inniu:
“Breathnaítear san anailís seo ar fhostaithe a rinne éileamh ar shochar breoiteachta sna 12 mhí tar éis Oíche an Daonáirimh (24 Aibreán 2016). Rinne 80 as gach 1,000 éileamh sochair bhreoiteachta sa tréimhse seo, lena n-áirítear 15 as 1,000 fostaí a rinne éilimh iolracha agus 9 as 1,000 a rinne éileamh sochair bhreoiteachta ar feadh sé mhí nó níos mó. Sa tréimhse chéanna, rinne 5 fostaí as 1,000 éileamh ar shochar díobhála ceirde.
Bhí ráta sochair bhreoiteachta ní b’airde i measc na mban, ar 103 as 1,000 fostaí le hais 55 as 1,000 i measc na bhfear. Bhí sochar breoiteachta ní ba choitianta de réir mar a chuaigh daoine in aois. I gcás oibrithe faoi 25 bliana d’aois, bhí ráta de 35 as 1,000 fostaí, ach chuaigh sé chomh hard le 94 as 1,000 i measc oibrithe 45-64 bliana d’aois.
Bhí rátaí sochair bhreoiteachta os cionn an mheáin ag daoine a d’fhágadh an baile chun dul ag obair roimh 8.00r.n., agus an ráta ab airde acu siúd a d’fhágadh roimh 6.30r.n., sin 101 as 1,000 fostaí.
Ag breathnú ar mhodhanna iompair, bhí na rátaí ab airde sochair breoiteachta ag daoine ag tiomáint chun na hoibre, nó ag dul i ngluaisteán mar phaisinéir, sin 91 agus 86 as 1,000 faoi seach. Bhí na rátaí ab ísle le feiceáil i measc modhanna gníomhacha iompair, amhail dul ar rothar (44) nó dul ag siúl (63).
Tá na slite beatha agus earnálacha geilleagracha d’oibrithe i bhfáltas sochair bhreoiteachta le braith sna sonraí tuillimh. bhí ráta sochair bhreoiteachta ní b’ísle i measc na daoine a shaothraigh níos mó airgead. Bhí ráta sochair bhreoiteachta os cionn an mheáin - sin é 80 as 1,000 fostaí - ag daoine ar thuilleamh bliantúil faoi bhun €60,000 agus an ráta ab airde i measc daoine a shaothraigh idir €30,000 agus €50,000 sa bhliain. Bhí an ráta ab ísle i measc oibrithe a shaothraigh breis is €70,000 sa bhliain le díreach 43 as 1,000 fostaí.
Ó thaobh earnáil de, bhí an ráta sochair bhreoiteachta ab airde ag daoine i mbun oibre sna réimsí Riarachán Poiblí ⁊ Cosaint agus Sláinte ⁊ Obair Shóisialta le 132 as 1,000 fostaí araon. Bhí an ráta ab ísle ag daoine i ngníomhaíochtaí Faisnéise ⁊ Cumarsáide le 38 as 1,000 fostaí.
Cé gur léargas atá anseo ar patrúin comaitéireachta ag am Daonáireamh 2016, léiríonn sé na féidearthachtaí le hanailís a dhéanamh dá mba rud é gur bailíodh Éirchóid níos minice i sraitheanna sonraí na hearnála poiblí.”
Kieran Culhane (+353) 1 498 4364
nó seol ríomhphost chuig sscu@cso.ie
-- CRÍOCH --