Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

26 Samhain 2020

Staidreamh na Sochaí Faisnéise - Líonta Tí 2020

Athruithe suntasacha ar úsáid idirlín le linn chéadsrianta COVID-19
  • Méadú ar úsáid suíomhanna/córais oideachais chun cumarsáid a dhéanamh le teagascóirí, mic léinn agus daltaí go 21% i mbliana le hais 14% in 2019
  • Borradh mór faoi ghlaonna fuaime/físe thar idirlín, iad á úsáid ag 73% d’úsáideoirí idirlín in 2020 le hais sciar 48% d’úsáideoirí anuraidh
  • I measc úsáideoirí idirlín i mbliana, bhreathnaigh 68% ar fhíseáin ar sheirbhísí roinnte cosúil le YouTube, 55% ar sheirbhísí síntiúis ‘físeán ar éileamh’ agus leath ar theilifís sruthaithe (beo nó breathnú siar ar ábhar ó chraoltóirí teilifíse)
  • Chuaigh 66% d’úsáideoirí idirlín ag cuartú eolais bainteach le sláinte ar líne, agus bhain 53% úsáid as suíomhanna nó aipeanna
  • I measc úsáideoirí laethúla idirlín, bíonn 29% á úsáid ‘an t-am ar fad’ nó ‘beagnach an t-am ar fad’
  • Cheannaigh 33% d’úsáideoirí idirlín bia réamhdhéanta a sheachadadh chucu ar líne i mbliana, agus cheannaigh 17% bia nó dí ar líne ó shiopaí nó ó sheirbhísí pacáiste comhábhar

Breathnaigh ar an eisiúint: Staidreamh na Sochaí Faisnéise - Líonta Tí 2020 [en]

Tá torthaí foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (26 Samhain 2020) ón Suirbhé Theicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) ar Líonta Tí a rinneadh i Ráithe 1 agus 2 2020. Bailíodh freagraí don suirbhé seo ag tosú roimh na tréimhse paindéime in Éirinn agus le linn chéadsrianta COVID-19.

Déanann Maureen Delamere, Staitisteoir, trácht ar na torthaí: ‘Tá athrú tagtha ar an saol in Éirinn ó thugadh isteach bearta agus srianta i mí Márta chun dul i ngleic le scaipeadh an ghalair COVID-19. Dúnadh scoileanna agus coláistí tríú leibhéil ó lár mhí Márta go dtí deireadh na bliana acadúil agus b’éigean mórán daoine fanacht amach óna n-áit oibre le linn Aibreáin, Bealtaine agus Meithimh. Tá tionchar imeartha ag an méid seo uilig ar an gcaoi ina n-úsáidtear an t-idirlíon agus daoine ag caitheamh sciar méadaithe dá saolta oibre agus sóisialta ag plé le teicneolaíocht agus teagmháil chianda.

Gan ach roghanna míondíola bunriachtanacha ar oscailt le linn na tréimhse dianghlasála ó dheireadh mhí Márta go dtí deireadh mhí an Mheithimh, ba mhór an t-athrú ar na bealaí ina ndearna daoine a gcuid siopadóireachta agus ar na hearraí a cheannaigh siad. 63% d’úsáideoirí idirlín a cheannaigh éadaí (éadaí spóirt san áireamh) bróga nó oiriúintí (málaí, seoda, srl.) ar líne. Bhí 24% a cheannaigh earraí spóirt ar líne (fearas den chuid is mó). Chuaigh 33% d’úsáideoirí idirlín i muinín seirbhísí ar líne chun bia réamhdhéanta a cheannach ó bialanna, ó ionaid mhearbhia, ó chuideachtaí lónadóireachta, srl. Sciar 17% a cheannaigh bia nó dí ar líne ó shiopaí nó sheirbhísí pacáiste comhábhar. I measc úsáideoirí idirlín, cheannaigh 15% táirgí glantacháin nó sláinteachais phearsanta i mbliana (scuaba fiacla, glantach, srl.) agus 9% a d’ordaigh cógais leighis nó forlíonta bia ar líne.

Ní nach ionadh, bhí éifeacht ag an aistriú abhaile don scolaíocht agus don obair ar úsáid Theicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) i measc daoine aonair. Tá úsáid ríomhphoist fós ar an ngníomhaíocht is coitianta a dhéantar ar an idirlíon, agus tháinig ardú 2 phointe céatadáin go 86% air i measc úsáideoirí idirlín in 2020. Leis an méadú ar dhaoine a bheith ag obair nó ag staidéar go cianda ón mbaile, agus le glaonna comhdhála go mór mhór ag teacht in áit cruinnithe duine le duine, tá borradh faoi úsáid glaonna fuaime/físe thar idirlíon (seirbhísí ar nós Skype, Zoom, WhatsApp, FaceTime, Snapchat, Facebook Messenger, Viber). Bhí 73% d’úsáideoirí idirlín i mbun na gníomhaíochta seo in 2020 le hais 48% in 2019.

Tháinig ardú ar an úsáid a baineadh as suíomhanna nó córais oideachais ar líne chun cumarsáid a éascú idir teagascóirí agus mic léinn, idir múinteoirí agus daltaí; 21% d’úsáideoirí idirlín trí chéile le hais 14% mar a bhí in 2019. Ba chóir a lua gur bailíodh cuid de na freagraí don suirbhé sa tréimhse ó thús na bliana go lár mí Márta, sular dúnadh scoileanna agus coláistí.

Chuaigh an leas a bhaineann daoine as Seirbhísí rialtais ar líne i méid i mbliana chomh maith, bhí 53% d’úsáideoirí idirlín ag fáil eolais ó shuíomhanna nó aipeanna de chuid údaráis phoiblí nó seirbhísí phoiblí in 2020 le hais 50% in 2019.

Feictear méadú ar dhaoine Ag cuartú eolais bainteach le sláinte ar líne, 66% d’úsáideoirí idirlín i mbliana le hais 63% in 2019. Chuaigh 16% d’úsáideoirí idirlín i muinín an idirlín chun Coinne a dhéanamh le dochtúir, altra, srl., agus dúirt 8% gur bhain siad Úsáid as seirbhísí leighis eile (trí shuíomh nó aip, seachas cuairt a thabhairt ar an dochtúir).’

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Maureen Delamere (+353) 21 453 5081 nó Caroline Barrett (+353) 21 453 5485

nó seol ríomhphost chuig income&modules@cso.ie

-- CRÍOCH --