18 Feabhra 2020
Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé ar an Lucht Saothair (SLS), Ráithe 4 2019 [en]
Tá torthaí an tSuirbhé ar an Lucht Saothair (SLS) maidir le Ráithe 4 2019 eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu (18 Feabhra 2020).
Agus é ag caint faoi eisiúint an lae inniu, dúirt Jim Dalton, Staitisteoir: “Is é an SLS an fhoinse oifigiúil sonraí maidir le fostaíocht agus dífhostaíocht in Éirinn. Taispeántar sna príomhthorthaí go raibh 2,361,200 duine fostaithe san iomlán in R4 2019. Méadú 3.5% nó 79,900 fostaí é seo i gcomparáid leis an ráithe chéanna in 2018. Nuair a choigeartaítear an méid seo de réir tosca séasúracha, tháinig méadú 1.3% nó 30,500 fostaí ar fhostaíocht sa ráithe seo i gcomparáid le R3 2019.
Bhí 110,600 duine dífhostaithe in R4 2019 agus ba laghdú bliantúil 14.2% nó 18,300 é seo i gcomparáid le R4 2018. Nuair a choigeartaítear na figiúirí de réir séasúir, tháinig laghdú ar an ráta dífhostaíochta ó 5.0% go 4.7% le linn na ráithe agus laghdú 4,800 ar an líon daoine dífhostaithe, coigeartaithe de réir séasúir, síos go 115,900.
Ba ionann dífhostaíocht fhadtéarmach, tomhas ar dhaoine sa lucht saothair atá dífhostaithe ar feadh bliana nó níos mó, agus 35.0% den líon iomlán daoine a bhí dífhostaithe in R4 2019.
Is é 2,471,700 an líon iomlán daoine sa lucht saothair faoin am seo. Ardú 2.6% nó 61,600 an méid sin ó R4 2018. Is é 1,471,000 an líon daoine nach bhfuil sa lucht saothair. Ardú 0.3% nó 4,000 é an figiúr seo i gcomparáid leis an am céanna an bhliain roimhe.”
Jim Dalton (+353) 21 453 5623 nó Martina O’Callaghan (+353) 21 453 5491
nó seol ríomhphost chuig labour@cso.ie
-- CRÍOCH --