13 Márta 2020
Breathnaigh ar an eisiúint: Ceadanna Pleanála, Ráithe 4 2019 [en]
Tá sonraí foilsithe inniu (13 Márta 2020) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) maidir le ceadanna pleanála don bhliain 2019.
Agus í ag déanamh scagadh ar na sonraí, dúirt Sorcha O’Callaghan, Staitisteoir: “Deonaíodh ceadanna pleanála le haghaidh 20,582 aonad árasáin anuraidh le hais 9,138 aonad in 2018, méadú 125%. Tá an líon ceadanna seo fós níos ísle ná an buaicphointe de 32,077 aonad a deonaíodh in 2004.
Deonaíodh ceadanna pleanála le haghaidh 19,670 teach in 2019, i gcomparáid le 19,964 ceann in 2018, laghdú 1.5%. Is é seo an chéad uair gur tháinig laghdú ar an bhfigiúr seo ó 2012. Tá laghdú 3.0% tagtha ar an líon tithe i bhforbairtí iolracha a tugadh cead pleanála dóibh in 2019 le hais na bliana roimhe. I gcás tithe aonuaire, tá méadú 2.6% tagtha ar an líon cead pleanála sa bhliain is déanaí i gcomparáid le 2018.
Den chéad uair riamh, deonaíodh cead pleanála do níos mó árasán ná tithe in 2019. I gcás 62.4% de na haonaid árasáin sin, tugadh an cead pleanála de bhun iarratas Fhorbairt Straitéiseach Tithíochta (FST). Próiseas é seo trínar féidir iarratais ar fhorbairtí de íosmhéid 100 aonad cónaithe nó íosmhéid 200 spás leapa mac léinn a chur faoi bhráid an Bhord Pleanála go díreach. Deonaíodh ceadanna do 3,965 teach nua agus 12,841 aonad árasáin nua trí iarratais FST anuraidh
In 2019, is é líon iomlán na ceadanna pleanála a deonaíodh d’fhorbairtí uile ná 27,921 le hais 26,580 cead in 2018, méadú 5%. As an líon sin, bhí sciar beagnach 26% d’aonaid cónaithe nua, 30% do dhéantúis úra eile agus 44% do shínte athruithe nó athchóirithe.”
Sorcha O'Callaghan (+353) 21 453 5523 nó Donal O'Leary (+353) 21 453 5338
nó seol ríomhphost chuig business_stats@cso.ie
-- CRÍOCH --