30 Deireadh Fómhair 2020
Breathnaigh ar an eisiúint: Tuarascáil Bhliantúil um Staitisticí Beatha 2018 [en]
Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) an Tuarascáil Bhliantúil um Staitisticí Beatha 2018 inniu (30 Deireadh Fómhair 2020).
Déanann Carol Anne Hennessy, Staitisteoir, trácht ar thorthaí na tuarascála: ‘I 2018, cláraíodh 61,022 beobhreith sa stát; 29,716 cailín agus 31,306 buachaill. Is ionann sin agus laghdú 18.8% le hais na bliana 2010 agus laghdú 1.3% ón mbliain roimhe, 2017. Ar achar deich mbliana, feictear titim suntasach de 14,151 ón líon 75,173 breith a taifeadadh in 2008.
32.9 bliana ab ea meánaois na máithreacha a rugadh leanbh dóibh in 2018. Máithreacha faoi 30 bliain d’aois a bhí i gceist le 27.1% de bhreitheanna, sin i gcomparáid le sciar 39.3% siar in 2008.
In 2018, rugadh 37.9% d’iomlán na leanaí nua do mháthair nach raibh pósta ná i bpáirtnéireacht shibhialta. Tríocha bliain roimhe sin, in 1988, bhí figiúr inchomparáide de 11.9%.
Rugadh 956 leanbh do mháithreacha faoi 20 bliain d’aois in 2018, laghdú 60.2% ón líon 2,402 leanbh sa chatagóir seo in 2008.
In 2018, rugadh níos mó ná leanbh amháin do 1,120 bean. Astu sin bhí cúpla ag 1,090 díobh agus tríríní ag 30 de na mná. Le 25 bliana anuas, tá ardú suntasach tagtha ar ráta na mbreitheanna cúpla – chomh híseal le 11.7 in aghaidh gach 1,000 máthair a rugadh leanbh dóibh in 1991, agus chomh hard le 19.0 in aghaidh 1,000 máthair in 2016. Bhí ráta 18.2 i gceist in 2018.
Taifeadadh 31,140 bás in Éirinn in 2018, méadú 722 nó 2.4% ar fhigiúr na bliana 2017. Bhain 9,258 bás le neoplasmaí neamhurchóideacha, téarma teicniúil don ailse. B’shin 29.7% d’iomlán na mbásanna in 2018. Galair imshruthaithe, ar a n-áirítear taomanna chroí, a ba chúis le 9,084 bás nó 29.2% den iomlán. Galair riospráide a bhí i gceist le 4,051 bás nó 13.0% den iomlán in 2018.
Básanna ón bhféinmharú a bhí i 437 cás nó 1.4% den iomlán in 2018. Bhain 74.8% de na cásanna seo le fir.
Tugtar bás linbh ar chás a bhaineann le naíonán faoi aon bhliain d’aois a saolaíodh beo. Cláraíodh 174 bás linbh in 2018, rud a fhágann ráta báis naíonán de 2.9 in aghaidh gach 1,000 beobhreith. Ba laghdú 0.1 é seo le hais 2017. Tugtar bás leanbh nuabheirthe ar chásanna a bhaineann le naíonáin faoi 4 seachtaine d’aois. 131 bás de leanaí nuabheirthe in 2018, agus ráta báis nuabheirthe de 2.1 in aghaidh 1,000 beobhreith. Breis is trí cheann as ocht bás linbh (37.9%), tharla siad sa chéad lá théis na breithe. Tharla 57.5% de bhásanna linbh sa chéad seachtain théis na breithe, an chéad lá san áireamh. Ó thaobh cúiseanna báis de, bhain 50.6% de bhásanna linbh le riochtaí imbhreithe áirithe, agus bhain 39.1% eile le anchumaí ó bhroinn, le míchumaí ó bhroinn nó le mínormáltachtaí crómasómacha in 2018.
Bhí breisiú nádúrtha, an líon breitheanna lúide básanna, de 29,882 in 2018. Ba laghdú 4.9% an méid sin ar fhigiúr na bliana 2017. Siar in 2008, bhí breisiú nádúrtha de 46,899, 36.3% níos airde ná figiúr 2018.'
Carol Anne Hennessy (+353) 21 453 5307 nó John O'Connor (+353) 21 453 5787
-- CRÍOCH --