Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

23 Aibreán 2020

Suirbhé sóisialta nua seolta ag an CSO i bhfianaise an ghéarchéim COVID-19

Tá suirbhé nua seolta ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (Déardaoin, 23 Aibreán 2020). Suirbhé ar Impleachtaí Sóisialta COVID-19 is teideal dó agus é ceaptha le tomhas agus tuairisciú a dhéanamh ar na príomhbhealaí ina bhfuil an ghéarchéim COVID-19 ag dul i bhfeidhm ar fholláine an duine in Éirinn. Tá an suirbhé á sheoladh chuig sampláil de 4,000 duine aonair agus an t-eolas á bhailiú idir Déardaoin an 23 Aibreán agus Dé Luain an 4 Bealtaine.

Gheobhaidh na daoine roghnaithe le bheith páirteach litir agus/nó ríomhphost ón Oifig agus iarrfar orthu an ceistneoir a chomhlánú ar líne nó ar an nguthán. Ba chóir go dtógfaidh sé 8 nóiméad ar a mhéid chun an ceistneoir a chomhlánú.

Ag caint ar sheoladh an tsuirbhé nua, dúirt Claire Burke, Staitisteoir:

Leis an suirbhé seo a dhéanamh, beidh daoine ag cabhrú leis an CSO staitisticí tábhachtacha a réiteach maidir le éifeachtaí an ghéarchéim COVID-19 go dtí seo. Forbraíodh an suirbhé seo chun an tionchar imeartha ag COVID-19 ar fholláine an duine a thomhas, mar aon le gnéithe sóisialta eile. Iarrtar eolas sa cheistneoir ar na hábhair a leanas:

  • Folláine pearsanta
  • Ábhair imní maidir le tionchar COVID-19
  • Athruithe tomhaltais ó cuireadh na srianta COVID-19 i bhfeidhm.

Is rí-thábhachtach an t-eolas a bhaileoidh an CSO sa suirbhé seo agus úsáidfear é chun oibriú amach cé na cineálacha daoine aonair agus líon tí a bhfuil an tionchar is mó ag an ngéarchéim COVID-19 orthu. Iarrtar ar dhaoine roghnaithe an ceistneoir a chomhlánú idir Déardaoin an 22 Aibreán agus Dé Luain an 4 Bealtaine.

Tá sé i gceist ag an CSO torthaí an tsuirbhé a fhoilsiú faoi cheann trí seachtaine.

Beidh gach eolas a bhailítear mar chuid den suirbhé iomlán faoi rún agus ní úsáidfear é ach chun críocha staidrimh. Foilseoidh an CSO torthaí ón suirbhé i bhformáid comhiomlán – ciallaíonn sé seo nach mbeidh daoine nó líonta tí aonair le haithint ó na sonraí.

Baileofar eolas i mbabhtaí eile den tsuirbhé amach anseo chun tionchar leanúnach COVID-19 ar phobal na hÉireann a thomhas.

Is féidir teacht ar thuilleadh eolais faoin suirbhé seo, do chearta Cosanta Sonraí agus conas a úsáidfear do shonraí, ach teagmháil a dhéanamh ar cheann de na roghanna anseo thíos.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Claire Burke (+353) 21 453 5000

nó seol ríomhphost chuig social.covid@cso.ie

-- CRÍOCH --