Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

30 Aibreán 2020

Mná agus Fir in Éirinn 2019

Éire ar an deichiú tír is lú ionadaíochta ban den AE ina parlaimint náisiúnta
  • Sciar níos mó ban ná fear in aois 25-35 le cáilíocht tríú leibhéal, ach an bhearna laghdaithe ó 15.1 pointe céatadáin in 2008 go 7.4 pointe in 2018
  • Meánlíon seachtainiúil de 40.1 uair oibre ag fir le hais 32.3 uair ag mná
  • Titim ar rátaí dífhostaíochta in Éirinn idir 2012 agus 2018 agus laghdú ar an mbearna idir rátaí fear agus ban ó 5.5 pointe céatadáin go 0.4 pointe san am sin
  • In 2018, mná a bhí i ndíreach 11% den iomlán daoine cimithe chun príosúin agus níos lú ná 1% de dhaoine cimithe as ucht cionta gnéis
  • Idir na 1920idí agus 2012, mhéadaigh an t-ionchas saoil tráth breithe ó 57.9 go 82.8 bliain do mhná agus ó 57.4 go 78.4 bliain d’fhir

Breathnaigh ar an eisiúint: Mná agus Fir in Éirinn 2019 [en]

Tá aonú heagrán déag na tuairisce ‘Mná agus Fir in Éirinn’ á fhoilsiú ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) inniu (30 Aibreán 2020). Tuairisc í seo ina dtugtar aird ar dhifríochtaí suntasacha saoil idir mná agus fir ó thaobh sláinte, oideachais, stíl beatha agus táscairí eile de. Cuirtear na difríochtaí seo i láthair i gcomhthéacs idirnáisiúnta ar mhaithe lena thuilleadh léargais.

Tá 73 táscaire an eagráin seo de Mhná agus Fir in Éirinn rangaithe de réir 6 théama a luíonn le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SFIanna). Is iad sin:

  • Inbhuanaitheacht
  • Sláinte
  • Oideachas
  • Comhionannas Inscne
  • Obair
  • Bochtaineacht, Síocháin, Dlí agus Cirt

Déanann Emma Hogan, Staitisteoir, trácht ar ábhar na tuairisce:

“Tá fáil ar réimse leathan fíricí agus figiúirí i Mná agus Fir in Éirinn 2019. Seo blaiseadh de na topaicí is suntasaí:

I measc tíortha an Aontais Eorpaigh, tá Éire ar an deichiú tír is lú ionadaíochta do mhná ina parlaimint náisiúnta, le sciar íseal de mhná tofa chuig Dáil Éireann. Tháinig méadú ar ionadaíocht na mban sa Dáil ó 16% in 2014 go 22% in 2018. Is ar éigean gur athraigh an figiúr seo in Olltoghchán 2020.

Tá oideachas tríú leibhéal ag níos mó ban ná fear san aoisghrúpa 25-35 bliain, cé go bhfuil an bhearna eatarthu laghdaithe ó 15.1 pointe céatadáin in 2008 go 7.2 pointe céatadáin in 2018.

Is é an meánlíon uaireanta i mbun oibre sa tseachtain ná 40.1 uair d’fhir agus 32.3 uair do mhná. Oibríonn breis is leath d’fhir (52.8%) ar feadh 40 uair nó níos mó gach seachtain, sin i gcomparáid le níos lú ná aon cheathrú de mhná (24.7%).”

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Emma Hogan (+353) 1 498 4143

nó seol ríomhphost chuig sscu@cso.ie

-- CRÍOCH --