Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

26 Feabhra 2020

Dul Chun Cinn na hÉireann a Thomhas 2018

An ráta is airde Céimithe eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice (ETIM) san AE28 ag Éirinn in 2017
  • Praghsanna in Éirinn 27.3% os cionn meánleibhéal an AE agus ar na dara cinn is airde san Aontas in 2018
  • Laghdú 69.1% tagtha ar an méid dramhaíola a cuireadh chuig líonadh talún in Éirinn idir 2007 agus 2017, síos ó 2.01 go 0.62 milliún tonna
  • 69.3 mbliana ab ea an t-ionchas saoil shláintiúil tráth breithe ag baineannaigh in Éirinn in 2017, an ceathrú ráta ab airde san AE. 67.9 mbliana ab ea an figiúr d’fhireannaigh, agus an ceathrú ráta ab airde ag Éirinn anseo freisin

Breathnaigh ar an eisiúint: Dul Chun Cinn na hÉireann a Thomhas 2018 [en]

Tá an foilseachán Dul chun cinn na hÉireann a thomhas 2018 eisithe inniu (26 Feabhra 2020) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Tá 59 táscaire éagsúla san fhoilseachán as a dtugtar léargas ar treochtaí suntasacha i sochaí na hÉireann agus as ar féidir comparáidí a dhéanamh thar tréimhsí ama nó lenár gcomharsana san Eoraip.

Agus é ag déanamh scagadh ar fhoilseachán an lae inniu, dúirt Declan Smyth, Staitisteoir Sinsearach: “Is in Éirinn a taifeadadh an ráta is airde de chéimithe Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice, nó ETIM, trasna an Aontas Eorpaigh in 2017. Sheas an sciar céimithe sna hábhair staidéir seo in Éirinn ag 32.7 in aghaidh an 1,000 duine san aoisghrúpa 20-29 mbliana. Meánsciar de 19.3 in aghaidh an 1,000 duine a bhí san AE.

In 2018, bhí praghsanna in Éirinn 27.3% os cionn meánleibhéal an AE agus ar na dara cinn is airde san Aontas. Ba sa Danmhairg a bhí na praghsanna is airde san Aontas.

Tháinig laghdú 69.1% ar an méid dramhaíola a cuireadh chuig líonadh talún idir 2007 agus 2017 ó 2.01 go 0.62 milliún tonna. San iomlán, rinneadh athchúrsáil ar 22.5% de dhramháil bhardais in Éirinn sa bhliain 2017, faoi bhun mheánráta an AE, sin 23.2%.

Bhí 444 ghluaisteán paisinéara in aghaidh an 1,000 cónaitheoir in Éirinn sa bhliain 2017. B’shin an seachtú ráta ab ísle san AE. Is i Lucsamburg a bhí an líon ba mhó gluaisteán in aghaidh an 1,000 cónaitheoir, sin 670 ceann, agus san Ungair a bhí an líon ba lú, díreach 355 ceann. In 2017, bhí glanastaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann 0.1% faoi bhun teorann an Phrótacal Kyoto.

Rugadh 37.6% de leanaí in Éirinn lasmuigh den phósaidh in Éirinn in 2017. Sa bhliain chéanna, bhí an dara ráta torthúlachta ab airde san AE ag Éirinn, i dteannta leis an tSualainn agus an Danmhairg, sin 1.8. Mar sin féin, bhí ráta torthúlachta na mballstát AE uile níos lú ná an ráta teoiriciúil malartaithe de 2.1. Tháinig fás 40% ar an líon daoine in aois 65 bliana agus níos sine idir 2009 agus 2019.

69.3 mbliana is ea an t-ionchas saoil shláintiúil tráth breithe ag cailíní a saolaíodh in Éirinn in 2017, sin 5.3 bliana os cionn mheánfhigiúr an AE. 67.9 mbliana is ea an ráta comhionann do bhuachaillí Éireannacha in 2017, agus sin 4.4 bliana os cionn mheánfhigiúr an AE.

Meastar go gcaithfidh baineannaigh in Éirinn 17.5% dá n-ionchais saoil i ndrochshláinte, an ceathrú ráta is ísle san AE. San Fhionlainn, sa Laitvia agus sa tSlóivéin a bhí an ráta ab airde, agus tuar ann go gcaithfidh baineannaigh ar a laghad aon trian den saol agus an tsláinte go dona acu. Is féidir a bheith ag súil go mbeidh drochshláinte ag dul d’fhireannaigh in Éirinn ar feadh 15.5% den saol, an cúigiú ráta is ísle san AE. I gcás fireannach na Slóvéine, na hOstaire, na Laitvia, na Fionlainne, agus na hEastóine, meastar go mbeidh an tsláinte go dona acu ar feadh breis is aon cheahtrú dá n-ionchais saoil.”

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Zach Matthews (+353) 1 498 4281 nó Declan Smyth (+353) 1 498 4228

nó seol ríomhphost chuig sscu@cso.ie

-- CRÍOCH --