Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

02 Meán Fómhair 2020

Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) 2019: Díothacht Fhorghníomhach

Chuaigh díothacht fhorghníomhach i méid in 2019
  • Méadú ar an ráta díothachta forghníomhaí ó 15.1% in 2018 go 17.8% in 2019
  • I measc daoine i gcóiríocht ar cíos a feictear an méadú bliain ar bhliain is mó díothachta forghníomhaí ó sciar 27.4% in 2018 go 34.4% in 2019
  • Rátaí díothachta fhorghníomhaí is airde ag líonta tí ina raibh duine fásta amháin agus páiste nó páistí faoi 18 mbliana, (45.4%) agus daoine aonair gan a bheith ag obair de bharr tinnis nó míchumais bhuain (43.3%)
  • Rátaí díothachta fhorghníomhaí is ísle ag líonta tí ina raibh daoine scortha ón obair (9.4%), triúir nó níos mó ag obair (7.4%) agus daoine le céim tríú leibhéal nó níos airde (5.3%)
  • B’iad na cineálacha díothachta forghníomhaí is forleathan i measc líonta tí an Stáit: gan a bheith in ann troscán seanchaite a athrú (18.1%); gan acmhainní chun bualadh le gaolta nó cairde do bhéile nó deoch uair sa mhí (13.6%); gan acmhainní chun maidin, tráthnóna nó oíche amach sa choicís roimh an tsuirbhé (11.7%)
  • In 2019, bhí sciar 12.0% den daonra a bhraith trí chineál díothachta nó níos mó, sin le hais 9.9% den daonra in 2018

Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) 2019: Díothacht Fhorghníomhach [en]

Tá torthaí foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu (02 Meán Fómhair 2020) ar réimse na díothachta forghníomhaí ón Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) 2019 agus sonraí inchomparáide blianta roimhe sin.

Déanann Eva O’Regan, Staitisteoir, trácht ar na torthaí: “Is é an suirbhé SILC a chuirtear ar líonta tí an foinse oifigiúil sonraí ar ioncam an líon tí agus ioncam aonair. Ina theannta sin, is as an SILC a soláthraítear roinnt táscairí lárnacha náisiúnta i leith na bochtaineachta, amhail an ráta i mbaol bochtaineachta, an ráta díothachta forghníomhaí agus an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí. Is iad torthaí na bliana 2019 maidir le díothacht fhorghníomhach atá á fhoilsiú againn inniu.

Sainítear líon tí a bheith i ndíothacht fhorghníomhach mura bhfuil sé ar acmhainn ag baill an líon tí íoc as dhá bhunriachtnais nó níos mó, mar shampla an áit chónaithe a choinneáil sách teolaí nó bronntanais a cheannach do ghaolta nó cairde ar a laghad uair sa bhliain. In 2019, áirítear 17.8% den daonra a bheith i ndíothacht fhorghníomhach, méadú ar an sciar 15.1% den daonra in 2018.

Ar na pointí is suntasaí ó thorthaí 2019, tháinig méadú ar rátaí díothachta forghníomhaí i measc móramh na ngrúpaí soch-déimeagrafacha le hais 2018. Ar an grúpa is mó athrú bhí daoine i gcóiríocht ar cíos - sciar 34.4% díobh seo a bhí ag maireachtáil i ndíothacht fhorghníomhach in 2019 le hais 27.4% in 2018. Ba bheag an méadú bliain ar bhliain ar ráta díothachta i measc daoine i gcóiríocht úinéir áitithe, 10.3% a taifeadadh in 2019 le hais 10.0% in 2018.

Maidir le comhdhéanamh líon tí, ba choitianta díothacht fhorghníomhach a bheith ag líonta tí ina raibh duine fásta amháin agus páiste nó páistí faoi 18 mbliana, ráta 45.4% in 2019. Bhí rátaí arda i gceist chomh maith i measc daoine aonair dífhostaithe, ar 36.0%, agus daoine aonair gan a bheith ag obair de bharr tinnis nó míchumais bhuain, ar 43.3%.

Feictear na ráta díothachta forghníomhaí is ísle le haghaidh 2019 i measc daoine a bhí scortha ón obair, ar 9.4%, agus líonta tí ina raibh triúr nó níos mó ag obair, ar 7.4%. Ó thaobh oideachais de, bhí ráta sách íseal i measc daoine le céim tríú leibhéal nó cáilíocht níos airde, ar 5.3%.

Maidir leis na cineálacha díothachta forghníomhaí is mó a chur isteach ar líonta tí an Stáit, ní raibh sé ar acmhainn ag cuid acu: troscán seanchaite a athrú (18.1%); bualadh le gaolta nó cairde do bhéile nó deoch uair sa mhí (13.6%); maidin, tráthnóna nó oíche amach sa choicís roimh an tsuirbhé (11.7%).

In 2019, bhraith triúr as deichniúr duine, nó 29.6% le bheith beacht, ceann amháin nó níos mó de na 11 cineál díothachta a thomhaistear. Bhí seo gar go leor d’fhigiúr na bliana roimhe, 29.1%, agus i bhfad níos lú ná an sciar is airde taifeadta, 44.9% sa bhliain 2013."

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Eva O'Regan (+353) 21 453 5243 nó Kathryn Foskin (+353) 21 453 5302

nó seol ríomhphost chuig icw@cso.ie

-- CRÍOCH --