30 Meitheamh 2020
Breathnaigh ar an eisiúint: Dífhostaíocht Mhíosúil, Meitheamh 2020 [en]
Tá Meastacháin Dífhostaíochta Míosúil eisithe inniu (30 Meitheamh 2020) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) le haghaidh Meitheamh 2020.
Míníonn Edel Flannery, Staitisteoir Sinsearach, an cur chuige ar úsáideadh chun na Meastacháin Dífhostaíochta Míosúil agus an na Meastacháin Dífhostaíochta Coigeartaithe COVID-19, a fhoilsiú:
‘Níl stádas na ndaoine i bhfáltas Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 ag deireadh Meitheamh 2020 ag teacht leis na critéir aontaithe idirnáisiúnta chun iad a rangú mar dífhostaithe chun críocha na Meastacháin Dífhostaíochta Míosúil a thiomsaítear de ghnáth.
Dá bharr sin, tá an Oifig ag cur tomhas forlíontach dífhostaíochta ar fáil in éineacht le gnáth-thomas na Meastacháin Dífhostaíochta Míosúil.
Áirítear ar an tomhas seo, Dífhostaíocht Míosúil Coigeartaithe COVID-19, na daoine atá i bhfáltas Íocaíochtaí Dífhostaíochta Paindéime chun ráta coigeartaithe dífhostaíochta a ríomh. Ba chóir breathnú air seo mar an chuimse uachtair, an luach féideartha is airde, den fhíor-ráta dífhostaíochta agus ar an ráta míosúil caighdeánach mar an chuimse íochtair, an luach féideartha is ísle.
Leis an gcur chuige seo, coinnítear modheolaíocht na gnáthsraithe sonraí, Meastacháin Dífhostaíochta Míosúil, agus ag an am céanna cinntítear go bhfuil léargas ar fáil maidir le tionchar COVID-19 ar an margadh saothair.”
Féach an Fógra Eolais maidir le Tionchar COVID-19 ar an mBeochlár agus na Meastacháin Dífhostaíochta Míosúil [EN] agus an Nóta Teicniúil ar Dífhostaíocht Míosúil agus COVID-19 [EN] chun teacht ar a thuilleadh sonraí.
Ag tagairt do eisiúint an lae inniu, lean Edel Flannery uirthi:
“Tá tionchar suntasach imeartha ag COVID-19 ar an margadh saothair in Éirinn, agus lean seo ar aghaidh i Meitheamh 2020. Cé gur 5.3% a taifeadadh leis an ngnáth-thomhas Dífhostaíochta Míosúil don mhí, léiríonn an tomhas coigeartaithe COVID-19 ráta chomh hard le 26.1% dá rangófaí éilitheoirí an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime mar dífhostaithe.
5.4% is ea an Ráta Dífhostaíochta Míosúil le haghaidh Meitheamh 2020 de réir na gnáthmhodheolaíochta, laghdaithe ó 5.6% i mBealtaine 2020. I mí an Mheithimh, seasann an Ráta Dífhostaíochta Míosúil ag 5.2% d’fhir agus 5.4% do mhná faoi seach. Le miondealú ar na torthaí de réir aoisghrúpa leathan, seasann an Ráta Dífhostaíochta Míosúil ag 12.8% i measc daoine 15 go 24 bliana d’aois agus ag 4.2% i measc daoine 25 go 74 bliana d’aois.
Chomh maith leis na gnáth-thorthaí Mheastacháin Dífhostaíochta Míosúil do Márta 2020, tá tomhas malartach dífhostaíochta coigeartaithe ag COVID-19 chun meastachán a thabhairt ar an sciar den lucht saothair i Márta 2020 nach raibh ag obair de bharr dífhostaíochta nó a bhí as obair de bharr COVID-19 agus i bhfáltas Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime.
Dá rangófaí éilitheoirí an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime go léir mar dífhostaithe, léiríonn an Tomhas Dífhostaíochta Coigeartaithe COVID-19 ráta 21.8% i measc fear agus 23.5% i measc ban. De réir aoisghrúpa leathan, léiríonn an Tomhas Dífhostaíochta Coigeartaithe COVID-19 ráta 45.4% i measc daoine 15-24 bliana d’aois agus 19.2% i measc daoine 25-74 bliana d’aois.”
Enquiries:
Catalina Gonzalez, Anailísiú an Mhargadh Saothair (+353) 87 646 7535
Rphost: labour@cso.ie
Tuilleadh eolais:
Catalina Gonzalez (+353) 21 453 087-646 75 nó Martina O’Callaghan (+353) 21 453 5491
nó seol ríomhphost chuig labour@cso.ie
-- CRÍOCH --