09 Aibreán 2020
Breathnaigh ar an eisiúint: Dífhostaíocht Mhíosúil Márta 2020 [en]
Tá Meastacháin Dífhostaíochta Míosúil eisithe inniu (9 Aibreán 2020) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) le haghaidh Márta 2020.
Míníonn Edel Flannery, Staitisteoir Sinsearach, an cur chuige ar úsáideadh chun na Meastacháin Dífhostaíochta Míosúil agus an chuimse uachtair nua, na Meastacháin Dífhostaíochta Coigeartaithe COVID-19, a fhoilsiú:
“Níl stádas an 283,037 duine i bhfáltas Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 ag deireadh Márta 2020 ag teacht leis na critéir aontaithe idirnáisiúnta chun iad a rangú mar dífhostaithe chun críocha na Meastacháin Dífhostaíochta Míosúil a thiomsaítear de ghnáth.
Dá bharr sin, tá beartaithe ag an Oifig tomhas forlíontach dífhostaíochta a chur ar fáil, in éineacht le gnáth-thomas na Meastacháin Dífhostaíochta Míosúil.
Áirítear ar an tomhas nua seo, Dífhostaíocht Míosúil Coigeartaithe COVID-19, na daoine atá i bhfáltas Íocaíochtaí Dífhostaíochta Paindéime chun ráta coigeartaithe dífhostaíochta a ríomh. Ba chóir breathnú air seo mar an chuimse uachtair, an luach féideartha is airde, den fhíor-ráta dífhostaíochta agus ar an ráta míosúil caighdeánach mar an chuimse íochtair, an luach féideartha is ísle.
Leis an gcur chuige seo, coinnítear modheolaíocht na gnáthsraithe sonraí, Meastacháin Dífhostaíochta Míosúil, agus ag an am céanna cinntítear go bhfuil léargas ar fáil maidir le tionchar COVID-19 ar an margadh saothair.”
Féach an Fógra Eolais maidir le Tionchar COVID-19 ar an mBeochlár agus na Meastacháin Dífhostaíochta Míosúil [EN] agus an Nóta Teicniúil ar Dífhostaíocht Míosúil agus COVID-19 [EN] chun teacht ar a thuilleadh sonraí.
Ag tagairt do eisiúint an lae inniu, lean Edel Flannery uirthi:
“Tá tionchar suntasach imeartha ag COVID-19 ar an margadh saothair in Éirinn i Márta 2020. Cé gur 5.4% a taifeadadh leis an ngnáth-thomhas Dífhostaíochta Míosúil don mhí, léiríonn an tomhas coigeartaithe COVID-19 ráta chomh hard le 16.5% dá rangófaí éilitheoirí an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime mar dífhostaithe.
5.4% is ea an Ráta Dífhostaíochta Míosúil i Márta 2020 de réir na gnáthmhodheolaíochta, méadaithe ó 4.8% i bhFeabhra 2020. I Márta 2020, sheas an Ráta Dífhostaíochta Míosúil ag 5.5% d’fhir agus 5.4% do mhná faoi seach. Le miondealú ar na torthaí de réir aoisghrúpa leathan, sheas an Ráta Dífhostaíochta Míosúil ag 13.2% i measc daoine 15 go 24 bliana d’aois agus ag 4.3% i measc daoine 25 go 74 bliana d’aois.
Chomh maith leis na gnáth-thorthaí Mheastacháin Dífhostaíochta Míosúil do Márta 2020, tá tomhas malartach dífhostaíochta coigeartaithe ag COVID-19 chun meastachán a thabhairt ar an sciar den lucht saothair i Márta 2020 nach raibh ag obair de bharr dífhostaíochta nó a bhí as obair de bharr COVID-19 agus i bhfáltas Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime.
Dá rangófaí éilitheoirí an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime go léir mar dífhostaithe, léiríonn an Tomhas Dífhostaíochta Coigeartaithe COVID-19 ráta 15.4% d’fhir agus 17.8% do mhná. De réir aoisghrúpa leathan, léiríonn an Tomhas Dífhostaíochta Coigeartaithe COVID-19 ráta 34.0% do dhaoine 15-24 bliana d’aois agus 14.1% do dhaoine 25-74 bliana d’aois.”
Nóta d'Eagarthóirí
Fiosruithe:
Catalina Gonzalez, Anailís an Mhargadh Saothair - (+353) 87 646 7535
Rphost: labour@cso.ie
I gcomhair tuilleadh eolais:
Nóta Teicniúil ar Dífhostaíocht Míosúil agus COVID-19 [EN]
Catalina Gonzalez (+353) 21 453 5163
nó seol ríomhphost chuig labour@cso.ie
-- CRÍOCH --