08 Bealtaine 2020
Breathnaigh ar an eisiúint: Dífhostaíocht Mhíosúil Aibreán 2020 [en]
Tá Meastacháin Dífhostaíochta Míosúil eisithe inniu (8 Bealtaine 2020) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) le haghaidh Aibreán 2020.
Míníonn Edel Flannery, Staitisteoir Sinsearach, an cur chuige ar úsáideadh chun na Meastacháin Dífhostaíochta Míosúil agus an chuimse uachtair nua, na Meastacháin Dífhostaíochta Coigeartaithe COVID-19, a fhoilsiú:
“Níl stádas na ndaoine i bhfáltas Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 ag deireadh mí Aibreáin 2020 ag teacht leis na critéir aontaithe idirnáisiúnta chun iad a rangú mar dífhostaithe chun críocha na Meastacháin Dífhostaíochta Míosúil a thiomsaítear de ghnáth.
Dá bharr sin, tá an Oifig ag cur tomhais fhorlíontaigh dífhostaíochta ar fáil, in éineacht le gnáth-thomas na Meastacháin Dífhostaíochta Míosúil.
Áirítear ar an tomhas seo, Dífhostaíocht Míosúil Coigeartaithe COVID-19, na daoine atá i bhfáltas Íocaíochtaí Dífhostaíochta Paindéime chun ráta coigeartaithe dífhostaíochta a ríomh. Ba chóir breathnú air seo mar an chuimse uachtair, an luach féideartha is airde, den fhíor-ráta dífhostaíochta agus ar an ráta míosúil caighdeánach mar an chuimse íochtair, an luach féideartha is ísle.
Leis an gcur chuige seo, coinnítear modheolaíocht na gnáthsraithe sonraí, Meastacháin Dífhostaíochta Míosúil, agus ag an am céanna cinntítear go bhfuil léargas ar fáil maidir le tionchar COVID-19 ar an margadh saothair.”
Féach an Fógra Eolais maidir le Tionchar COVID-19 ar an mBeochlár agus na Meastacháin Dífhostaíochta Míosúil [EN] agus an Nóta Teicniúil ar Dífhostaíocht Míosúil agus COVID-19 [EN] chun teacht ar a thuilleadh sonraí.
Ag tagairt do eisiúint an lae inniu, lean Edel Flannery uirthi:
“Tá tionchar suntasach á imirt go fóill ag COVID-19 ar an margadh saothair in Éirinn in Aibreán 2020. Cé gur 5.4% a taifeadadh leis an ngnáth-thomhas Dífhostaíochta Míosúil don mhí, léiríonn an tomhas coigeartaithe COVID-19 ráta chomh hard le 28.2% dá rangófaí éilitheoirí an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime mar dífhostaithe.
5.4% is ea an Ráta Dífhostaíochta Míosúil in Aibreán 2020 de réir na gnáthmhodheolaíochta, méadaithe ó 5.3% i Márta 2020. In Aibreán 2020, sheas an Ráta Dífhostaíochta Míosúil ag 5.4% d’fhir agus 5.3% do mhná faoi seach. Le miondealú ar na torthaí de réir aoisghrúpa leathan, sheas an Ráta Dífhostaíochta Míosúil ag 12.5% i measc daoine 15 go 24 bliana d’aois agus ag 4.4% i measc daoine 25 go 74 bliana d’aois.
Chomh maith leis na gnáth-thorthaí Mheastacháin Dífhostaíochta Míosúil le haghaidh Aibreán 2020, tá tomhas malartach dífhostaíochta coigeartaithe ag COVID-19 chun meastachán a thabhairt ar an sciar den lucht saothair in Aibreán 2020 nach raibh ag obair de bharr dífhostaíochta nó a bhí as obair de bharr COVID-19 agus i bhfáltas Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime.
Dá rangófaí éilitheoirí an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime go léir mar dífhostaithe, léiríonn an Tomhas Dífhostaíochta Coigeartaithe COVID-19 ráta 30.0% d’fhir agus 26.1% do mhná. De réir aoisghrúpa leathan, léiríonn an Tomhas Dífhostaíochta Coigeartaithe COVID-19 ráta 52.8% do dhaoine 15-24 bliana d’aois agus 24.8% do dhaoine 25-74 bliana d’aois.”
I gcomhair tuilleadh eolais:
Catalina Gonzalez (+353) 21 453 5163
nó seol ríomhphost chuig labour@cso.ie
-- CRÍOCH --