Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

20 Lúnasa 2020

Meastacháin Daonra agus Imirce - Aibreán 2020

Daonra measta 4.98 milliún sa Stát in Aibreán 2020
  • Tháinig méadú 55,900 (+1.1%) ar dhaonra an Stáit sa bhliain go hAibreán 2020, sin tar éis méadú 64,500 (+1.3%) sa bhliain go hAibreán 2019
  • Tháinig 85,400 duine ar imirce go hÉirinn sa bhliain go hAibreán 2020, agus ba náisiúnaigh Éireannacha iad 28,900 (33.8%) den dream seo. Is é sin an líon is mó náisiúnach Éireannacha ag filleadh in aon bhliain ó 2007
  • Sa bhliain 2020, chonacthas imirce glan isteach de 500 ar náisiúnaigh Éireannacha, ionann le méadú 2,600 ar 2019, tráth a raibh imirce glan amach -2,100 i measc náisiúnach Éireannacha
  • In Aibreán 2020, meastar go raibh 644,400 náisiúnach coigríche ag maireachtáil in Éirinn, ionann le 12.9% de dhaonra iomlán an Stáit
  • Meastar go raibh daonra 1.42 milliún duine ann i mBaile Átha Cliath amháin in Aibreán 2020, sin 28.5% de dhaonra iomlán an Stáit
  • In Aibreán 2020, 720,100 ab ea daonra measta na ndaoine 65 bliana d’aois agus os a cionn, agus méadú 90,200 duine (+14.3%) tagtha ar an aoisghrúpa seo ó Aibreán 2016

Breathnaigh ar an eisiúint: Meastacháin Daonra agus Imirce - Aibreán 2020 [en]

Foilsíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) torthaí bliantúla inniu (20 Lúnasa 2020) de na Meastacháin Daonra agus Imirce le haghaidh Aibreán 2020.

Ag tagairt do na torthaí seo, dúirt James Hegarty, Staitisteoir: “Is é toradh foriomlán an imirce glan isteach agus an méadú nádúrtha ná fás 55,900 (+1.1%) ar dhaonra an stáit sa bhliain go hAibreán 2020, i gcomparáid le méadú 64,500 (+1.3%) sa bhliain roimhe, go hAibreán 2019. Leis an méadú bliantúil is déanaí seo, is é daonra measta an stáit ná 4.98 milliún in Aibreán 2020.

Meastar líon 85,400 imirceach a bheith tagtha go dtí an Stáit sa bhliain go hAibreán 2020. Sa tréimhse chéanna d’imigh líon measta 56,500 eisimirceach amach ón Stát. Ag tógáil an dá sruth imirce san áireamh, bhí imirce glan isteach 28,900 go hÉirinn sa bhliain go hAibreán 2020, laghdú 4,800 (14.2%) ar an mbliain roimhe.

Áiríodh 58,300 breitheanna agus 31,200 básanna sa Stát don 12 mhí ábhartha, rud a fhágann méadú nádúrtha 27,100 sa bhliain go hAibreán 2020. Is é seo an leibhéal méadaithe nádúrtha is ísle ar an taifead ó 2001 i leith.

Náisiúnaigh Éireannacha ab iad 28,900 (33.8%) de na 85,400 inimirceach go hÉirinn, an líon is airde náisiúnach Éireannacha ag filleadh ar an Stát ó 2007 i leith. I measc an 56,500 eisimirceach as Éirinn, meastar gur fhág 28,300 (50.1%) náisiúnach Éireannacha an Stát chun maireachtáil in áit éigean eile. Mar thoradh air seo, bhí imirce glan isteach na náisiúnach Éireannacha beagán le cois 500 sa bhliain go hAibreán 2020. Is ionann an méid seo agus méadú 2,600 ar an mbliain go hAibreán 2019, tráth a meastar imirce glan amach de -2,100 i measc náisiúnach Éireannacha.

Sa bhliain go hAibreán 2020, tháinig 56,500 náisiúnach coigríche chun maireachtáil in Éirinn agus d’eisimircigh 28,200 náisiúnach coigríche chun cur fúthu thar lear. Ciallaíonn sé sin go raibh imirce glan isteach fós ard i measc náisiúnach coigríche, cé gur tháinig laghdú air go 28,300 in 2020 ón bhfigiúr 35,800 in 2019 (-20.9%). Feictear mar sin gur tháinig méadú ar líon na náisiúnach coigríche ag maireachtáil in Éirinn ó 622,700 in Aibreán 2019 go 644,400 in Aibreán 2020, agus gurbh ionann an dream seo agus 12.9% den daonra iomlán in Aibreán na bliana seo.

Is i réigiún Bhaile Átha Cliath a tháinig an fás is mó ar an daonra i mbliana, le méadú 22,100 duine (+1.6%). Dá bharr sin, meastar go raibh daonra beagnach 1.42 milliún i mBaile Átha cliath in Aibreán, ionann le 28.5% de dhaonra iomlán an Stáit.

Feictear méadú 23,900 (+3.4%) a bheith tagtha ar an daonra 65 bliana d’aois agus os a cionn sa bhliain go hAibreán 2020. Tá méadú 90,200 (+14.3%) tagtha ar an aoisghrúpa seo sa tréimhse ceithre bliana ó 2016. In Aibreán 2020, b’ionann daoine 65 bliana d’aois agus os a cionn agus 14.5% de dhaonra iomlán an Stáit.

Chuir an tUasal Hegarty focal scoir lena chaint faoi thorthaí an lae inniu:

Ba chóir tabhairt faoi ndeara go mbaineann an eisiúint seo leis an 12 mhí go hAibreán 2020. Mar sin, tháinig móramh mór na tréimhse tagartha roimh na paindéime COVID-19 agus is beag an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aici sin ar fhigiúirí an lae inniu. Is dóigh go bhfeicfear an chuid is mó den tionchar atá agus a bheidh á imirt ag COVID-19 sna 12 mhí go hAibreán 2021.

Nótaí d'Eagarthóirí:

Tá tuilleadh eolais agus sonraí modheolaíochtaí le fáil i nótaí cúlra na heisiúna Meastachán Daonra agus Imirce Aibreán 2020.

 

Modh teagmhála:

Tá an t-aonad Déimeagrafaíochta ag cianobair faoi láthair agus iarrtar go ndéanfaí teagmháil ar ríomhphost an oiread agus is féidir.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

James Hegarty (+353) 21 453 5429 nó Brian Ring (+353) 21 453 5204

nó seol ríomhphost chuig demography@cso.ie

-- CRÍOCH --