14 Meán Fómhair 2020
Ar chomhairle na Príomh-Oifige Staidrimh (CSO), tá cinneadh glactha ag an Rialtas inniu Daonáireamh 2021 a chur siar go dtí an 3 Aibreán 2022.
Déanann Pádraig Dalton, Ard-Stiúrthóir na hOifige cur síos ar an gcinneadh: “Togra faoi leith atá sa Daonáireamh chun na daoine i láthair in Éirinn ar oíche an daonáirimh a chomhaireamh. Baintear faisnéis riachtanach uaidh chun críocha pleanála agus déanta beartais. Is den tábhacht é go gcuirtear ar chumas gach uile dhuine in Éirinn a bheith páirt sa Daonáireamh ionas go mbíonn léargas cruinn san fhaisnéis a bhailítear ar an méid atá ag teastáil ó gach dream sa Stát agus gur féidir cinntí a dhéanamh chun leasa iomlán na ndaoine anseo.
Ní d’aon ghnó a ghlacadh an cinneadh chun an Daonáireamh a bhí beartaithe don 18 Aibreán 2021 a chur siar go dtí an 3 Aibreán 2022, agus bunaíodh é ar roinnt chúiseanna éagsúla. An gné is tábhachtaí a tógadh san áireamh agus cinneadh á mheas ná sábháilteacht a chinntiú don phobail i gcoitinne agus d’fhoireann allamuigh na hOifige. Ina theannta sin, tá sé ríthábhachtach daonáireamh a reáchtáil leis an ráta freagartha is airde gur féidir a fháil, lena n-áirítear i measc pobail agus grúpaí mionlaigh an Stáit.
Anuas ar na ceisteanna sin, togra mór millteach lóistíochta atá sa Daonáireamh. Cuireadh as do ghníomhaíochtaí pleanála lárnacha agus cuireadh moill ar chinn eile le míonna anuas de bharr srianta COVID-19.”
Agus na dúshláin seo á thabhairt san áireamh ag an Rialtas, tá beartaithe aige an eagrán is déanaí den Daonáireamh a chur siar ó 2021 go hAibreán 2022 ionas go mbeidh an Phríomh-Oifig Staidrimh in ann an togra a reáchtáil ar bhonn cuimsitheach, uileghabhálach agus sábháilte in 2022 chun sonraí luachmhara agus beachta a chur ar fáil don tír sna blianta amach romhainn.
Ceisteanna Coitianta faoi Dhaonáireamh 2021 a bheith curtha siar
Kathleen Goulding (+353) 1 895 1413
nó seol ríomhphost chuig censuspublicity@cso.ie
-- CRÍOCH --