08 Aibreán 2020
Breathnaigh ar an eisiúint: Feithiclí a ceadúnaíodh den chéad uair Márta 2020 [en]
Tá figiúirí maidir le Ceadúnú Feithiclí i Márta 2020 foilsithe inniu (8 Aibreán 2020) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Tá na figiúirí seo bunaithe ar an gComhad Náisiúnta Feithiclí agus Tiománaithe a chuireann an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt.
In eisiúint an lae inniu, léirítear gur 10,239 gluaisteán nua a ceadúnaíodh den chéad uair i Márta 2020, le hais 14,404 ceann sa tréimhse chéanna anuraidh. Is ionann seo agus laghdú 28.9%. Sa chéad trí mhí de 2020, ceadúnaíodh líon 44,167 gluaisteán nua, sin i gcomparáid le 50,861 don ráithe seo in 2019, ionann le titim 13.2%.
Agus í ag trácht ar shonraí an lae inniu, dúirt Olive Loughnane, Staitisteoir:
“Leis an titim shuntasach ar an líon gluaisteán nua a ceadúnaíodh i Márta 2020, is léir an rian atá fágtha ag ngéarchéim COVID-19, rud a ghéaraigh de réir mar a lean an mí ar aghaidh. Ag cur figiúirí an CSO inniu i gcomparáid le figiúirí ón SIMI a foilsíodh le déanaí, inar léiríodh titim níos doimhne, is cosúil gur tháinig moill mhór ar chlárú gluaisteán i gcomhlachtaí díoltóra le linn mí Márta.”
Léirítear i bhfigiúirí na heisiúna seo inniu ón CSO an iompú leanúnach i dtreo feithiclí leictreacha agus hidbrideacha. I R1 2020, gluaisteán leictreach nó hibrideach a bhí i mbreis is 1 cheann as gach 6 gluaisteán nua ceadúnaithe. Níos lú ná 1 cheann as gach 9 ngluaisteán nua a taifeadadh don tréimhse chéanna anuraidh.
I bhfigiúirí a d’eisigh Cumann Thionscal Mótar na hÉireann (SIMI) le déanaí, feictear laghdú níos suntasaí i leith mí Márta ná figiúirí an CSO, fiú. De réir an SIMI, tháinig laghdú ar chlárú gluaisteán nua ó líon 16,687 i Márta 2019 go 6,174 i Márta 2020 (titim 63%). Dar leo, tháinig laghdú 20.5% don ráithe ar an líon gluaisteán cláraithe, thíos ó 64,125 i R1 2019 go 51,015 i R1 2020.
Tá difear idir na figiúirí míosúla ar cheadúnú feithiclí (ón CSO) agus na figiúirí ar chlárú (ón SIMI) mar gheall ar an achar ama idir feithicil a chlárú (don uimhir pláta) agus í a cheadúnú (don diosca cánach). Is féidir le comhlacht díoltóra feithicil a chlárú sula ndíoltar é agus d’fhéadfadh feithicil a bheith cláraithe i mí amháin agus gan í a cheadúnú go dtí mí éigean eile ina dhiaidh sin. Léirítear i bhfigiúirí mí Márta ón SIMI go bhfuil gearradh siar déanta ag comhlachtaí díoltóra ar ghluaisteán nua a chlárú le linn na míosa.
Clárú feithicle
Déantar feithicil a chlárú nuair a íoctar an cháin cláraithe feithicle atá dlite do na Coimisinéirí Ioncaim. Ina dhiaidh sin, eisíonn na Coimisinéirí Ioncaim uimhir chlárúcháin don fheithicil
Ceadúnú feithicle
Déantar feithicil a cheadúnú nuair a íoctar an mhótarcháin atá dlite di den chéad uair.
Olive Loughnane (+353) 21 453 5281
nó seol ríomhphost chuig transport@cso.ie
-- CRÍOCH --