Ar ais go barr

 Téigh ar aghaidh

28 Feabhra 2020

Ainmneacha Leanaí na hÉireann 2019

Emily agus Jack na hainmneacha is mó tóir a cláraíodh in 2019
  • Leathchéad bliain roimhe sin, in 1969, Mary agus John ab iad na hainmneacha ba choitianta
  • Fiadh agus Hannah tar éis dul chun tosaigh in 2019 agus iad i measc an 5 ainm cailín is mó tóir agus fanann Noah sochar sa 5 ainm buachalla is coitianta

Breathnaigh ar an eisiúint: Ainmneacha Leanaí na hÉireann 2019 [en]

Tá staitisticí eisithe inniu (27 Feabhra 2020) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh maidir le hAinmneacha Leanaí na hÉireann 2019. I dtaobh thuarascáil an lae inniu, dúirt Carol Anne Hennessy, Staitisteoir, “Don dara bhliain as a chéile, déantar comhaireamh ar ainmneacha le sínte fada nó diacriticí eile a cláraíodh do leanaí sa bhliain 2019.” [féach Nóta d’Eagarthóirí]

Agus í ag tagairt do na treochtaí in ainmniú leanaí in Éirinn, dúirt sí: “Tá Emily ar an ainm is coitianta arís in 2019, le Grace, Fiadh, Sophie, agus Hannah sna sála uirthi mar na ainmroghanna is minice do chailíní nuabheirthe. Is é Jack atá i mbarr réime mar ainm do bhuachaillí in 2019 agus ó 2007 i leith níor fuarthas an lámh in uachtar air ach uair amháin, nuair a bhain James an chéad áit amach in 2016. In éineacht le Jack ar an cúig ainm is mó tóir in 2019, tá James, Noah, Conor agus Daniel.

Is díol suntais é nach raibh aon cheann den 5 ainm cailín is mó tóir i mbliana ar liosta an 100 ainm ba choitianta leathchéad bliain roimhe sin. Siar sa bhliain 1969, ba mhinice cailíní a chlárú leis na hainmneacha Mary, Catherine, Margaret, Ann agus Elizabeth. Tugadh Mary ar 2,182 cailín an bhliain sin. Tá 452 cailín leis an ainm is coitianta, Emily, in 2019 – sin 20.7% den líon cailíní a tugadh Mary orthu in 1969.

In 1969, b’iad na hainmneacha aitheanta John, Patrick, Michael, James agus Thomas a roghnaíodh ba mhinice do bhuachaillí nuabheirthe. Tugadh John ar 209 buachaill in 2019, beagán le cois 7% den líon buachaillí leis an ainm céanna caoga bliain roimhe in 1969.

Is léir ó na táblaí go dtugtar réimse níos leithne ainmneacha do chailíní ná do bhuachaillí, le 4,814 ainm aonair roghnaithe do cháilíní le hais 3,725 ceann do bhuachaillí in 2019.

Bhí péire ainm luaite as an nua sa chéad 100 ainm do chailíní, sin iad Doireann agus Méabh, in 2019. Chonacthas ardú mór bliantúil ar na hainmneacha Alexandra, Heidi, agus Hollie; chuaigh Alexandra 25 háit chun tosaigh agus léim Heidi agus Hollie 20 áit idir 2018 agus 2019.

Tá na hainmneacha Odhrán, Eli, Ruairí agus Joey tagtha isteach sa chéad 100 ainm buachalla in 2019. Feictear an t-ardú bliantúil is mó do na hainmneacha Odhrán, 41 áit agus Odhran gan an síneadh fada, 39 áit. Bhí borradh faoi na hainmneacha Eli, Kayden agus Ruairí leis.

Ó thaobh ainmneacha níos annaimhe de, Féile, Jorja, Kyrah agus Constance atá roghnaithe do líon beag cailíní in 2019. Dos na buachaillí, tá Teidí, Saul, Dexter agus Ruán ar na hainmneacha is neamhchoitianta don bhliain."

Tá miondealú contae de na hainmneacha do chailíní agus do bhuachaillí ar fáil ag an nasc thíos.

Ainmneacha is mó tóir de réir contae 2019

Nótaí d'Eagarthóirí:

Chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) tús le hanailís ar shonraí túsainmneacha leanaí leis an mbliain tagartha 1998 agus faigheann sí na sonraí seo ón bPríomh-Oifig Chlárúcháin (GRO). Ag tús an phróisis seo, b’éigean ainmneacha a iontráil de lámh ar an mbunachar sonraí ó thaifid páipéir.  Ba mhór an obair a bhí ag baint leis seo agus cinneadh in 1998 ainmneacha a iontráil gan sínte fada nó diaicriticí eile.

Nuair a athraíodh an modh taifeadta agus go raibh na sonraí ar fáil i bhfoirm dhigiteach, cinneadh leanúint ar aghaidh le próiseáil na sonraí ar an gcaoi chéanna, óir go dtiocfadh briseadh ar an sraith sonraí dá ndéanfaí athrú.

I ndiaidh don feidhmchlár ‘Baby Names of Ireland’ a bheith seolta ag an CSO sa bhliain 2017, fuarthas aiseolas ó úsáideoirí nach raibh a n-ainmneacha cearta luaite sna sonraí agus gur chóir aitheantas a thabhairt dóibh i gceart. Phléigh an CSO an cheist leis an GRO agus rinneadh tástáil rathúil ar thraschur sonraí i lár na bliana 2018.

Bhí foilsiú shonraí ar ainmneacha leanaí 2018 ar an gcéad bhliain i sraith sonraí nua, óir go ndéantar idirdhealú ar thúsainmneacha le sínte fada nó diaicriticí eile agus orthu nach bhfuil diaicriticí iontu. Faraor, ní bheifear in ann leasú ar an gcaoi chéanna a dhéanamh ar shonraí do bhlianta eile roimhe seo.

Tá nuashonrú déanta ar fheidhmchlár na hainmneacha leanaí chun aird mar is ceart a thabhairt d’ainmneacha arna clárú ó 2018 i leith le sínte fada nó diaicriticí eile.

I gcomhair tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

Carol Anne Hennessey (+353) 21 453 5307 nó Marie Crowley (+353) 21 453 5016

nó seol ríomhphost chuig vitalstats@cso.ie

-- CRÍOCH --