19 Samhain 2019
Breathnaigh ar an eisiúint: Suirbhé ar an Lucht Saothair, Ráithe 3 2019 [EN]
Tá torthaí an tSuirbhé ar an Lucht Saothair (SLS) maidir le Ráithe 3 2019 eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu (19 Samhain 2019).
Agus é ag caint faoi eisiúint an lae inniu, dúirt Jim Dalton, Staitisteoir: “Is é an SLS an foinse oifigiúil sonraí maidir le fostaíocht agus dífhostaíocht in Éirinn. Taispeántar sna príomhthorthaí go raibh 2,326,900 duine fostaithe san iomlán in R3 2019. Méadú 2.4% nó 53,700 fostaí é seo i gcomparáid leis an ráithe chéanna in 2018. Nuair a choigeartaítear an méid seo de réir tosca séasúracha, tháinig méadú 0.8% nó 17,300 fostaí ar fhostaíocht i gcomparáid le R2 2019.
Bhí 128,000 duine dífhostaithe in R3 2019 agus ba laghdú bliantúil 11.0% nó 15,800 é seo i gcomparáid le R3 2018. Nuair a choigeartaítear na figiúirí de réir séasúir, tháinig laghdú ar an ráta dífhostaíochta ó 5.2% go 4.9% le linn na ráithe agus laghdú 4,900 ar an líon daoine dífhostaithe, coigeartaithe de réir séasúir, síos go 120,000.
Ba ionann dífhostaíocht fhadtéarmach, tomhas ar dhaoine sa lucht saothair atá dífhostaithe ar feadh bliana nó níos mó, agus 27.3% den líon iomlán daoine a bhí dífhostaithe in R3 2019.
Is é 2,454,900 an líon iomlán daoine sa lucht saothair faoin am seo. Ardú 1.6% nó 37,900 an méid sin ó R3 2018. Is e 1,470,700 an líon daoine nach bhfuil sa lucht saothair. Ardú 1.9% nó 27,500 é an fhigiúr seo i gcomparáid leis an am céanna an bhliain roimhe.”
Jim Dalton (+353) 21 453 5623 nó Martina O'Callaghan (+353) 21 453 5491
nó seol ríomhphost chuig labour@cso.ie
-- CRÍOCH --