26 Feabhra 2019
Breathnaigh ar an eisiúint: Spriocanna Forbartha Réigiúnacha na hÉireann 2017 [EN]
Tá ‘Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Réigiúnacha na hÉireann 2017’ foilsithe inniu (26 Feabhra 2019) ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO). Tá 70 táscaire san fhoilseachán seo maidir leis an saol i réigiúin na hÉireann. Tá athord curtha ar fhoilseachán na bliana 2017 (an tríú eagrán sa tsraith) ionas go luíonn sé leis an 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SFIanna), cnuasach de chuspóirí forbartha domhanda a ghlac ballstáit na Náisiún Aontaithe (NA) mí Mheán Fómhair 2015.
Ag caint ar fhoilseachán an lae inniu, dúirt Helen Cahill, Staitisteoir: “Bhí pointí pionóis ag beagán le cois duine as gach seisear tiománaí (17.7%) i mí Nollag 2017. Is i Loch Garman (21.5%), Gaillimh (20.5%) agus Cill Dara (20.4%) a bhí na sciartha ab airde de thiománaithe le pointí pionóis. Chonacthas na rátaí ba lú i nDún na nGall, ar 12.9%, sa Lú ar 13.6% agus i Liatroim ar 14.3%.
Ar bhonn náisiúnta, bhí rochtain idirlín leathanbhanda ag seacht gcinn as gach deich líon tí príobháideacha (70.7%) sa bhliain 2016. Is i Liatroim a bhí an ráta rochtana ba lú, sin 58%. Ag barr an scála, bhí teacht ar idirlíon leathanbhanda ag 86% de líonta tí i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin.
In 2016, sheas ráta torthúlachta na hÉireann ag 1.81, faoi bhun an leibhéal malartaithe de 2.1 cé go raibh éagsúlacht sa ráta timpeall an stáit. Ar na contaetha ba thorthúla bhí an Longfort ar 2.25, mar aon leis an gCabhán agus Contae Phort Láirge ar 2.21 faoi seach. Is sna cathracha a bhí an ceithre ráta torthúlachta ba lú le feiceáil, sin iad: Cathair Bhaile Átha Cliath, ar 1.46; Cathair Chorcaí, ar 1.50; Cathair na Gaillimhe, ar 1.60; agus Cathair Phort Láirge, ar 1.61.
Níor bhain ach 5% de líonta tí na hÉireann úsáid as móin (brícíní san áireamh) sa bhliain 2016. É sin ráite, baineadh leas forleathan as in Uíbh Fhailí, le sciar 37.9% de líonta tí, agus i Ros Comáin, le sciar 26.6%.
Ba mhó seans go bhfágfadh comaitéirí ó réigiúin an Lár-Oirthir, Lár Tíre agus Bhaile Átha Cliath an baile faoina 7.30 r.n. chun dul chun na hoibre. Thosaigh beagnach 39% d’oibrithe sa Lár-Oirthir agus thart ar 32% díobh siúd i Lár Tíre agus i mBaile Átha Cliath a dturais chun na hoibre faoi 7.30 r.n., i gcomparáid le díreach 25.8% de chomaitéirí i réigiún na Teorann.”
Helen Cahill (+353) 1 498 4253 nó Niamh Wallis (+353) 1 498 4289
nó seol ríomhphost chuig sdg@cso.ie
-- CRÍOCH --